Otharlann Leitir Ceanainn
Níor thosaigh ach 13% d'othair a bhfuil ailse orthu agus a raibh Ceimiteiripe uathu, ag fáil cóir leighis taobh istigh den am atá leagtha síos in Otharlann Leitir Ceanainn sa chéad ráithe de 2025.
De réir tuairisce de chuid The Journal Investigates, bhí Otharlann Leitir Ceanainn ar an otharlann is measa sa tír, maidir le cóir leighis ceimiteiripe a chur ar fáil in am d’othair idir Eanáir agus Márta i mbliana.
Tá sé ráite ag bainistíocht Otharlann Leitir Ceanainn gur bhisigh cúrsaí ó mhí Mhárta agus go bhfuil an chóir leighis seo á fáil in am ag 40% de na hothair anois.
Óstán an Waterfront
Tá Óstán an Waterfront ar an Chlochán Liath á chur ar an mhargadh agus treoirluach €4.5m luaite leis.
Cheannaigh Kevin Boyle an t-óstán sa bhliain 2015 agus rinneadh infheistíocht mhór san fhoirgneamh ó shin.
Tá treoir tugtha do Savills agus TDL Horizons an t-óstán a dhíol.
Tá 49 seomra leapa in Óstán an Waterfront, ionad comhdhála, bialanna agus beár, le cois sólann d’ardchaighdeán.
Dúirt Tom Barrett ó ghrúpa Savills atá ag láimhseáil an díolacháin, gur óstán nua-aimseartha d’ardchaighdeán an Waterfront, ar cuireadh síniú mór leis le roinnt blianta.
Tá go leor deiseanna agus féidearthachtaí ag baint leis an óstán seo, agus go leor deiseanna eile forbartha ansin, de bharr an suíomh a bheith chomh mór, a dúirt sé.
Aontú
Tá eagla ar an phobal agus ar úinéirí gnó ar Phríomhshráid Leitir Ceanainn, ag eascairt as roinnt eachtraí tromchúiseacha a tharla ansin le tamall, a dúirt urlabhraí Aontú i Leitir Ceanainn, Mary T Sweeney.
Caithfidh Gardaí a bheith níos feiceálaí ar fud an bhaile le déileáil le heachtraí mar seo, a dúirt sí, mar nach mbíonn Gardaí feiceálach go leor i mbaile Leitir Ceanainn.
Dúirt sí gur bagraíodh ar dhuine le scian sa bhaile agus gur dearnadh ionsaithe ar dhaoine eile sa bhaile le tamall, agus ag eascairt as seo tá imní ar dhaoine sa bhaile anois, a dúirt Mary T Sweeney.
Caithfear feabhas a chur ar shlándáil ar shráideanna Leitir Ceanainn, a dúirt sí.
Scoil
Níl sé ceart an dóigh a bhfuil an Roinn Oideachais ag caitheamh le tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Scoil Little Angels i Leitir Ceanainn, a dúirt an Comhairleoir Tomás Sean Devine.
Dúirt an Comhairleoir Devine go raibh súil aige go mbeadh a mhac féin ag freastal ar Scoil úr Little Angels ar an Luan seo chugainn ach go bhfuair na tuismitheoirí uilig teachtaireacht inné ó bhainistíocht na scoile ag tabhairt le fios go m’fhéidir go mbeadh moill ar oscailt na scoile.
Bhí foirgneamh úr na scoile agus ceithre sheomra réamhdhéanta le hoscailt Dé Luain seo chugainn.
Tá éiginnteacht anois, a dúirt an Comhairleoir Devine, agus frustrachas ar thuismitheoirí agus gan ach cúpla lá fágtha acu le hullmhúcháin a dhéanamh má tá athrú ar an dáta oscailte.
Árachas sláinte
Cuirfidh na harduithe atá fógartha ar chostas árachais sláinte tuilleadh brú ar theaghlaigh i nDún na nGall atá ag streachailt mar atá siad de bharr costais mhaireachtála arda, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
D’fhógair VHI ardú 3% ar phraghas árachais sláinte inné agus d’fhógair Irish Life agus Laya go raibh a dtáillí féin á n-ardú acu le gairid.
Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go gcaithfear smacht a choinneáil ar chostais agus gur cheart don Rialtas cruinniú a eagrú le ceannairí na gcomhlachtaí árachais agus an fód a sheasamh do chustaiméirí.
Teastaíonn córas sláinte poiblí gur féidir braith air, a dúirt sé, ó tharla go bhfuil fhios ag comhlachtaí móra árachais sláinte go n-íocann daoine as árachas sláinte nuair nach bhfuil muinín acu sa chóras poiblí.
Líne chabhrach
Tá líne chabhrach á cur ar fáil ag Seirbhís Treorach Bhord Oideachas agus Oiliúna Dhún na nGall inniu le heolas agus comhairle a chur ar fáil do dhaltaí atá ag fanacht ar thairiscintí tríú leibhéal ón Lar-Oifig Iontrála, an CAO, inniu.
Fuair 2,295 dalta i nDún na nGall torthaí na hArdteiste Dé hAoine, agus beidh áiteacha ar chúrsaí tríú leibhéal á dtairiscint do na céadta mac léinn sa chontae inniu.
Dúirt Mairéad Nic Pháidín, Comhordaitheoir le Seirbhís Treorach an ETB, go bhfuil comhairleoirí gairmthreorach ar fáil do dhuine ar bith a bhfuil treoir uathu.
Beidh comhairle ar fáil maidir le cúrsaí de chuid an ETB nó cúrsaí i gcoláistí eile, a dúirt sí.
Is féidir glaoch a chur ar líne chabhrach Sheirbhís Treorach ETB Dhún na nGall, nó ar líne chabhrach náisiúnta Institiúid na gComhairleoirí Treorach, líne chabhrach CAO nó teagmháil a dhéanamh leis an mhúinteoir gairmthreorach sa scoil, a dúirt sí.