Aerfort Chorcaí

Bhí an Lúnasa ba ghnóthaí riamh ag Aerfort Chorcaí an mhí seo caite.

Ghaibh nach mór 377,000 paisinéir tríd an aerfort i gcaitheamh na míosa, 15% níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh.

Áiseanna bruscair

Tá sé ráite aríst eile ag Roinn na Mara go bhfuil teacht ag lucht bád Chuan an Daingin ar áiseanna bruscair 24 uair a' chloig isló, cé go bhfuiltear ag gearán go mbíonn an bosca bruscair fé ghlas coitianta.

Deir urlabhraí thar cheann na Roinne le Nuacht an Deiscirt áfach, go bhfuil srianta i bhfeidhm, chun nach mbeifí ag dumpáil go mídhleathach i gCuan an Daingin.

Má tá deacrachtaí ag éinne d’úsáideoirí Chuan an Daingin, ba chóir dóibh dul chun cainte leis an Máistir Cuain nó le foireann an chuain.

Tús Maith

Tá ana éileamh ar an Scoil Foraoise atá á heagrú ag Tús Maith le hOidhreacht Chorca Dhuibhne agus iad lán go barra, le liosta feithimh acu i mbliana.

In agallamh d’adhmhaidin inniu deir Orlaith Ruiséal, ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne, go bhfuil suim sa mhúnla oideachais seo ag méadú de réir a chéile agus níos mó leanaí ag glacadh páirt ann na haon bhliain.

Jack Chambers

Tá seisiún oscailte eolais ar siúl in óstán Ghleann an Fhiolair i gCill Airne, leis an Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers.

'Sé an Teachta Dála Michael Cahill atá ina fhear an tí don ócáid agus deir seisean gur deis é seo don lucht gnó i gCiarraí chun a dtuairimí a chur in iúl don Aire roimh an gcáinfhaisnéis an mhí seo chugainn.

Táthar ag bailiú airgid chomh maith do Scoil Speisialta Naomh Proinsias i Lios an Phúca.

Cléire

Beidh Lá Oscailte don bPobal in Oifigí Chomharchumann Chléire Déardaoin d’Ionad Oidhreachta Chléire agus na Carraige Aonair.

Tá cuireadh tugtha do Phobal an Oileáin agus éinne eile gur spéis leo an tionscnamh, bualadh le baill den bhfoireann atá ag obair ar an bhforbairt, na pleananna a fheiscint, agus a dtuairimí a chur in iúl.

Beidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, ó Chomharchumann Chléire agus ó Fháilte Éireann i láthair, óna 1.30pm go dtína 5.30pm trathnóna.

Oifigeach Pleanála Teanga

Tá tograí nua tosnaithe ag Oifigeach Pleanála Teangan Mhúscraí, Eibhlín Ní Lionáird, chun feasacht agus feiceálacht na teangan a mhéadú sa cheantar.

Tá mataí beorach le nathanna simplí Gaolainne scaipthe aici ar thábhairní an cheantair, mar chúnamh do dhaoine atá ar bheagán Gaolainne ach ar mhaith leo an teanga a dh’úsáid.

Tá cód QR ar na mataí chomh maith, agus na nathanna le clos ach an cód a leanúint.