Oidhreacht Chléire

Inniu a bheidh an Lá Oscailte don bPobal i gCléire chun na pleananna d'Ionad Oidhreachta Chléire agus na Carraige Aonair a fheiscint agus bualadh le baill den bhfoireann atá ag obair ar an dtionscadal.

Tá breis agus €1 mhilliún infheistithe ag Fáilte Éireann agus ag Údarás na Gaeltachta chun an tIonad nua a fhorbairt, ina mbeidh taispeántas trí-thoiseach de Theach Solais na Carraige Aonair le feiscint, mar aon le bailiúchán Mhúsaem Chléire agus Chloch Chléire.

In oifigí Chomharchumann Chléire a bheidh an lá oscailte inniu, óna 1.30pm go dtína 5.30pm tráthnóna.

Agus cé ná cuirfear tús le féile scéalaíochta Chléire go dtí amárach, beidh lá speisialta scéalaíochta inniu dos na leanaí i Scoil Inis Chléire, agus cuairt á tabhairt ar an scoil inniu ag scéalaí ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Earnáil fáilteachais

Ag cruinniú speisialta inné i gCill Airne, idir lucht gnó earnáil na turasóireachta i gCiarraí agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers, ní raibh an tAire sásta aon gheallúint a thabhairt i dtaobh an ráta cánach breisluacha don earnáil fáilteachais.

Ag labhairt le Nuacht an Deiscirt, dúirt sé go bhfuil sé geallta i gclár an rialtais go laghdófar an ráta ó 13.5% go dtí 9%, am éigin le linn thréimhse an rialtais, ach dúirt sé go gcaithfear é sin a mheas i gcomhthéacs na bpointí eile atá le tógaint san áireamh I gcáinfhaisnéis na míosa seo chugainn.

Oifigeach Pleanála Teanga

Deir Oifigeach Pleanála Teangan Mhúscraí Eibhlín Ní Lionáird go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh glórtha na Gaeltachta, agus Phobal Gaelainne Chorcaí, le clos ag an agóid phoiblí i mBaile Átha Cliath ar an Satharn an 20 Meán Fómhair.

Ag labhairt le Nuacht an Deiscirt, dúirt sí go mbeidh bus ag imeacht ó Ghaeltacht Mhúscraí go moch lá na hagóide, ach go mbeifear ag bailiú daoine i gcathair Chorcaí chomh maith, sara dtabharfar aghaidh ar an ardchathair.

Ní mor suíochán a chur in áirithe roimh ré ar an mbus, ach dul chun cainte leis an Oifigeach Pleanála Teangan i gComharchumann Mhúscraí.

1975

Tá gach aon ticéad díolta agus tá breis agus céad ainm ar an liosta feithimh dos na léiriúcháin dheireannacha den saothar rince dar teideal 1975 | Naoi Déag Seachtó Cúig, atá ar stáitse an tseachtain seo sa dTeach Damhsa ar an nGlaise Bheag i bParóiste na Cille.

'Sé seo an chéad taispeántas atá forbartha agus curtha ar stáitse chomh maith in ionad nua an chompántais damhsa, a osclaíodh anuraidh.

‘Sé atá sa tsaothar ná ceiliúradh ar an gcéad albam a d’eisigh an grúpa ceoil ceannródaíoch The Bothy Band leathchéad bliain ó shin i 1975.

Beidh léiriú speisialta pobail á chur i láthair anocht sa dTeach Damhsa do mhuintir na háite amháin a bhfuil a dticéadaí curtha in áirithe acu.

Féile Snagcheoil Chorcaí

Tá clár na féile foilsithe d’Fhéile Snagcheoil Chorcaí na bliana so, a bheidh ar bun le linn Shos na Samhna.

Beidh breis agus 500 ceoltóir ag seinnt, ag 100 ócáid éagsúil, i nach mór 24 ionad, ar feadh chúig lá na Féile.

I measc na gceoltóirí i mbliana beidh JP Cooper, Orchestra Baobab, Jeff Mills, agus an t-amhránaí óg ó Shasana, Sienna Spiro.

Beidh na ticéadaí don bhféile ar díol amárach ar a 10am, ar an idirlíon.