Tarrtháil

Tugadh tarrtháil ar cheathrar iascairí amach ó Chósta Mhachaire Rabhartaigh aréir nuair a bhuail an bád ina raibh siad carraigeacha.

Cuireadh fios ar Gharda Cósta an Bhuna Bhig i dtrátha 12:30 aréir agus tugadh na fir i dtír slán sábháilte.

Cuireadh ingearán tarrthála 118 agus Bád Tarrthála Árainn Mhór ar an eolas le tacaíocht a thabhairt, dá mbeadh gá.

Níor bhain aon ghortú do na fir agus tá iarrachtaí ar bun anois leis an bhád a thabhairt i dtír maidin inniu.

Ionaid tráchtála fholmha

Ba i mBaile Bhealach Féich a bhí an ráta a ba airde d'ionaid tráchtála fholmha sa tír ag deireadh mí an Mheithimh i mbliana, de réir na tuarascála is deireanaí ó GeoDirectory a foilsíodh inniu.

33.7% d’ionaid tráchtála a bhí folamh i mBealach Féich sa tréimhse sin, i gcomparáid leis an mheánráta náisiúnta 14.6%.

Ba i mBun Cranncha a bhí an ráta a ba ísle d’ionaid tráchtála fholmha i nDún na nGall sa tréimhse sin, ráta 13.8%.

Líonra Leitir Ceanainn

Tá an baol ann go mbeidh deacrachtaí móra airgid ag Líonra Leitir Ceanainn arís ar an bhliain seo chugainn, a dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Ceanainn agus tá tacaíocht á lorg acu ón Rialtas go práinneach.

Ós rud é gur dearnadh ciorrú ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge anuraidh, dúirt sí go bhfuil eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun tosaigh ag streachailt go mór.

Chuir Bairbre Uí Chathail fáilte roimh an tacaíocht a cuireadh ar fáil daofa go gearrthéarmach níos luaithe i mbliana, ach dúirt sí gur tacaíocht fhadtéarmach atá a dhíth ionas gur féidir leo ullmhú agus plean oibre a leagan amach.

Tiomáint faoi thionchar an óil

Tá ardú suntasach le bliain ar eachtraí inár beireadh ar dhaoine i nDún na nGall ag tiomáint faoi thionchar an óil, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Phríomh-Oifig Staidrimh.

Bheir Gardaí i Rannóg na nGardaí i nDún na nGall ar 131 tiománaí ag tiomáint faoi thionchar an óil sa chéad sé mhí den bhliain seo i gcomparáid le 62 tiománaí sa tréimhse chéanna anuraidh, ardú 111%.

In ainneoin ardú a bheith ar líon na gcoireanna maidir le tiomáint faoi thionchar an óil sa tréimhse sin, ní raibh aon eachtraí inár beireadh ar dhaoine as a bheith ag tiomáint faoi thionchar drugaí.

Tá ardú 20% ar líon na gcásanna bainteach le hionsaithe, ciapadh agus iompar bagartha i nDún na nGall sa chéad sé mhí den bhliain, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

Ionad Pobail Jim Lynch

Dhéanfaidh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary Ionad Pobail Jim Lynch i Leitir Ceanainn a oscailt go hoifigiúil inniu.

€1.4m a chosain an tIonad.

Bhí Jim Lynch ina Chomhairleoir Baile i Leitir Ceanainn agus baint dhíreach aige leis an Ionad Pobail.

Fuair sé bás sa bhliain 2022.

Tá athchóiriú iomlán déanta ar an fhoirgneamh atá ar Bhóthar an Phiarsaigh i Leitir Ceanainn chomh maith le síneadh a bheith curtha leis.

Beidh an oscailt ann ar 6pm tráthnóna inniu.

Beidh cruinniú ag an Aire Calleary le lucht Bainistíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall roimh an oscailt oifigiúil.

Tá sé ráite go dtabharfaidh an tAire Calleary cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall níos moille sa bhliain.

Peil

Tá ainmniúchán faighte ag deichniúr d’imreoirí peile Dhún na nGall do ghradaim Réaltaí Peile na Bliana.

Is iad sin Michéal Ó Murchú, Conor Ó Domhnaill, Shane Ó Domhnaill, Ciarán Mac Thomáis, Michéal Ó Langáin, Peadar Ó Mógáin, Ciarán Ó Mórdha, Finnbarr Ó Rabhartaigh, Brendan Mac Giolla Choill agus Ryan Mac Aodha.

Lena chois sin tá ainmniúcháin faighte ag Michéal Ó Murchú do Ghradam Imreoir na Bliana agus ag Finbarr Ó Rabhartaigh do Ghradam Imreoir Óg na Bliana.

Tá Dún na nGall ar an Chondae is mó a fuair ainmniúcháin do Ghradaim Allstar i mbliana.