Gardaí
Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt Dónal Ó Cnáimhsí gur ábhar díomá agus imní an laghdú atá tagtha ar líon na nGardaí a bhfuil Gaeilge acu i nGaeltacht Dhún na nGall.
Dúirt sé go bhfuil líon na nGardaí sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu laghdaithe go mór le 5 bliana agus go bhfuil sé tábhachtach brú a chur ar an Rialtas an polasaí Gardaí a bhfuil Gaeilge acu a lonnú sa Ghaeltacht.
Dúirt sé gur léir go bhfuil muid ag dul chun gcúil i dtaca leis na seirbhísí atá an Stát in ainm is a sholáthar do phobal na Gaeltachta agus go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh an pobal a míshástacht in iúl.
iCare
Tá maoiniú €200,000 ceadaithe ag an Rialtas do iCare in Inis Eoghain.
Chuir grúpa beag tuismitheoirí iCare ar bun i 2000 le tacaíocht a chur ar fáil do pháistí in Inis Eoghain a bhfuil uathachas orthu agus dá dteaghlaigh.
Ba é an tAire Stáit Spóirt, Charlie McConalogue a d’fhógair an maoiniú i mBun Cranncha tráthnóna inné.
Dúirt sé gur céim shuntasach an maoiniú seo do iCare agus go mbeidh tionchar ollmhór aige ar dhaoine óga agus a dteaghlaigh.
Scoil
Tá scoil úr Little Angels i Leitir Ceanainn le hoscailt inniu don scoilbhliain úr.
Bhí míshásamh agus fearg ar thuismitheoirí faoin easpa cinnteachta a bhí ag baint le athoscailt na scoile nuair a tugadh fógra do thuismitheoirí Déardaoin seo a chuaigh thart nach mbeadh an scoil ag athoscailt ar an Luan mar a bhí beartaithe ar dtús.
Tógadh foirgneamh úr ar shuíomh na seanscoile i rith an tsamhraidh ach b’éigean don Roinn Oideachais ceithre sheomra ranga réamhdhéanta eile a chur ar fáil ar an suíomh chomh maith mar gheall ar easpa spáis.
Cuireadh na háiteanna breise sa scoil ar fáil mar thoradh ar fheachtas a bhí ar siúl ag tuismitheoirí a thug go Dáil Éireann iad.
Ar Iarraidh
Tá na Gardaí ag lorg eolais faoi fhear as Baile Átha Cliath atá ar iarraidh agus a d'fhéadfadh a bheith i nDún na nGall.
Tá Matthew Melaugh, 48 mbliana d'aois, ar iarraidh ó Chluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath ó bhí an 5 a chlog maidin inné.
Tá sé tuairim is 5 troighe agus 9 n-orlaí ar airde agus tá gruaig liath air agus súile gorma aige.
Nuair a chonacthas go deireanach é, bhí barr liath Under Armour, brístí tógála agus bróga reatha air.
Deir na Gardaí go dtugann Matthew Melaugh cuairt ar Leifear i nDún na nGall go minic, chomh maith le Gleann na Life i mBaile Átha Cliath agus Tuaisceart Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil fáil aige ar charr corcra den déanamh Opel Corsa a bhfuil an cláruimhir 10 D 13 air.
Tá na Gardaí ag impí ar aon duine a bhfuil eolas acu faoi cá háit a bhfuil Matthew teagmháil a dhéanamh leo.