Iascaireacht
Deir ionadaithe ó earnáil na hiascaireachta in Éirinn, a chas le Coimisinéir um Iascach an Aontais Eorpaigh Costas Kadis sa Bhruiséil inné go bhfuair siad éisteacht mhaith agus go raibh cruinniú tairbheach acu.
Chuir Príomhfheidhmeannach Chumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann Aodh Ó Domhnaill fáilte roimh dhearbhú ón Choimisinéir Kadis go dtabharfadh sé cuairt ar Éirinn arís le go bhfeicfidh sé féin na dúshláin ar fad atá le sárú ag earnáil na hiascaireachta sa tír.
Dúirt Aodh Ó Domhnaill gur céim chun tosaigh a bhí i gcruinniú an lae inné áit ar dearnadh plé ar chothromaíocht ó thaobh cuótaí éisc de agus modhanna praiticiúla le hinbhuanaitheacht a chur chun cinn.
Ionsaí
Gabhadh fear sna 30idí maidir le hionsaí ag láthair ar Phríomhshráid an Fháil Charraigh i dtrátha an 9 a chlog maidin inné.
Tugadh fear sna 20idí chuig Otharlann Shligigh de bharr na ngortaithe a bhain dó ach tuigtear nach bhfuil sé i mbaol báis.
Deir Oifig Preasa na nGardaí go bhfuil an fear a gabhadh le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn maidin inniu.
Uisce
Meastar go mbeidh an t-uisce ar ais maidin inniu i gceantracha in Iarthar Dhún na nGall atá gan uisce ó inné.
Dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir gur críochnaíodh an obair in Ionad Cóireála Uisce Leitir Mhic an Bhaird aréir ach go gcaithfidh an t-uisce a bheith ag leibhéal áirithe sa taiscumar sula bhféadfar uisce a sholáthar do thithe agus do ghnónna sa cheantar.
Táthar ag súil go mbeidh an soláthar uisce ar ais go luath, a dúirt sé.
Gardaí Gaeltachta
Tá laghdú tagtha ar líon na nGardaí a bhfuil Gaeilge acu i nGaeltacht Dhún na nGall de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Léiríonn na figiúirí gur cúigear Gardaí as 26 Garda atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta na contae a bhfuil Gaeilge acu – is ionann sin agus 19%, laghdú ar 27% i 2020.
Is é Dún na nGall an t-aon chontae inar thit céatadán na nGardaí atá lonnaithe i stáisiún Gaeltachta a bhfuil Gaeilge acu.
Sa Ghaeltacht trí chéile 47% de Ghardaí atá in ann a ngnó a dhéanamh i nGaeilge, i gcomparáid le 35% in 2020.
Preab-Ghaeltacht
Beidh Preab-Ghaeltacht á reáchtáil i Londain an deireadh seachtaine seo le ceangal a dhéanamh le daoine de bhunadh Thír Chonaill atá lonnaithe i Sasain.
Tá an ócáid a reáchtáil ag Rannóg na Gaeilge i gComhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Limistéar Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall mar chuid do Lá na nGael i Londain.
Dúirt Joe Ó Ceallaigh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin le Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall, go bhfuil ócáid mar seo tábhachtach le deis a fháil labhairt le daoine a bhfuil suim acu bogadh na bhaile nó infheistíocht a dhéanamh i dtograí éagsúla sa chontae.
Beidh an ócáid ar siúl Dé Domhnaigh seo i bPáirc Thír Chonaill, ag Ascaill Bherkeley i nGreenford i Londain ón mheán lae go dtí a 4 a chlog.