Naíolanna
Caithfidh an Rialtas aitheantas ceart a thabhairt do chéimithe atá ag obair san earnáil cúraim leanaí, díreach mar atá á thabhairt do mhúinteoirí bunscoile, a dúirt Bainisteoir Naíolann Ghaoth Dobhair Caitlín Uí Dhúgáin.
Dúirt sí go bhfuil easpa measa ar an ról agus go bhfuil liostaí feithimh fada sna naíolanna in Iarthuaisceart Dhún na nGall mar nach bhfuil daoine ag iarraidh obair san earnáil mar atá sí faoi láthair.
Tá thar 100 tuismitheoir ag fanacht níos mó na dhá bhliain le áit a aimsiú dá bpáistí i Naíolann Ghaoth Dobhair agus tá 54 páiste eile ar liosta feithimh do Naíolann i gCloich Chionnaola, a dúirt Caitlín Uí Dhúgáin.
Timpiste
Ba é Martin McCallion as Bun Cranncha an fear sna seascaidí a fuair bás de bharr timpiste ag an láthair oibre thar an deireadh seachtaine.
Fuair Martin McCallion bás in Otharlann Leitir Ceanainn Dé Sathairn mar thoradh ar na gortaithe a bhain dó i dtimpiste Déardaoin seo a chuaigh thart.
Beidh a thórramh ar siúl Déardaoin.
Tithe
Tá Dún na nGall ar cheann de na contaetha ina bhfuil an ráta is airde tithe folmha sa tír, de réir na tuarascála is deireanaí ó GeoDirectory atá dírithe ar an dara ráithe den bhliain.
9% de thithe atá folamh sa chontae – trí oiread níos mó ná an meán náisiúnta.
667 seoladh baile úr a cruthaíodh sa chontae le linn na tréimhse sin – laghdú 6.8% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
829 teach úr a bhí á dtógáil sa chontae an mhí seo a chuaigh thart de réir na tuarascála.
Léirítear sa tuarascáil fosta go raibh an ráta is airde tithe saoire sa tír i nDún na nGall – ráta 25.3%.
€218,739 an meánchostas ar theach sa chontae i mí Meithimh de réir na tuarascála.
Bhí an ráta cíosa is ísle sa tír i nDún na nGall sa tréimhse sin agus daoine ag íoc €123 cíosa sa mhí ar an mheán.
Túsla
Rinneadh athstruchtúrú ar Sheirbhís um Chosaint agus Leas Leanaí Dhún na nGall agus cuireadh beartais i bhfeidhm le líon na gcásanna nach raibh á bhfiosrú ar bhonn práinne a laghdú, a deir Tusla, ó d'aithin siad dúshláin sa tseirbhís i 2023.
Thug Tusla le fios i ráiteas go ndéantar dáileadh ar 92% de chásanna faoi láthair agus go bhfuil seirbhís shábháilte, éifeachtach agus thráthúil á soláthar ag an tSeirbhís um Chosaint agus Leas Leanaí i nDún na nGall.
Tuairiscíodh san Irish Times inné gur léirigh athbhreithniú inmheánach de chuid TUSLA i 2023 go raibh moill ar oibrithe sóisialta tuairiscí ina raibh imní faoi mhí-úsáid ar pháistí a fhiosrú ar bhonn práinne mar gheall ar dheacrachtaí foirne.