Crainn
Fé Earrach na bliana seo chughainn beidh 25,000 crann curtha ar fud Chorca Dhuibhne ag Meitheal na gCrann, agus míorúilt bheag éiceolaíochta ar bun ar an leithinis, dar le hionadaí Chomhaontas Glas Peadar Ó Fionnáin.
Dúirt sé in agallamh d'Adhmhaidin inniu gur gníomh díreach dearfach ar son na haeráide atá san obair seo, agus go bhfuil buntáistí nach beag á mbaint ag lucht na meithle féin as chomh maith.
Billy Kelleher
Tá an Feisire Eorpach ó Chorcaigh, Billy Kelleher, i mbun feachtais go hoscailte anois, agus é ag lorg tacaíochta óna chomhghleacaithe i bpáirtí Fhianna Fáil d’ainmniúchán an pháirtí le seasamh i dtoghchán na hUachtaránachta.
Tá an Feisire Kelleher le tamall ag áiteamh go gceart go mbeadh iarrthóir ag Fianna Fáil sa toghchán, agus cé ná dúirt sé roimhe go raibh suim aige féin sa phost, ní chuir sé as an áireamh é nuair a ceistíodh é níos luaithe an tseachtain seo.
Níl aon chinneadh oifigiúil fógartha fós ag ceannaireacht Fhianna Fáil ciocu an mbeidh iarrthóir ag an bpáirtí nó ná beidh, ach tuairiscítear go bhfuil tacaíocht láidir sa pháirtí don dtuairim go gceart iar-bhainisteoir caide Átha Cliath Jim Gavin, a ainmniú, agus go bhfuil stocaireacht ar a shon laistigh den bpáirtí cheana féin.
Tá deichniúr ar fad a bhfuil iarrataisí curtha acu fé bhráid Chomhairle Contae Chiarraí, ag lorg ainmniúcháin na Comhairle do thoghchán na hUachtaránachta.
Sin iad Keith Mc Crory, Joseph Chikelue Obe, Domnick Plant, Barry Wheely-Row, Conor O'Brien, Nick Delehanty, Páidí Ó Duinnín, Cora M Stack, Searlait Ní Chiannáin agus Gareth Sheridan.
Tá sé tugtha le fios ag an gComhairle go dtabharfar deis dos na hiarrthóirí a gcás a chur os comhair chruinniú na Comhairle.
Scoil Samhraidh Dhónaill Uí Chonaill
Cuirfear tús le Scoil Samhraidh Dhónaill Uí Chonaill inniu agus é tugtha le fios ag lucht eagraithe na scoile go mbronnfar Gradam Dhónaill Uí Chonaill ar an iriseoir aitheanta agus Comhfhreagraí Sinsearach leis an stáisiún teilifíse nuachta sna stáit aontaithe, CNN, Donie O’Sullivan, ó Chathair Saidhbhín ó dhúchas.
Bunaíodh an Gradam úd i 2019 le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a léiríonn, ina saol agus a gcuid oibre, idéalachas Dhónaill Uí Chonaill.
In Óstán Mhórchuaird Chiarraí i gCathair Saidhbhín a bheidh an Scoil Samhraidh inniu, agus i dTigh Dhoire Fhíonáin Dé Sathairn.
Lá an Phátrúin
Déanfar ceiliúradh inniu ar phátrún na Mine Airde i Lios Póil, agus mar pháirt d’imeachtaí an lae léifear Aifreann ag Tobar Eoin Baiste ar 7.30pm.
Beifear ag tabhairt turas a’ tobair chomh maith.
Post
Tuairiscítear cúrsaí poist bheith ina gceart aríst i Lios Póil agus in Abhainn an Scáil, tar éis fhadhbanna thús na seachtaine.
Níor dáileadh aon phost i Lios Póil ná in Abhainn an Scáil Dé Luain ná Dé Máirt, agus níor dáileadh ach beartáin Dé Céadaoin, rud a bhí ag cur as do mhórán daoine.
Ach, bhí an tseirbhís ag obair mar ba chóir di bheith inné, agus gach sórt poist á dháileadh ar an mhuintir thoir.
Tá leithscéal gafa ag An Post le muintir Lios Póil agus Abhainn an Scáil, as an scéal.
Uachtar reoite
D’fhógair comhlacht uachtair reoite an Daingin Murphy’s Ice Cream brabús tar éis cánach d’ós cionn €213,000 i 2024, ar theacht isteach tuairim is €4 mhilliún, nach mór dúbailt an bhrábúis a bhí acu i 2023.
De réir na gcuntas nua ón gcomhlacht, ba bhliain an-láidir í 2024 dhóibh, tréis dóibh siopaí nua a dh’oscailt sa tSín.
Tá sé chinn de shiopaí acu in Éirinn anois, dhá cheann i mBaile an Daingin agus ceann i gCill Airne, ceann sa Ghaillimh, i gCorcaigh, agus ar Shráid Chill Mhantáin i mBaile Átha Cliath agus anois dhá cheann sa tSín.
Listéire
Tá fógraí aisghairme bídh fógraithe ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann do Toons Bridge Dairy, comhlacht a dhéanann cáis in Inse Geimhleach i gContae Chorcaí.
Baineann an fógra le dhá tháirge cáise go bhfuil baol ann go bhfuil listéire ionta.