Gabhla

Níl maoiniú ar bith ag Uisce Éireann le píopa uisce úr a chur isteach go Gabhla, a thug Uisce Éireann le fios don Chomhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh an tseachtain seo.

Dúirt sé gur ábhar díomá nach fios anois cén uair a gcuirfear píopa úr uisce go Gabhla, agus níl plean ar bith ag Uisce Éireann go mbeidh maoiniú ar fáil, a dúirt sé.

Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh nár cheart go dtógfaí an seanphíopa, mar a tharla roinnt seachtainí ó shin, go dtí go mbeadh plean ann píopa úr a chur síos.

Níl sé ceart ná cóir go bhfuil pobal an oileáin agus cuairteoirí chun an oileáin fágtha gan uisce reatha le roinnt mhaith seachtainí, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.

Bhí tarraingt mhór ag turasóirí ar an oileán an Samhradh seo, agus b'éigean uisce a thabhairt isteach i dtancanna, a dúirt sé.

Stailc

Tá 90 scoil i nDún na nGall i measc na scoileanna atá buailte siocair agóid atá ar siúl inniu ag baill den cheardchumann Fórsa.

Tá ar a laghad 115 ball páirteach san agóid i nDún na nGall agus is oibrithe cléireachais 83% de na baill seo.

Tá roinnt feighlithe scoile i mbun agóide fosta.

Tá siad ag gearán nach bhfuil siad ag fáil cothrom na féinne maidir lena gcoinníollacha fostaíochta.

Níl cearta pinsin acu mar atá ag múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta agus dar leis an cheardchumann Fórsa, níl na coinníollacha fostaíochta céanna acu ó thaobh saoire tinnis.

Beidh an agóid ar siúl taobh amuigh de na scoileanna ó mhaidin inniu agus, ag brath ar chainteanna idir an Ceardchumann agus an Roinn Oideachais, níl sé cinntithe cén uair a bheidh críoch á cur leis an agóid.

Píosa bealaigh

D’iarr an Comhairleoir Contae Mícheál Choilm Mac Giolla Easpaig go ndéanfaí scrúdú sábháilteachta ar phíosa bealaigh i gCnoc an Stolaire i nGaoth Dobhair, áit ar tharla go leor timpistí le tamall.

B’éigean bean a thabhairt chun na hotharlainne Dé Luain, de bharr gortaithe a bhain di, nuair a chuaigh a carr den bhealach ar an phíosa seo bealaigh.

Tá an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig ag iarraidh ar innealtóirí bóthair de chuid na Comhairle Contae cruinniú a bheith acu leis ar an láthair go luath, agus plean oibre a chur le chéile go gasta, chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar an phíosa seo den bhealach.

Tograí cultúir

Tá ceithre chonradh de chuid Peaceplus faighte ag an chomhlacht CSEI, Taithí Sármhaitheas Custaiméirí na hÉireann, le gníomhaíochtaí cultúir a eagrú do phobail i gCeantar Bardais na nGleanntach agus do phobail sna Sé Chontae.

Tá tograí ilchultúir tábhachtach le tuiscint agus meas a chothú idir daoine a bhfuil cultúr agus creidimh dhifriúla acu, a dúirt Síle Nic Grianna, Bainisteoir Tograí le CSEI atá lonnaithe sa GTeic ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Dúirt sí go mbeidh siad ag eagrú imeachtaí d’óg agus d’aosta ó phobail éagsúla le deis a thabhairt daofa a gcuid scéalta agus a dtaithí saoil a roinnt lena chéile, agus meas a chruthú eatarthu.

Tá CSEI ag tabhairt cuireadh do scoileanna ón cheantar páirt a ghlacadh sna tograí agus dúirt sí go mbeidh na himeachtaí ar fáil don phobal chomh maith.

Tuíodóireacht rópa

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall leis an chéad scéim meantóireachta sa tír don tuíodóireacht rópa.

Bronnadh an chéad sparánacht faoin scéim ar David McFerran agus beidh sé ag foghlaim na ceirde ó mháistir na tuíodóireachta rópa Brian Lafferty ar bhonn páirtaimseartha ar feadh sé mhí.

Bhí an próiseas roghnúcháin bunaithe ar na daoine a thug faoi chúrsaí oiliúna i Scoil Tuíodóireachta Dhún na nGall i gCill Chluanadh.

Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil Dún na nGall i measc líon beag áiteanna in Éirinn ina bhfuil tuíodóireacht rópa á cleachtadh go fóill agus tá imní ann go bhfuil an modh tuíodóireachta seo ag dul i léig.

Is é an aidhm atá leis an scéim ná deis oiliúna a thabhairt do dhuine ar bith ar mhaith leis slí bheatha a bhaint amach sa cheird.

Fearthainn

Deir Met Éireann go mbeidh tréimhsí fada d’fhearthainn throm san iarthuaisceart inniu, agus foláireamh aimsire stádas buí d’fhearthainn throm i bhfeidhm do Dhún na nGall go dtí’n 6.00 tráthnóna inniu.

Tháinig an foláireamh aimsire seo i bhfeidhm ag a 6.00 tráthnóna inné.

Dúirt Met Éireann go mbeidh fearthainn throm ar feadh an lae, agus go mbeidh tuillte in áiteanna dá bharr.

Tá baol láidir toirní inniu fosta san iarthuaisceart, a dúirt urlabhraí de chuid Met Éireann.