Cuardach
Tá mórchuardach ar bun amach ó chósta an Mhullaigh Mhóir i Sligeach go Bá Dhún na nGall d'iascaire atá ar iarraidh.
Rinne ball den phobal teagmháil le hIonad Comhordaithe Chionn Mhálanna tráthnóna inné nuair a tháinig siad ar bhád gan aon duine uirthi agus an t-inneall ar siúl go fóill ag dul ar thalamh dhá mhuir mhíle ó dheas de Cheann an Mhullaigh Mhór.
Creidtear gur thit an t-iascaire thar bord.
Tá héileacaptar 118 an Gharda Cósta as Sligeach páirteach sa chuardach chomh maith le Garda Cósta na gCealla Beaga, báid tarrthála as Bun Dobhráin, Árainn Mhór, Sligeach agus an Bhaile Glas agus báid iascaireachta áitiúla.
Scoil
Tá 5 dhalta bhreise cláraithe le Scoil an Aingil Choiméadaí ar an Chéideadh rud a fhágann go bhfuil post don dara múinteoir sa scoil sábháilte.
Bhí sparánachtaí €3,000 á dtairiscint ag Bord Bainistíochta na scoile do theaghlaigh lena bpáiste a chlárú ar an scoil agus dea-scéal a dúirt Anne Marie Uí Icí, Príomhoide na Scoile, go bhfuil 5 pháiste ón Úcráin cláraithe leo, rud a chiallaíonn go bhfuil post an dara múinteoir sábháilte.
Fágann sin anois go mbeidh 14 dalta ar rolla na scoile.
Dúirt Anne Marie Uí Icí gur faoiseamh mór daofa gur éirigh leo na dalta breise a mhealladh.
Cuairt
Bhéarfaidh an t-iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta, Catherine Connolly, cuairt ar Dhún na nGall inniu mar chuid dá feachtas.
Beidh sí i mBaile Dhún na nGall ar a 11 a chlog, sna Cealla Beaga ar a 1 a chlog, in Ard an Rátha ag 2.30, ar an Chlochán Liath ar a 4 a chlog agus i nGaoth Dobhair ina dhiaidh sin.
Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Rinne an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh cáineadh ar na treoirlínte úra do chúntóirí riachtanas speisialta sa Dáil inné agus dúirt sé go bhfuil siad dírithe faoi rud amháin – sé sin líon na gcúntóirí riachtanas speisialta a laghdú.
Thug sé le fios go raibh ar ghirseach 5 bliana d’aois as Dún na nGall, a scoil a fhágáil mar nach raibh cúntóir riachtanas speisialta ar fáil di.
Tá sise i measc go leor páistí atá tréigthe ag an Rialtas, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.
Dúirt sé go mbíonn ar thuismitheoirí agus ar bhainistíocht scoileanna troid i gcoinne maorlathais achan bhliain le cinntiú go bhfaighidh páistí a bhfuil riachtanais bhreise acu an méid atá a dhíth orthu.
Dorn san Aer
Cuirfear tús leis an Fhéile Dorn san Aer, i nGaoth Dobhair inniu, in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, iar-chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta a fuair bás dhá bhliain ó shin.
Is í Ambasadóir na Palaistíne, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil in Amharclann Ghaoth Dobhair tráthnóna inniu ag 7.30 agus dhéanfar plé ina dhiaidh sin ar cheist na Palaistíne.
Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl le linn na féile idir imeachtaí ceoil, cainte agus teaghlaigh agus beidh go leor bannaí ceoil páirteach.