Ospidéal Ollscoile Chorcaí

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iardheisceart ag moladh don bpobal Aonad Timpistí agus Éigeandála Ospidéal Ollscoile Chorcaí a sheachaint más féidir in aon chor é, mar go bhfuil an áit ana-ghnóthach ar fad.

I ráiteas atá eisithe aici deir Príomhfheidhmeannach an Ospidéil Jennifer Kearney go bhfuil an t-ionad ana-bhrúidiúil, agus gur chóir do dhaoine a dheimhniú gurb é an t-aonad timpistí agus éigeandála an áit is fearr dóibh.

Tá mórán áiteanna eile a d'fhéadfadh cóir leighis a chur ar dhuine, ar nós SouthDoc, Dochtúirí Teaghlaigh, Poitigéirí agus aonaid do ghortaithe, seachas dul fé dhéin an ospidéil, a deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Briotánaigh

Tháinig grúpa feirmeoirí ón mBriotáin, agus an tAire Stáit Michael Healy-Rae in éineacht leo, ar cuairt go dtí Baile an Lochaigh i bParóiste Mórdhach le déanaí, le bualadh le feirmeoirí i gCorca Dhuibhne.

Deir an Feirmeoir John Joe Mac Gearailt gur pléadh nithe éagsúla leis na feirmeoirí a tháinig ar chuairt staidéi, lena n-áirítear an easpa tacaíochtaí do mheabhairshláinte na bhfeirmeoirí, tacaíochtaí do mhná a bhíonn ag feirmeoireacht, agus an Comhbheartas Talmhaíochta.

Iascairí

Deir Teachta Dála na Rinne Conor D. McGuinness go bhfuil cuótaí le dealramh á gceilt ar iascairí cois cósta agus gur mithid don Rialtas tacaíochtaí le dealramh a thabhairt dóibh.

Ag labhairt dó tar éis cruinniú de Chomhchoiste Iascaigh an Oireachtas, deir an Teachta McGuinness gur báid bheaga cois cósta 95% d’fhlít iascaigh na hÉireann, agus go bhfuil pobail bheaga ag brath ar an earnáil.

Ní fhaigheann siad cothrom na féinne nuair a bhíonn cuótaí á ndáileadh, a deir sé, agus caithfear san a chur ina cheart.

Intleacht Shaorga

Beidh ceardlanna speisialta á gcur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht le Creative Enterprise West, le clár nua eolais ar an Intleacht Shaorga a chur ar fáil do lucht gnó sna Ceantair Ghaeltachta.

Beidh ceardlann ar siúl i gTeic an Daingin ar an 14 Deireadh Fomhair agus is féidir breis eolais a fháilt agus clárú ar an suíomh crewdigital.ie