Uisce Éireann

Tá sé tugtha le fios ag Uisce Éireann go mbeifear ag obair ar an soláthar aibhléise don gcóras uisce i nGort na Tiobratan i mBaile Bhuirne amárach, agus go bhféadfadh go gcuirfí isteach ar an soláthar uisce ar feadh seala sa cheantar máguaird, idir a 9.30am agus 4.30pm.

D'fhéadfadh sé a bheith suas le ceithre uair a chloig i ndiaidh an ama san sara mbeidh an soláthar thar n-ais ina iomláine.

Seana-bhialann

Tá a thuilleadh eolais lorgtha ag Comhairle Contae Chiarraí ar an gcomhlacht Chute Haulage, maidir lena n-iarratas chun tigh na bialainne Reel Dingle Fish ar chúinne Ionad na bPoll agus Sráid a Droichid sa Daingean, agus an tigh in aice leis, seana-bhialann Greanys, a leagan, agus a atógáil.

Tugtar le fios i litir na Comhairle go bhfuil imní mhór ar an lucht pleanála maidir le airde na dtithe atá beartaithe, i gcomparáid leis na tithe atá ar an tsráid cheana, agus moltar dos na forbróirí an airde a ísliú dá réir, más mian leo an cead pleanála a fháil.

Níor cheart níos mó ná trí urlár a bheith sa chuid sin den bhforbairt a bheidh in aice leis an mbrú BASE, ar Shráid an Droichid, agus ba cheart an foirgneamh a bheidh in áit sheana-shiopa Greany a bheith céim níos ísle, de réir na litreach.

Tá iarrtha ag an gComhairle ar na forbróirí, léaráidí nua den bhforbairt a chur ar fáil, agus beidh sé mhí acu len é sin a dhéanamh.

Bruscar

Deir an Clr Roibeard Ó Brosnacháin nach aon ionadh é go mbeadh muiríne an Daingin breac le bruscar, ós rud é go bhfuil an bosca bruscair a chuirtear ar fáil dos na báid, fé ghlas formhór an ama.

Deir sé go gcaithfear breis boscaí bruscair a chur ar fáil ar an muiríne dos na mílte a bhíonn ag spaisteoireacht uirthi gach lá.

Rúnathe

Deir Máire Uí Mhurchadha, rúnaí i Scoil Náisiúnta na Rinne, Rinn Ua gCuanach, go mbeidh rúnaithe agus feighlithe scoile ag dul ar stailc amárach ar mhaithe le coinníollacha fostaíochta cothroma a bhaint amach agus go bhfuilid sásta an fód a sheasamh dtí go nglacfar lena n-éileamh.

Beidh baill an cheardchumainn Fórsa, idir rúnaithe agus feighlithe scoile, ar stailc amárach ar fud na tíre agus iad i mbun feachtais le bheith san áireamh don Scéim Pinsin Seirbhíse Poiblí Aonair, mar nach bhfuilid faoi láthair.

Jack Ó Conchúir

Ag cruinniú de Choiste Contae Chumann Lúthchleas Gael Chiarraí tráthnóna aréir, ceapadh Jack Ó Conchúir ón nDromad in athuair go ceann dhá bhliain, mar bhainisteoir ar fhoireann sinsir caide Chiarraí.

Ceapadh Pa Mac Cárthaigh ó Chorra ina roghnóir ar an bhfoireann bainistíochta, mar aon le roghnóirí na bliana so, Aodán Mac Gearailt, Cian Ó Néill agus Séamus Ó Coisdealbha.

Níor deineadh aon fhógra aréir fé bhainistíocht na foirne fé-20, cé go gceaptar go mbeidh Tomás ó Sé Ard an Bhóthair ag fanacht inti mar bhainisteoir go ceann dhá bhliain eile.

Tuigtear go bpléifear an cheist ag cruinniú na míosa seo chugainn den gcoiste.

Ephie Mac Gearailt

D'fhógair Coiste Bainistíochta Chumann Lúthchleas Gael Phort Láirge aréir go bhfuil Ephie Mac Gearailt ó Chorcaigh ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann sinsir caide Phort Láirge, go ceann dhá bhliain, agus é mar rogha aige más mian leis fanacht don dtríú bliain.

Bhí sé ina bhainisteoir cheana ar na Déise i 2022 agus i 2023, agus tagann sé i gcomharbacht ar Phaul Shanckey a d’éirigh as i mí Iúil.