Spreagadh
Dúirt an t-iarrthóir neamhspleách i dtoghchán na hUachtaránachta, Catherine Connolly, gur spreag an t-iar chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí í le cur lena cuid Gaeilge agus go dtug sé misneach dí agus í ag foghlaim na teanga.
Dúirt sí é sin agus í ag freastal ar oscailt oifigiúil na féile Dorn San Aer i gcuimhne ar Rónán Mac Aodha Bhuí, i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine.
Dar léi níl go leor á dhéanamh ag Rialtas na hÉireann chun tacú leis an Phalaistín, agus ba cheart bille na gcríocha gafa a chur i bhfeidhm gan aon mhoill.
Dúirt Catherine Connolly gurb í ceist na Palaistíne is mó atá ag cur isteach ar phobal na tíre seo faoi láthair.
Lena chois sin tá go leor míshuaimhnis faoi chúrsaí tithíochta, sláinte agus bonneagair, a dúirt sí.
Bád Tarrthála Loch Súilí
Thug Bád Tarrthála Loch Súilí tarrtháil ar dhuine a bhí i dtrioblóid san fharraige ag Trá na mBan i mBun Cranncha inné.
Chuir ball den phobal fios ar na seirbhísí éigeandála i dtrátha 2:30 inné agus d'éirigh le foireann an bháid tarrthála an té a bhí i dtrioblóid a thabhairt i dtír go slán sábhailte.
Ba seo an dara iarraidh inne ar cuireadh fios ar Bhád Tarrthála Loch Súilí.
B’éigean tarrtháil a thabhairt ar bheirt a bhí ar bord bád beag ó thuaidh de Chionn an Dúin Riabhaigh i dtrátha 1:30 inné freisin nuair a theip ar inneall an bháid.
Thug an Bád Tarrthála an bád ar téad go Céibh Ráth Maoláin.
Riachtanais Speisialta Oideachais
Thug Eunan Gallagher, Príomhoide Scoil Cholmcille ar an Cheathrú Chaol le fios go mbeidh Eagraí Riachtanais Speisialta Oideachais ag tabhairt cuairt ar an scoil ar an tseachtain seo chugainn le riachtanais na scoile a mheas.
Ní féidir le páiste óg a bhfuil riachtanais bhreise acu atá sna naíonáin bheaga freastal ar an scoil i láthar na huaire mar nach bhfuil Cúntóir Riachtanas Speisialta á cheadú don scoil.
Dúirt Deirdre Nic Suibhne, múinteoir ranga sa scoil go bhfuil súil acu go gceadófar an Cúntóir Riachtanas Speisialta le go mbeidh an páiste ábalta freastal ar an scoil.
Tá 55 dalta ag freastal ar scoil Cholmcille ar an Cheathrú Chaol ina bhfuil ceathrar múinteoirí ranga agus beirt chúntóirí ranga.
Tithe
Tá an líon is airde tithe riamh á dtógáil sa chontae faoi láthair, a thug Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae John Mc Laughlin le fios ag cruinniú speisialta den Chomhairle ar na mallaibh.
Dúirt sé go bhfuil 1,805 aonad tithíochta a dtógáil faoi láthair agus go bhfuil cuid mhór deiseanna fostaíochta a gcruthú san earnáil tógála dá bharr .
Dúirt John Mc Laughlin go bhfuil na milliún euro sa gheilleagair faoi láthair mar gheall ar an méid tithe atá á dtógáil sa chontae agus go rachaidh seo go mór chun sochar d’eacnamaíocht an chontae.
Togra Taistil
Cuirfidh an comhlacht ACS Civils Ltd tús inniu le Togra Taistil Ghníomhaigh Chill Mhic Réanáin ar an R229 i Leitir Ceanainn.
Beidh an obair ar siúl idir Timpeallán na hOtharlainne agus Timpeallán Chnoc na Móna i Leitir Ceanainn.
Cuirfear áiseanna ar fail do choisithe agus rothaithe idir an dá Thimpeallán sin.
Meastar go mbeidh an obair críochnaithe i Meán Fómhair na bliana seo chugainn.
Beidh córas bainistithe tráchta i bhfeidhm ón 7 a chlog ar maidin go dtí’n 7 tráthnóna achan lá le linn na h-oibre