Ollie Horgan

Dúirt Iar-Rúnaí Chláirsigh na Finne, John Campbell, go raibh meas mór ag lucht spóirt ar fud na tíre ar Ollie Horgan, Iar-Bhainisteoir Chláirsigh na Finne, a fuair bás inné.

Fear dílis, macánta agus ionraic a bhí ann, a chur saothar ollmhór isteach ina ról mar bhainisteoir le Cláirsigh na Finne, a dúirt sé.

Dúirt sé gur pléisiúr a bheith ag obair leis mar Bhainisteoir, agus gur laoch peile a bhí ann, a chuir cúrsaí peile chun cinn go mór cibé áit a raibh sé.

Bhí sé ina mhúinteoir i gColáiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn.

Beidh Aifreann ina chuimhne ar siúl sa Choláiste ag a 2.30 inniu.

Dúirt Coláiste Adhamhnáin gur múinteoir iontach gairmiúil le féith an ghrinn a bhí ann, a raibh ardmheas ag daltaí agus an fhoireann teagaisc air.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn i ráiteas tráthnóna inné, gur cúis mhór bróin bás Ollie Horgan.

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh meas mór ar Ollie Horgan, agus go mbeidh cuimhní maithe ag go leor air mar bhainisteoir agus go háirithe as a chuid oibre mar bhainisteoir le Cláirsigh na Finne.

Is cailliúint mhór a bhás do phobal Shraith Sacair na hÉireann, a dúirt an tUachtarán Ó hUigínn.

Bhí Ollie Horgan 57 bliain d'aois, agus bhí sé ina mhúinteoir i gColáiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn.

Maireann a bhean chéile Anita, a iníon Emma agus a chuid mac Anthony, Brendan, Conor agus David.

Eitiltí

Tá go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair ag aerlínte tairiscintí a dhéanamh ar chonradh PSO chun dhá eitilt fillte sa lá a sholáthar idir Aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Claith ar feadh ceithre bliana ó mhí Feabhra seo chugainn.

Is fiú €17 milliún an conradh seo thar ceithre bliana, agus tá sé luaite gur gá go mbeidh ar a laghad 240 suíochán ar fáil ar na heitiltí idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath achan lá.

Tá sé luaite gur gá go mbeidh eitilt laethúil ó Dhún na nGall ó Luan go Aoine roimh an 8.00 ar maidin, agus go mbeidh eitilt ó Bhaile Átha Cliath achan tráthnóna ar 6.30 nó níos moille, le cois eitiltí fillte i lár an lae.

Tá an conradh reatha ag Emerald Airlines i gcomhar le Aer Lingus.

Dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir go measann sé go mbeidh suim ag Emerald Airlines sa chonradh in athuair.

Ach, dúirt sé go gcaithfear scrúdú a dhéanamh ar tháillí arda a bhíonn le híoc ag roinnt daoine, ar sheirbhís atá ag fáil fordheontais láidre ón Stát.

Tá sé luaite sa chonradh nach mbeidh €80 ar thicéad singilte le híoc ag 80% de na paisinéirí.

Sinn Féin

Tá tuairimíocht ann go bhféadfadh páirtí Shinn Féin a nUrlabhraí Airgeadais, an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh a roghnú má chuireann siad a n-iarrthóir féin chun tosaigh sa toghchán uachtaránachta.

Ag labhairt don Teachta Ó Dochartaigh ar Bharrscéalta Dé Céadaoin, níor chuir sé as an áireamh nach mbeadh sé féin ina iarrthóir ag a pháirtí do thoghchán na hUachtaránachta.

Táthar ag dréim go gcuirfidh an páirtí a n-iarrthóir féin chun tosaigh in áit tacú leis an iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly, de réir tuairisce ar an Irish Independent inniu.

TUSLA

Tá sé tugtha le fios do Nuacht an Tuaiscirt go bhfuil seacht gcinn de fholúntais ag TUSLA d’oibrithe sóisialta i nDún na nGall.

I ráiteas ó TUSLA dúradh go bhfuil méadú 39% tagtha ar líon na gcásanna chuig an Ghníomhaireacht thar tréimhse 4 bliana agus go bhfuil dúshláin le sárú ag an eagraíocht déileáil le achan fhiosrúchán a thagann chucu.

Tá 56 oibrí sóisialta agus 15 ceannaire foirne oibre sóisialta fostaithe ag TUSLA i nDún na nGall faoi láthair.

Dúradh fosta go bhfuil múnla úr á ullmhú acu a bheas á chur i bhfeidhm i mí Eanáir agus go bhfuil siad muiníneach go gcuirfidh seo feabhas ar chúrsaí.