Éisc
Tá an grúpa idirghníomhaireachta a bunaíodh chun an chúis gur maraíodh éisc in Abhainn Mhór na Mumhan a fhiosrú tar éis a chuid oibre a chur i gcrích, ach níor aimsíodh aon chúis shoiléir leis an eachtra.
Meastar gur maraíodh suas le 32 ,000 bradán agus breac thar stráice 37 ciliméadar den abhainn i mí Lúnasa, an scrios is mó riamh sa tír.
Tugtar le fios i dtuarascáil an fhiosraithe ná fuarthas aon fhianaise ar thruailliú ó fhoinse shonrach ná ar aon ghalar ná ceimiceán a d'fhéadfadh a bheith ina chúis leis.
Meastar gur tháinig truailleán isteach san abhainn timpeall ar an 5 Lúnasa, agus gur thosaigh na héisc ag éag 72 uair a chloig ina dhiaidh sin.
Scaipeadh an truailleán go tapaidh san uisce, mar sin níor braitheadh é sna samplaí uisce ná i gcorp na n-iasc a scrúdaíodh.
Dúirt an tAire Stáit Timmy Dooley go raibh tionchar tromchúiseach ag an scrios ar an stoc éisc áitiúil agus ar phobail tuaithe, ach gur léir ón tuarascáil gur eachtra ghearrthréimhseach a bhí ann agus nach bhfuil aon fhianaise ar riosca leanúnach don timpeallacht.
Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
Ag eascairt as tuarascáil an fhiosrúcháin fé mharú na n-iasc tá rabhadh tugtha ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil baol ann go gcaillfidh Comharchumann Uachtarlainne Thuaisceart Chorcaí a cheadúnas oibriúcháin mura réitítear ceisteanna dáiríre maidir leis an bhfuíolluisce atá ag sceitheadh isteach in Abhainn Ealla ón uachtarlann i gCeann Toirc.
Tugtar le fios sa tuarascáil, gurb é tuairim na gníomhaireachta ná raibh baint ná páirt ag an uachtarlann le marú na n-iasc, ach mar sin, tá teipthe ar an uachtarlann le stáir, cloí le coinníollacha an cheadúnais maidir le sceitheadh fuíolluisce.
Ciontaíodh agus fíneáladh an comhlacht ar chúiseanna a bhain le sárú an cheadúnais truaillithe i mí Aibreáin na bliana so.
Deir an ghníomhaireacht go bhfuil easpa bainistíochta, rialaithe agus saineolais oibríochta ag baint le sceitheadh fuíolluisce ag an uachtarlann.
Deir an ghníomhaireacht go bhfuilid ag leanúint le monatóireacht ar an monarcha agus go bhfuil gach rogha á meas acu, lena n-áirítear cúiseamh tríd an gCúirt Dúiche nó ar ionchúiseamh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Ceiliúradh an Bhlascaoid
Cuirfear tús tráthnóna le Ceiliúradh an Bhlascaoid na bliana seo, fén dtéama "cruthaitheacht na muintire ó inné go dtí inniu."
Beidh sraith imeachtaí ar bun ó thráthnóna go Domhnach, agus is é Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2025 an tIar-Aire Éamon Ó Cuív a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar a 7.30pm tráthnóna.
Beidh idir cheolchoirmeacha, léirithe scannán, seisiúin scéalaíochta, agus seoltaí leabhar ar bun in Ionad an Bhlascaoid i rith an deireadh seachtaine.
Tá iarratas ar chead pleanála déanta le Comhairle Contae Chiarraí chun ionad glampála a thógaint laistíos den gcnoc.
Tá David agus Anna O’Connor ar lorg cead chun sé bhotháinín glampála agus na hoibreacha a gheibheann lena leithéid, a thógaint ar a gcuid talún i Lios na Caolbhuí i mBréanainn.
Tá fás ar líon na n-iarratas d’ionaid ghlampála atá á ndéanamh i gceantair Ghaeltachta an Deiscirt le blianta beaga anuas, agus mórán éilimh ar an sórt úd lóistín.
Gaza
Deir Jack O’Donovan Trá, duine don bhfoireann dheonach atá ag tacú le cúrsaí cumarsáide an Sumud Flotilla, go bhfuilid i dteangmháil leis na hÉireannaigh atá ar bord na mbád sa chabhlach fóirithinte atá ag déanamh ar chalafort Gaza.
In agallamh d’adhmhaidin inniu deir sé go bhfuil sé dóchasach go mbainfidh siad Gaza amach, in ainneoin na n-ionsaithe.
Seachbhóthar
Tá an Clr Gobnait Ní Mhuimhneacháin ó Ghort na Scairte ag éileamh ar an gComhairle Contae, go bhfiosrófaí na féidearthachtaí atá ann, síneadh a chur le seachbhóthar Bhaile Bhuirne is Mhaigh Chromtha soir i dtreo na cathrach.
Deir sí go bhfuil mórán crosairí ar an N22 fé mar atá, idir Maigh Chromtha agus Baile an Chollaigh, agus gach crosaire acu níos dainséaraí ná a chéile.
Tá an Clr Ní Mhuimhneacháin ag éileamh a leithéid i rún atá aici ar chlár chruinniú míosúil an cheantair inniu.