Otharlann Leitir Ceanainn
Tá foireann deartha ceaptha le mol máinliachta a thógáil in Otharlann Leitir Ceanainn, a tugadh le fios ag cruinniú Fhóram Sláinte an Iarthair inné.
Meastar go mbeidh an dearadh don aonad úr seo críochnaithe sa chéad cheathrú do 2026.
Maidir le seirbhísí breise do chúram ailse d'Otharlann Leitir Ceanainn, beidh foireann deartha á ceapadh don togra sin sa chéad cheathrú do 2026.
D'fhógair an tAire Sláinte Jennifer Carroll Mac Neill ar an 28 Iúil go mbeidh dhá mhol máinliachta úra á lonnú i Réigiún an Iarthuaiscirt, i Leitir Ceanainn agus i Sligeach.
Dúirt sí go mbeidh mol máinliachta úr ina mbeidh dhá obrádlann á fhorbairt in aice le hOtharlann Leitir Ceanainn agus go mbeidh seirbhísí breise cúraim ailse á gcur ar fáil mar pháirt den fhorbairt.
Bruscar
Rinneadh suas le 3 thonna bruscair a thógáil ó thráigheanna ar fud Dhún na nGall le gairid mar pháirt d’fheachtas glantacháin An Taisce a bhí siúl sa Chontae.
Bhí 30 grúpa agus thara 500 oibrí deonach páirteach san fheachtas glantacháin ar thráigheanna Dhún na nGall agus tógadh ar shiúil suas le 3 thona bruscair.
Chláraigh 11,000 oibrí deonach le tabhairt faoin fheachtas glantacháin ar thráigheanna ar fud na tíre agus tógadh ar shiúil 60 tona bruscair ó na tráigheanna agus deireadh le séasúr an tSamhraidh.
Poitigéirí
Tá fáilte curtha ag Uachtarán Chumann Phoitigéirí na hÉireann, Tom Ó Muirigh, roimh chomhaontú leis an Roinn Sláinte, go mbeidh poitigéirí ábalta oidis áirithe a sholáthar d’othair, ó thús na bliana seo chugainn.
Dúirt sé go bhfuil sé ag dréim go mbeidh na poitigéirí ar fad páirteach sa scéim seo, agus deir sé go mbeidh laghdú ar liostaí feithimh in íoclanna dochtúirí teaghlaigh, dá bharr.
Measann sé go gcuirfear leis na hoidis go mbeidh cead ag na poitigéirí iad a chur ar fáil d’othair amach anseo.
Dúirt sé gur fada na poitigéirí ag iarraidh go mbeadh cead acu gnáthoidis a sholáthar d’othair.
TATA
Dheimhnigh TATA, ar leo comhlacht Jaguar Land Rover, go mbeidh monarchana déantúsaíochta an chomhlachta druidte go dtí an 1 Deireadh Fómhair ar a luaithe, de bharr ionsaí a rinneadh ar a gcóras ríomhaireachta.
Ligeadh scór ball foirne sa chomhlacht Fáisc Miotail ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair chun bealaigh go sealadach, mar gheall ar an ionsaí a rinneadh ar chóras ríomhaireachta phríomhchustaiméir an chomhlachta.
Tá tuairiscí ann go bhféadfadh an méid a tharla tionchar tromchúiseach a bheith aige ar ghnó Jaguar Land Rover go mí na Samhna.
Tá trí cinn de mhonarchana déantúsaíochta Jaguar Land Rover sa Bhreatain druidte ó dheireadh Lúnasa, de bharr an méid a tharla.
Aonad Díleá Duánaigh
Tá cead pleanála faighte don síneadh breise atá le cur le hAonad Díleá Duánaigh in Otharlann Leitir Ceanainn.
Táthar ag dréim go gcuirfear tús leis an obair thógála ar an aonad úr seo le linn na bliana seo chugainn.
Tá an t-aonad reatha in Otharlann Leitir Ceanainn oscailte seacht lá na seachtaine, agus bíonn an t-aonad oscailte go 10.30pm achan Luan, Máirt agus Céadaoin.
Tugadh an t-eolas seo don Chomhairleoir Contae Ciarán Brogan ag cruinniú d’Fhóram Sláinte an Iarthair tráthnóna inné.
Glaschú
Cuirfear tús i nGlaschú inniu le taispeantas ar bhunadh Thír Chonaill a chuaigh ag obair in Albain idir 1940-1990.
Tá sé seo á eagrú ag Comhairle Contae Dhún na nGall i bpáirtnéireacht le hIonad Mellon in Albain.
Déantar scrúdú sa taispeantas seo ar fhir agus ar mhná as Dún na nGall a chuaigh ar imirce go hAlbain, an obair a bhí ar bun acu, na coinníollacha oibre a bhí i gceist, agus an saol a bhí acu thall.
Dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall, go bhfuil sé tábhachtach scéalta na ndaoine seo a chaomhnú agus a chur ar an taifead.
Dúirt sé gur iomaí teaghlach i nDún na nGall a ndeachaigh ball teaghlaigh ar imirce shéasúrach go hAlbain san 20ú haois.
Kelley Higgins
Bhí bean as Leitir Ceanainn i measc na mbuaiteoirí ar an Chlár Teilifíse The Traitors ar RTÉ One aréir.
Bhain Kelley Higgins, 23 bliain d’aois as Leitir Ceanainn, sciar den duais airgid €42,900 sna babhtaí deireanacha den chomórtas a craoladh aréir.