Scéim Chúitimh
Scéim do dhaoine a bhfuil airgead acu atá sa Scéim Chúitimh atá ar fáil faoi láthair d'úinéirí tí a bhfuil deacrachtaí acu le Brící Lochtacha, a dúirt an Comhairleor Contae Denis Mac Aoidh.
Dúirt sé nach bhfuil ach 7% de na tithe a bhfuil brící lochtacha iontu cóirithe go dtí seo faoin Scéim mar go bhfuil idir €60,000 agus €70,000 a dhíth ar na húinéirí tí ar dtús sular féidir tairbhe a bhaint as an scéim.
Dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh fosta nach bhfuil sé ceart nach bhfuil torthaí na scrúduithe atá á ndéanamh ar na cairéil á gcur ar fáil daofa rud a chuireann imní mhór ar Chomhairleoirí Contae ón pháirtí Cúiteamh 100%.
Seanteach Cúirte Leitir Ceanainn
Tá maoiniú €7 milliún ceadaithe ag an Rialtas do Chomhairle Contae Dhún na nGall le forbairt a dhéanamh ar Sheanteach Cúirte Leitir Ceanainn.
Tá pleananna ar bun áis siamsaíochta, oideachais agus turasóireachta a dhéanamh di.
Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall seilbh ar an fhoirgneamh, atá lonnaithe i gcroílár an bhaile, roinnt blianta ó shin.
Thug an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta le fios go rabhthas ag súil go gcuirfí tús leis an togra ag deireadh na bliana.
Chuir an tAire Stáit, Charlie McConalogue, fáilte roimh an mhaoiniú agus dúirt sé gur sampla é seo den dóigh gur féidir foirgneamh aitheanta a athchóiriú agus athfhorbairt le freastal ar an bhaile agus ar an réigiún.
Tá borradh faoi chúrsaí turasóireachta i Leitir Ceanainn, a dúirt sé, mar gheall ar chomh cóngarach is atá an baile de láithreacha móra turasóireachta cosúil le Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an Earagail, Teach Solais Fhánada, Grianán Ailigh agus Foraois na hArdadh.
Cuirfidh an togra seo go mór leis an bhaile ó thaobh na turasóireachta de, a dúirt an tAire McConalogue.
Togra Taistil Ghníomhaigh
Tugadh eolas ar phlean forbartha atá beartaithe idir Dún Fionnachaidh agus Port na Bláiche ag an chruinniú is deireanaí de Choiste Thoghcheantar na nGleanntach.
Thug ionadaithe ó Bhonneagar Iompair Éireann eolas ar áiseanna atá á dtógáil le freastal ar choisithe agus rothaithe mar pháirt de Thogra Taistil Ghníomhaigh Bhonneagar Iompair Éireann.
Dúirt an Comhairleoir Contae Michael McClafferty nach raibh an píosa bealaigh seo sábháilte do rothaithe ná do choisithe agus go raibh gá cosán a thógáil.
Chuir sé fáilte roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh.
Tugadh le fios ag an chruinniú go mbeidh dearadh an chosáin críochnaithe ar na mhí seo chugainn agus go rachfar i mbun cainte le húinéirí talaimh ina dhiaidh sin.
Eagrófar comhairliúchán poiblí sa cheantar roimh dheireadh na bliana.
Cead pleanála
Rinneadh 277 iarratas ar chéad pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall i gCeantar Bardais na nGleanntach sna chéad seacht mí den bhliain seo.
As na hiarratais sin ceadaíodh 205 iarratas, diúltaíodh ocht n-iarratas agus cuireadh siar an cinneadh maidir le 109 iarratas.
42 iarratas a rinneadh i gCeantar Bardais na nGleanntach a bhí neamhbhailí.
Rinneadh 1,421 iarratas sna cúig Cheantar Bardais sa chontae idir Eanáir agus deireadh mhí Iúil.
Ba i gCeantar Bardais Inis Eoghain a ba mhó a rinneadh iarratais phleanála, áit ar dearnadh 389 iarratas sa tréimhse sin, agus ba i gceantar Bhaile Dhún na nGall a ba lú a rinneadh iarratais, áit ar dearnadh 179 iarratas.
Ba 211 iarratas a bhí neamhbhailí sa chontae idir Eanáir agus Iúil i mbliana.
Ba i gCeantar Bardais Inis Eoghain a ba mhó a rinneadh iarratais a bhí neamhbhailí, áit a raibh 62 de na hiarratais neamhbhailí.