Cuótaí Éisc
Caillfear postanna i dtionscal iascaireachta na contae, má laghdaítear na cuótaí murlas, a dúirt Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann.
Dúirt sé gur foilsíodh moltaí inné go ndéanfaí 70% de laghdú ar chuótaí murlas agus laghdú 41% ar an fhaoitín gorm ar an bhliain seo chugainn.
Dúirt sé go mbeidh tionscal na hiascaireachta i mbaol sna Cealla Beaga má tharlaíonn seo.
Thug Aodh Ó Domhnaill le fios go mbeidh cruinniú práinneach ag an Chumann leis an Aire Mara leis na moltaí a phlé agus go mbeidh brú á chur acu fosta ar an Aontas Eorpach gan na moltaí a chur i bhfeidhm.
Is fiú €94 milliún an tionscal murlais faoi láthair ach má chuirtear ciorrú 70% i bhfeidhm, dúirt sé gur caillteanas €66 milliún a bheadh i gceist.
Earnáil na hiascaireachta
Caithfidh Rialtas na hÉireann brú a chur ar na húdaráis san Eoraip le cinntiú go mbeidh tionscal na hiascaireachta slán sa tír seo, a dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir.
Dúirt sé go bhfuil na ciorruithe atá molta ar chuótaí murlas agus faoitín gorm scannalach agus go mbeidh níos mó ná 2,200 post caillte má chuirtear i bhfeidhm iad.
Dúirt sé go mbeidh iascairí agus pobal an chósta buailte go holc, pobal atá ag brath go traidisiúnta ar an iascaireacht.
Snáth Dhún na nGall
Tá pacáiste infheistíochta €158,495 bronnta ag Údarás na Gaeltachta ar Shnáth Dún na nGall Teo i gCill Chartha.
Tá Snáth Dhún na nGall lonnaithe i gCill Chartha ó 2006 agus is é an comhlacht is mó é a tháirgíonn snáth olla sníofa in Éirinn.
Dúirt Chris Weingier, Bainisteoir Ginearálta Shnáth Dún na nGall go gcuirfidh an infheistíocht ar a gcumas a gcuid oibre a fheabhsú agus a bheith níos éifeachtaí agus cinnteoidh sé sin go mbeidh siad ar cheann de na comhlachtaí is fearr i dtionscal na teicstíle in Éirinn.
Uisce
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall chun teagmháil a dhéanamh arís le hUisce Éireann maidir leis na deacrachtaí leanúnacha atá ag ceantracha sa chontae leis an chóras uisce.
Dúirt an Comhairleoir Contae Jack Murray nach bhfuil mórán áiteacha sa chontae nach raibh nó nach mbíonn deacrachtaí leis an tsoláthar agus ní hamháin go gcuireann na deacrachtaí isteach ar thithe ach bíonn gnólachtaí agus scoileanna buailte go minic fosta a dúirt sé.
Dúirt sé go gcruthaíonn na deacrachtaí seo go leor frustrachais agus go bhfuil sé tábhachtach níos mo ball foirne a earcú sa tseirbhís uisce agus coinníollacha níos fearr a chur ar fáil do na baill chomh maith le infheistíocht bhreise san infrastruchtúr uisce.