Teorainn luais

Beidh aird á dhíriú ar thiomáint faoi luas sa Chontae inniu mar pháirt den Lá Náisiúnta Moillithe Luais atá ar bun ag na Gardaí agus ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Cuireadh tús leis an fheachtas ag an mheán oíche aréir agus mairfidh sé go dtí an mheán oíche anocht.

Sé'n aidhm atá leis an fheachtas ná tiománaithe a chur ar an eolas faoin dainséar a bhaineann le bheith ag tiomáint róghasta agus ag tiomáint go contúirteach, agus deir Gardaí go mbeidh pointí seiceála ag láithreacha éagsúla ar fud na tíre mar pháirt den fheachtas.

Tá Gardaí Dhún na nGall ag achainí ar dhaoine a bheith ar a n-airdeall ar na bóithre mar go mbeidh sé ag éirí dorcha níos luaithe anois agus go mbeidh coinníollacha tiomána níos dúshlánaí dá bharr.

Beidh níos mó tráchta ar na bóithre fosta mar gheall go bhfuil scoltacha oscailte arís, a deir siad.

Cúlbhóithre

Níl na hacmhainní ag Comhairle Contae Dhún na nGall leis na cúlbhóithre a choinneáil sábháilte agus glan ó sceitheanna agus fásra, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.

Tá deis ag úinéirí talún agus ag feirmeoirí sceitheanna a ghearradh ar thaobhanna na mbóithre ón lá inniu ar aghaidh.

Tá dualgas ar úinéirí talún faoin dlí, taobhanna na mbóithre a choinneáil glan, agus a chinntiú nach mbeidh sceitheanna nó fásra ag cur isteach ar ghluaiseacht tráchta.

Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh go bhfuil fadhb mhór le fásra ar thaobhanna na mbóithre i gCeantar Bardais na nGleanntach agus nach bhfuil an Chomhairle ábalta monatóireacht a dhéanamh ar an fhadhb mar gheall ar ghanntanas foirne.

Rúnaithe agus feighlithe scoile

Beidh rúnaithe agus feighlithe scoile i nDún na nGall atá ina mbaill de Cheardchumann Fórsa i mbun agóide arís inniu.

Tá míshásamh orthu gur theip ar an Rialtas dhul i mbun comhráití thar an deireadh seachtaine le hiarracht a theacht ar shocrú faoin aighneas agus tá siad ag leanstan leis an stailc arís inniu don tríú lá.

Beidh 90 scoil sa chontae seo thíos leis inniu agus an stailc ag cur isteach ar sheirbhísí oifige agus cumarsáide i scoltacha ar fud na Contae.

Deir na rúnaithe agus na feighlithe scoile nach bhfuiltear ag caitheamh go cothrom leo maidir lena gcoinníollacha fostaíochta de.

Maíonn siad nach bhfuil cearta pinsin acu mar atá ag múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta agus nach bhfuil na coinníollacha fostaíochta céanna acu ó thaobh saoire tinnis de.

Toghchán na hUachtaránachta

Beidh cruinniú ar siúl ag Comhairleoirí Contae Dhún na nGall an tseachtain seo le theacht ar shocrú maidir le hiarrthóir do Thoghchán na hUachtaránachta.

Thug Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall Paul Canning le fios go bhfuil teagmháil déanta ag ochtar leis an Chomhairle go dtí seo agus suim acu a n-ainmneacha a chur chun tosaigh do thoghchán na hUachtaránachta.

Caithfidh iarrthóirí ainmniúcháin a fháil ó ar a laghad ceithre Chomhairle Contae nó Comhairle Cathrach le bheith san iomaíocht do thoghchán na hUachtaránachta.

Dúirt an Comhairleoir Paul Canning go mbeifear ag iarraidh ar achan Chomhairleoir Contae vóta a chaitheamh an tseachtain seo lena dtuairim a thabhairt.

Busanna

Caithfear comhlachtaí bus príobháideacha i nDún na nGall a chur san áireamh sa Scéim Saorthaistil do phaistí faoi 9 mbliana d'aois, le tacú le scoltacha tuaithe, a dúirt an Comhairleoir Contae Michael Boyle.

D’fhógair an Rialtas i mBuiséad 2025 anuraidh go mbeadh taisteal saor in aisce á chur ar fáil do pháistí idir 5-8 mbliana d’aois le daoine a spreagadh taisteal ar sheirbhísí iompair phoiblí.

Dúirt an Comhairleoir Michael Boyle go gcaithfidh ar a laghad deich bpáiste a bheith cláraithe leis an tseirbhís iompair scoile sula gcuirfear i bhfeidhm é agus go bhféadfadh seo a bheith dúshlánach go leor go háirithe i gceantair thuaithe.

Dúirt sé nár cheart go mbeadh páiste ar bith fágtha ar lár agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh comhlachtaí bus príobháideacha ábalta an scéim saorthaistil a sholáthar do bhunscoileanna tuaithe.