Mórchuaird Chinn Sléibhe
Tuairiscítear gur éirigh go maith aríst i mbliana leis an gcóras tráchta aonbhealaigh a bhí i bhfeidhm ar mhórchuaird Chinn Sléibhe go dtí an tseachtain seo caite.
Bhí an córas seo i bhfeidhm le cúpla bliain anuas mar iarracht an tranglam tráchta a bhíonn coitianta ar mhórchuaird Chinn Sléibhe a leigheas.
Bhí maor tráchta ar dualgas i gCom Dhíneol, ag moladh do thiománaithe gan dul an bóthar ó dheas i dtreo Chinn Sléibhe, agus ní raibh puinn tranglaim ar an mbóthar i rith an tsamhraidh dá bharra seo.
Táthar fós ag feitheamh le tuarascáil atá á cur le chéile le blianta anois, fé leigheas fadtéarmach buan a fháilt ar fhadhb tráchta mhórchuaird Chinn Sléibhe.
Táirgí sláintíochta
Deir an Comhairleoir Gobnait Ní Mhuimhneacháin go bhfuil sí sásta go mbeidh táirgí sláintíochta ar fáil ins a thuilleadh foirgneamh atá faoi chúram na Comhairle i gCorcaigh ag deireadh na míosa, ach go bhfuil ana chuid áiteanna fós ar an liosta go mbeidís ag teastáil iontu, go háirithe na leithris phoiblí sna ceantair Ghaeltachta.
In agallamh d'adhmhaidin inniu, deir sí ná tuigeann sí an mhoill atá ann a leithéid do tháirgí a chur ar fáil, mar go bhfuil sé chomh simplí le bosca a cheannach, agus na táirgí sláintíochta a chur ar fáil sna leithris do mhná.
Caint ar shláinte
Ba cheart d’ionadaithe poiblí srian a chur ar a gcuid cainte maidir le cúrsaí sláinte, agus cén t-údar a d’fhéadfadh a bheith leo, go h-áirithe mura bhfuil saineolas d’aon tsaghas acu i gcúrsaí leighis ná eolaíochta, a deir an Teachta Dála Michael Cahill ó Ros Beithe.
I ráiteas inniu, deir sé go mbítear ag súil leis go gcuirfeadh ionadaithe poiblí a dtuairimí in iúl ar ábhair éagsúla, ach caithfidh an comhrá a bheith stuama fírinneach i gcónaí, agus ní mór a thuiscint gur féidir le tuairimí a nochtar go poiblí, buairt agus anbhá a spreagadh i mbaill áirithe i measc an phobail.
Ba cheart d’ionadaithe poiblí bá agus tuiscint a bheith acu ar an imní seo, agus gan tuairimí a nochtadh ar chúrsaí sláinte, ceal fianaise na heolaíochta, a deir an Teachta Cahill.
Ned Harty
Tá Ned Harty ón dTóchar i dTuaisceart Chiarraí, bunaitheoir an chomhlachta Dairymaster, tréis bháis.
Bhunaigh sé an comhlacht i 1968 chun táirgí a dhéanamh d’fheirmeoireacht an bhainne.
Tá 400 duine fostaithe anois ag Dairymaster ina mhonarcha sa Tóchar, agus tá mórán gradam bainte acu as ucht na teicneolaíochta agus na nuálaíochta.
Maireann a bhean chéile, a hiníon agus a bheirt mhac.
Beifear á thórramh tráthnóna ina thigh cónaithe ar an dTóchar óna 4 a chlog go dtína 8.
Cuirfear corp Ned Harty sa reilig áitiúil tréis aifreann a dó a chlog amárach i Sáipéal Naomh Eoin ar an dtóchar.
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt
Deir an Teachta Dála Conor D McGuinness go bhfuil Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt ullamh chun ceannaireacht idirnáisúnta a léiriú.
Bhí sé ag labhairt agus é ag cur fáilte roimh Ambasadóirí na Síne, Cheanada, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, na Beilge, na hEilvéise agus na Breataine ar cuairt ar an Ollscoil, agus Plean Straitéiseach Chaidreamh Domhanda na hOllscoile á sheoladh go hoifigiúil.
Tá plean uaillmhianach don dtaighde, don nuálaíocht agus don gcaidreamh idirnáisiúnta ag Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, a dúirt sé, agus ‘cheart don rialtas infheistíocht dá réir a dhéanamh sa réigiún.