An Craoslach

Tá sé curtha in iúl ag Preasoifig na nGardaí go bhfuil comhad curtha faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí anois maidir lena bhfiosrúchán faoi thragóid an Chraoslaigh.

Deirtear i ráiteas go bhfuil Gardaí áitiúla ag leanstan leis an fhiosrúchán i gcomhar le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochana, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus an Coimisiún um Rialáil Fóntais.

Mar pháirt den fhiosrúchán, deir Gardaí gur cruthaíodh níos mó ná 1,500 ráiteas, cuireadh 1,000 tuairisc le chéile agus gabhadh seachtar – seisear fear agus bean amháin go dtí seo.

Tá oifigigh Idirchaidrimh teaghlaigh go fóill ag cur tacaíocht ar fáil do na teaghlaigh agus reáchtáiltear cruinnithe eolais idirchaidrimh teaghlaigh go rialta, an ceann is deireanaí tráthnóna inné, a dúradh.

Deir Gardaí go bhfuil siad ag smaoineamh ar na daoine a maraíodh sa phléasc, a dteaghlaigh agus ar phobal an Chraoslaigh agus é ag druidim le trí bliana ó tharla an tragóid.

Maraíodh deichniúr sa phléasc a tharla i Siopa Applegreen ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Tá na Gardaí ag fóill ag achainí ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin phléasc, go háirithe duine ar bith a bhí ag láthair na tragóide agus nach bhfuil teagmháil déanta acu le Gardaí go dtí seo, teagmháil a dhéanamh le stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach ag an uimhir 074 9153060, uimhir rúnda na nGardaí ag an uimhir 1800 666 111 nó aon stáisiún Gardaí ar bith.

Teaghlaigh

Ba cheart don Chomhairle Contae éisteacht le teaghlaigh na ndaoine a chaill baill teaghlaigh i dtragóid an Chraoslaigh, a dúirt an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.

Dúirt sé go gcaithfear cruinniú a eagrú leis na teaghlaigh agus eolas a fháil ar a gcuid mianta maidir leis an suíomh ag ar tharla an tragóid.

Tá sé ráite ag na teaghlaigh gur mhaith leo an suíomh a fhorbairt mar áit chuimhneacháin.

Chuir an Comhairleor Mac Aoidh fáilte roimh an eolas a tugadh ag cruinniú den Chomhairle inné, sé sin go ndéanfar Oifigeach Idirchaidrimh a cheapadh leis na teaghlaigh a choinneáil ar an eolas faoi na pleananna atá beartaithe ar an Chraoslach.

Tithe

€384,000 an meánluach a bhí ar theach cónaithe ceithre sheomra leapa i nDún na nGall sa tríú ráithe den bhliain seo, de réir na tuarascála is deireanaí ó Daft.ie a foilsíodh maidin inniu.

Sin ardú 8.8% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

Go náisiúnta ba €421,000 an meánluach a bhí ar theach leathscoite trí sheomra leapa sa tríú ráithe den bhliain, de réir na bhfigiúirí.

Tithíocht

Tugadh cead 172 teach a thógáil i mBaile Mhic Comhaill i Leitir Ceanainn ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall inné.

Ag fáiltiú roimh an chinneadh, dúirt an Comhairleor Donal Mandy Kelly go raibh go leor ceisteanna agus imní maidir leis an fhorbairt, go háirithe ó thaobh uisce agus tráchta de, ach go raibh sé dóchasach go bhfuil réiteach ar na fadhbanna uilig anois agus go gcuirfear tús go luath leis an fhorbairt.

Tá 1,300 duine ar an liosta feithimh tithíochta i Leitir Ceanainn/Bhaile na nGallóglach.

Dúirt sé gur seo an conradh tithíochta is mó riamh ag an Chomhairle Contae.

Liam Mac an Bhaird

D'fhreastail Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar a chruinniú deireanach de chruinniú iomlán de Chomhairle Contae Dhún na nGall inné.

Chaith Liam Mac an Bhaird 42 bliain sa Chomhairle Contae agus dúirt sé gur bhain sé sult as a thréimhse in ainneoin go raibh go leor deacrachtaí ag an Chomhairle anuas fríd na blianta.

Dúirt sé gur ábhar bróid dó a thréimhse sa Chomhairle ach go bhfaca sé go leor athruithe sa Chomhairle le 42 bliain.

Beidh Liam Mac an Bhaird i láthair ag cruinniú de Choiste Gaeilge na Comhairle Contae Déardaoin agus ag éirí as a chuid dualgas Dé hAoine.

CLG

Tá fíneálacha €7,500 gearrtha ag Lár-Choiste Éisteachta Chumann Lúthchleas Gael ar Bhoird Chontae Dhún na nGall agus Ard Mhacha mar gheall ar achrann a tharla idir imreoirí díreach i ndiaidh Chluiche Ceannais Peile Uladh na bliana seo.

Bhí éisteacht an Lár-Choiste Éisteachta ar siúl Dé hAoine is chuaigh thart.

Tá trí lá ag na Contaetha anois le hachomharc a dhéanamh in éadan chinneadh an Lár-Choiste.