Stailc

Leanann agóidí na rúnaithe scoile agus oibrithe cothabhála scoile i nDún na nGall atá ina mbaill de Cheardchumann FÓRSA ar aghaidh arís inniu.

Beidh na hoibrithe i mbun ágóidíochta taobh amuigh d'oifigí Teachtaí Dála sa Chontae maidin inniu.

Beidh siad taobh amuigh d’oifigí an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir ar an Chlochán Liath agus an Aire Stáit Charlie McConalogue ar Chearnóg an Mhargaidh, i Leitir Ceanainn ón 11 a chlog maidin inniu.

Deir Forsa go bhfuiltear ag leanúint leis an aighneas arís inniu mar thoradh ar theip leanúnach an Rialtais na héilimh atá ag na hoibrithe a chomhlíonadh.

Cóipcheart

Tá aird faoi leith á dhíriú ag eagraíochtaí a dhíríonn ar chóipcheart, ar sheirbhísí sruthaithe teilifíse mídhleathacha atá a ndíol i gContaetha áirithe sa tír, Dún na nGall ina measc.

Rinne an Chónaidhm i gCoinne Cóipchirt bagairt an dlí a chur ar 15 ionad miondíola i 9 gContae sa tír, Dún na nGall ina measc, a dhéanann na seirbhísí sruthaithe teilifíse mídhleathacha seo a sholáthar do chustaiméirí.

Deir an Chónaidhm go bhfuil an baol ann go mbíonn seirbhísí mídhleathacha dena mhacasamhail seo bainteach le coireacht eagraithe agus úsáid á baint as an airgead seo le tacú le gníomhaíochtaí mídhleathacha eile.

Fíneálacha

Bailíodh chóir a bheith €1 mhilliún i bhfíneálacha a gearradh ar thiománaithe i nDún na nGall as a bheith ag sárú teorainneacha luais ó mhí Eanáir 2023 suas go mí Meithimh na bliana seo, de réir figiúirí a cuireadh ar fáil don Fheisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú.

D’íoc tiománaithe i nDún na nGall ar bheir veaineanna luais de chuid na nGardaí orthu as a bheith ag sárú teorainneacha luais, €997,360 ina iomláine i bhfíneálacha, sa tréimhse sin.

Ba ar thiománaithe i gceantar Leitir Ceanainn a gearradh an líon is mó fíneálacha orthu sa tréimhse sin, de réir na bhfigiúirí.

Slándáil

Tá foláireamh eisithe ag Gardaí i nDún na nGall d’úinéirí tí i nDún na nGall aird faoi leith a dhíriú ar chúrsaí slándála ina dtithe cónaithe, go háirithe anois le linn an gheimhridh.

Deir na Gardaí go mbíonn ardú i líon na n-eachtraí gadaíochta ó thithe le linn mhíonna an gheimhridh go háirithe idir an 5 a chlog tráthnóna agus an 10 a chlog san oíche.

Tá na Gardaí ag moladh do dhaoine fuinneoga agus doirse a chur faoi ghlas, úsáid a bhaint as córas aláraim, soilse a lasadh agus gan mórán airgead tirim a bheith sa teach.

Moltar do dhaoine fosta eochracha tí agus feithiclí a choinneáil in áit shábháilte sa teach ar shiúl ó fhuinneoga agus doirse agus céimeanna bunúsacha a ghlacadh ina dtithe le feabhas a chur ar shlándáil.

Tá siad ag iarraidh ar an phobal teagmháil a dhéanamh leo láithreach má fheiceann siad rud ar bith a bhfuil amhras orthu faoi ina gceantair féin.

Scéim Shóisialta Tuaithe

Caithfear na rialacha a bhaineann leis an Scéim Shóisialta Tuaithe a athrú láithreach mar go bhfuil sé thar a bheith deacair daoine a aimsiú le bheith páirteach inti, a dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy atá ina mhaoirseoir ar an scéim i gceantar na nGleanntach.

Dúirt sé go bhfuil deacrachtaí móra le critéir na scéime agus go bhfuil go leor coistí pobail agus eagraíochtaí deonacha fágtha gan oibrithe dá bharr.

D’ardaigh an Comhairleoir Anthony Molloy an cheist anuas le hÚdarás na Gaeltachta ar na mallaibh agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú iomlán ar na rialacha le cáiliú faoin scéim.

Carranna leictreacha

Tá méadú mór i líon na gcarranna úra leictreacha a cláraíodh i nDún na nGall go dtí seo i mbliana, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

320 carr úr leictreach a cláraíodh i nDún na nGall idir Eanáir agus Lúnasa, sin méadú 72% le bliain, agus 396 carr PHEV, carr peitreal gur féidir a luchtú, a cláraíodh, sin méadú 70% le bliain.

Cláraíodh 543 carr úr díosail, sin laghdú 27% agus cláraíodh 644 carr úr peitreal, laghdú 20% le bliain.

Rinneadh 678 carr úr hibride a chlárú sa chéad ocht mí, sin méadú 16% le bliain.

Ba charranna úra den déanamh Kia, Toyota agus Hyundai a ba mhó a cláraíodh sa chontae sa chéad ocht mí den bhliain.

Rinneadh 2,622 carr úr nua a chlárú sa chontae idir Eanáir agus Lúnasa, méadú beag ón 2,607 carr a cláraíodh sa tréimhse chéanna anuraidh.