Uisce

Tá cáineadh déanta ag an Chomhairleoir Contae Brian Carr ar an easpa cumarsáide dar leis ó Uisce Éireann.

Dúirt an Comhairleoir Carr go ndearna sé teagmháil le hUisce Éireann Dé hAoine seo a chuaigh thart le heolas a fháil faoin fhógra a eisíodh seachtain ó shin ag iarraidh ar dhaoine a fhaigheann a gcuid uisce ó Chóras Uisce Poiblí Ard an Rátha agus na nGleanntach é a bhruith sula n-ólann siad é ach nach bhfuair sé freagra go dtí inné.

Thug Uisce Éireann le fios don Chomhairleoir Carr nach raibh fhios acu cén uair a bheadh deireadh leis an fhógra.

Camscéim

Tá foláireamh eisithe ag Gardaí Dhún na nGall faoi chamscéim atá ar bun faoi láthair, áit a bhfaigheann daoine teachtaireachtaí téacs ag maíomh gur ó na Gardaí iad.

Deirtear sna teachtaireachtaí nár híocadh fíneáil agus iarrtar ar dhaoine nasc a bhrú le híocaíocht a dhéanamh.

Deir na Gardaí nach bhfuil baint ar bith acu leis na teachtaireachtaí seo agus nach ndéanann siad teagmháil le daoine ar theachtaireachtaí téacs faoi fhíneálacha a choíche.

Lárionad Acmhainní Nádúrtha Chill Ulta

Tá post mar Oifigeach Teagmhála agus Tacaíochta Pobail á thairiscint ag Lárionad Acmhainní Nádúrtha i gCill Ulta dírithe ar chúrsaí timpeallachta agus fuinnimh.

Beifear ag díriú ar ghrúpaí deonacha sa phobal ar fud na contae, chun cuidiú a thabhairt daofa maidir le hathrú aeráide agus inbhuanaitheacht.

Post ar chonradh 18 mí atá i gceist, idir Deireadh Fómhair 2025 agus Márta 2027.

Tá tacaíocht faighte ó Chiste Pobail Ghlúin Glas de chuid SSE Airtricity chun an togra seo a reáchtáil ar feadh bliain go leith.

Glacfar le hiarratais don phost go dtí an Luan an 29 Meán Fómhair.

Dúirt Eithne Nic Lochlainn, Bainisteoir Lárionad Acmhainní Nádúrtha go bhfuil súil acu freastal ar thuairim is 35 grúpa atá ag plé le cúrsaí fuinnimh agus bithéagsúlachta cheana féin.

Cruinniú

Beidh ceardlann eolais agus cruinniú oscailte don phobal in Óstán Loch Altan i nGort an Choirce amárach dírithe ar cheantar Chloich Chionnaola, chun todhchaí acmhainneach a chruthú sa cheantar.

Beidh eolas a lorg ón phobal maidir le céard a ba mhaith leo díriú air, ar bhonn áitiúil don todhchaí.

Cuirfear béim ar an timpeallacht, dúlra, cúrsaí fuinnimh agus inmharthanacht.

Clár Eorpach é seo atá a riaradh ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis an Lárionad Acmhainní Nádúrtha.

Beidh ceardlann phoiblí ar siúl ón 11.00 -3.00 amárach agus beidh seisiún oscailte tráthnóna idir a 4.00 – 7.00.

Dúirt Bainisteoir an Lárionaid Acmhainní Nádúrtha, Eithne Nic Lochlainn, gur mian leo ionchur a fháil ón phobal ag na ceardlanna amárach.