Brící

Tá a gcás curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ag 86 duine a bhfuil brící lochtacha ina gcuid tithe agus a ndearna an Ghníomhaireacht Tithíochta íosghrádú ar mholtaí a n-innealtóirí.

Deir an grúpa go ndearna siad iarracht a gcás a phlé leis an Ghníomhaireacht Tithíochta leis an chúis a bhí leis an íosghrádú a fhiosrú ach nach bhfuair siad soiléiriú ar bith agus nár cluineadh achomharc ar bith.

Deir Martina McElhinney, atá mar bhall den ghrúpa, go bhfuil brú agus strus millteanach ar na húinéirí tí seo agus nach bhfuiltear ag tabhairt deis dóibh a dtithe a chóiriú sa dóigh is go dtig leo leanstan lena saol.

Otharlanna

Ábhar imní a deir an Dochtúir Ciarán Ó Fearraigh go bhfuil deacrachtaí in Otharlanna an Iarthuaiscirt chomh luath seo sa tséasúr.

Dúirt sé nach bhfuil séasúr an fhliú againn go fóill agus go bhfuil Otharlann Leitir Ceanainn agus Otharlann Shligigh go mór faoi bhrú mar gheall ar líon ard othar atá ar thralaithe.

Dúirt an Dochtúir Ó Fearraigh gur léir gur ganntanas leapacha agus spáis sna hotharlanna agus deacrachtaí foirne is cúis leis na deacrachtaí agus go bhfuil sé deacair dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar an daonra, go háirithe i gContae Dhún na nGall.

Ionad

Seoladh Ionad úr Oideachais agus Taighde a bhfuil infheistíocht €8.46 milliún déanta ann in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn an tseachtain seo.

Tá sé mar sprioc ag Ionad SPEAR réigiún an Iarthuaiscirt a chur chun cinn mar áit lárnach i dtaighde leathsheoltóirí agus fótónaice a úsáidtear i ngléasanna leictreonacha.

Dúirt Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, an Dochtúir Orla Flynn, gur mór an tionchar a bheidh ag an ionad úr ar an réigiún, go gcuirfidh sé le cúrsaí fiontair, go gcruthóidh sé poist luachmhara agus go gcuideoidh sé leis an réigiún dúshláin dhomhanda a shárú.

Creimeadh Cósta

Tá creimeadh cósta ag dul chun olcais i Machaire Gathlán, a dúirt an Comhairleor Contae John Shéamais Ó Fearraigh.

Dúirt sé go mbíonn farraigí arda ansin go minic agus go mbíonn tithe chomh maith le talamh in aice le Páirc Chumann Lúthchleas Gael Ghaoth Dobhair faoi uisce agus go bhfuil sé tábhachtach scrúdú a dhéanamh ar an fhadhb.

Tá sé ag iarraidh ar an Chomhairle Contae tuairisc a ullmhú agus í a chur ar fáil do Chomhairleoirí i gCeantar Bardais na nGleanntach.