Teach pobail

Rinne breis agus 200 duine freastal ar chruinniú poiblí i nGaoth Dobhair aréir maidir le plean a ullmhú chun Teach Pobail úr a thógáil i nDoirí Beaga.

Lorgaíodh moltaí agus tuairimí ag an chruinniú le plean a chur le chéile le treoir a thabhairt d'ailtirí agus dearadh a dhéanamh ar Theach Pobail úr.

Dódh Teach Pobail Dhoirí Beaga go talamh i dtine Luan Cásca i mbliana.

Fáisc Miotail Éireann

Tá scór ball foirne i gcomhlacht Fáisc Miotail Éireann ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ligthe chun bealaigh go sealadach ón Aoine s'chuaigh thart, ag eascairt as cibirionsaí ar phríomhchustaiméir dá gcuid.

Rinneadh cibirionsaí ar an chustaiméir is mó atá acu, Jaguar Land Rover, ag deireadh na míosa s’chuaigh thart agus níl aon táirgíocht ar bun ag an chomhlacht ó shin.

Tá 34,000 duine ligthe chun bealaigh acu go sealadach.

Deir Fáisc Miotail Éireann Teoranta nach fios go fóill cén uair a bheidh réiteach ar an chás seo.

Tá ceithre monarcha de chuid Jaguar Land Rover druite ón Aoine s’chuaigh thart ag eascair as an chibirionsaí seo.

Cúirt

Cuireadh fear as Dún na nGall ar a thriail i gCúirt i nDoire an tseachtain seo agus é cúisithe i mbean 33 bliana d’aois, a bhí ina paisinéir ina charr, a éigniú i nDoire i 2023.

Tá sé curtha i leith Kieran Joe Lynch, 60, le seoladh i Carrickmore, Baile Suingean, gur lig sé air fhéin gur tiománaí tacsaí a bhí ann agus gur éignigh sé an bhean i ndiaidh do í a phiocadh suas i lár na cathrach i nDoire, Oíche na Seanbhliana i 2023.

Séanann sé na cúiseanna seo.

Deir Keiran Joe Lynch gur thoiligh an bhean don mhéid a deirtear a tharla ar an oíche.

Tá an triail ag leanstan ar aghaidh.

Muileann

Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall le muileann arbhair agus sábhadóireachta stairiúil i bPaiteagó a fhorbairt mar áis turasóireachta.

Tá sé beartaithe ag an iarratasóir Michael Beare, lárionad do ghnónna agus do chaitheamh aimsire a fhorbairt chomh maith le carrchlós ar an suíomh i nDeisceart Dhún na nGall.

Tá Muileann Phaiteagó i measc 500 seanstruchtúr nó foirgneamh i nDún na nGall atá ar liosta faoi chosaint speisialta.

Tá 15 choinníoll bainteach leis an chead pleanála.

Coiste Forbartha na Carraige

Tá Coiste Forbartha na Carraige i nDeisceart Dhún na nGall míshásta nach bhfuil sráidbhailte tuaithe san áireamh sa Phlean Leathanbhanda Tuaithe.

Cháin Máire Nic Niallais, Cathaoirleach an Choiste, an Plean Leathanbhanda Náisiúnta ag rá nach ndéanann sé ciall ar bith nach bhfuil sráidbhailte tuaithe san áireamh sa phlean tuaithe le leathanbhanda d’ardluais a chur ar fáil.

Dúirt sí gur baile tuaithe atá sa Charraig agus go bhfuil sé fágtha ar lár sa Phlean cé go bhfuil gnónna beaga, scoltacha agus ionaid cúraim leighis ag streachailt gan córas leathanbhanda ardluais.

Dúirt sí go gcaithfidh coistí forbartha sna sráidbhailte beaga ar fud na tíre seasamh le chéile agus brú a chur ar an rialtas réiteach a fháil ar an fhadhb.

Sábháilteacht

Tá Gardaí Dhún na nGall ag iarraidh ar lucht úsáide bóithre a chinntiú go mbíonn siad le feiceáil i gcónaí agus go mbíonn éadach feiceálach á chaitheamh acu agus solas ar iompar acu agus iad amuigh ag siúl tráthnóna nó luath ar maidin.

Táthar ag moladh do rothaithe clogad a chaitheamh agus a chinntiú go bhfuil na soilse ar an rothar ag obair.

Deir na Gardaí fosta gur cheart do thiománaithe a bheith cúramach agus luas a mhoilliú ar bhóithre lena chinntiú gur féidir leo a gcarr a stopadh go sábháilte i gcás éigeandála.

Droichead an Bhuna Bhig

.Beidh cruinniú poiblí faoi Dhroichead an Bhuna Bhig ar siúl sa Chrannóg i nDoirí Beaga inniu.

Tá an cruinniú á reáchtáil ag an Chomhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig i gcomhar le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

Deir an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil an droichead ró-chúng agus nach bhfuil sé sábháilte do choisithe ná do thiománaithe.

Ba cheart droichead coise a thógail dar leis, ach tá sé ráite ag an Chomhairle Contae go mbeadh costas ró-ard ag baint lena leithéid agus tá soilse molta acu ina áit.

Tá tuairimí an phobail maidir leis an droichead á lorg ag an Chomhairleoir Mac Giolla Easpaig mar chuid den chruinniú a bheidh ar siúl inniu ag an 1pm.