Jack Ó Conchúir
Tabharfaidh Cumann Lúthchleas Gael Chiarraí a mbeannacht ag a gcruinniú tráthnóna do Jack Ó Conchúir, chun fanacht tréimhse eile dhá bhliain mar bhainisteoir ar fhoireann sinsir caide Chiarraí.
Tá craobh na hÉireann buaite cúig bhabhta ag fear na Dromod i dtrí thréimhse, thar aon bhliain déag.
Tuigtear go gceapfar Tomás Ó Sé, Ard an Bhóthair, chomh maith ag cruinniú an tráthnóna, do thréimhse eile dhá bhliain mar bhainisteoir ar fhoireann fé 20 caide an chontae.
Post
Níor dáileadh aon phost inné i Lios Póil ná in Abhainn an Scáil, agus tá an chuma ar an scéal ná beidh aon litir a dáileadh sa cheantar go ceann seachtaine.
Tuigtear do Nuacht an Deiscirt go mbíodh post Lios Póil agus Abhainn an Scáil á dháileadh ó oifig poist an Daingin, ach go bhfuil an cúram san aistrithe an tseachtain seo go dtí Trá Lí, agus an fear poist a bhí i mbun oibre sna bailte sin aistrithe go dtí limistéir nua in Iarthar Duibhneach.
Tuigtear go bhfuil easpa foirne i dTrá Lí agus an té a bhí le bheith ag dul i mbun an dáilithe inné, fós ar a laethanta saoire go ceann seachtaine, agus gan éinne eile ar fáil a d'fhéadfadh an cúram a dhéanamh.
Níl aon ráiteas ná fógra oifigiúil déanta ag an Post ina thaobh so.
Ollmhargadh
Tá cead pleanála tugtha d’Ollmhargadh Uí Ghairbhí sa Daingean, an tigh atá béal dorais leis an ollmhargadh in Ionad na bPoll a leagan, agus síneadh a chur leis an ollmhargadh.
Tá 10 gcinn de choinníollacha luaite leis an gcead, atá bunaithe den chuid is mó ar bhainistiú deacrachtaí tráchta agus foirgnimh phríobháideacha a chosaint.
Beidh oifig agus árasán i gceist leis an bhforbairt chomh maith.
An Comhaontas Glas
Deir urlabhraí Chomhaontas Glas sna hIardhéise, Críostóir Ó Faoláin, gur mór an scrupall é go bhfuil an Stát sásta beatha a chur i mbaol, d’fhonn cúpla pingin a shábháil, agus gan Cé Heilbhic taoscaithe le blianta fada.
In agallamh d’Adhmhaidin inniu dúirt an Faolánach go bhfuil leigheas gearrthréimhseach fachta ag criú an bháid tarrthála, a chiorraíonn an méid ama a bhíonn an bád as seirbhís, ach nach aon chabhair san dos na hiascairí a bhíonn teanntaithe istigh go minic.
Paul Egan
Déanfaidh an tAire Cultúir Patrick O’Donovan an oscailt oifigiúil inniu i gCill Airne, ar thaispeántas portráidí atá déanta ag an ealaíontóir Paul Egan ón Leitriúch.
Kerry Icons is teideal don gcnuasach leathchéad portráid de leithéidí Pheig Sayers, John B Keane, David Clifford agus Jessie Buckley.
Tá an taispeántas ar bun ó mhí an Mheithimh i dTithe an Rialtais ar an mbóthar nua i gCill Airne, agus beidh sé ar oscailt dtí an 23 Meán Fómhair.
Tithe
Tá titim shuntasach tagtha ar líon na dtithe nua-thógtha a cláraíodh i gCiarraí, ó mhí Meithimh 2024 go mí Meithimh na bliana seo.
Tháinig laghdú 13.5% ar an ráta i gCiarraí le bliain anuas, bhí laghdú 7.1% i gContae Chorcaí, ach tháinig fás 4.3% ar an ráta i gContae Phort Láirge.
Tugtar an méid seo le fios i dtuarascáil atá foilsithe ag an suíomh Geo Directory inniu.
Uisce
Tá srianta curtha i bhfeidhm ag Uisce Éireann ar an soláthar uisce istoíche i Mainistir na Corann in Oirthear Chorcaí.
Tháinig na srianta i bhfeidhm aréir, agus mairfidh go ceann seachtaine, go dtí maidin Dé Luain.
D’fhéadfadh go gcuirfí isteach ar an soláthar uisce, nó ar bhrú an uisce sna píopaí, i gceantar Mhainistir an Corann idir a 10pm agus 7am.
Deir Uisce Éireann go dtuigeann siad go gcuireann srianta mar seo as do chustaiméirí, ach táid riachtanach, a deirid, le cinntiú go mbeidh a dhóthain uisce ar fáil le linn an lae.
Tá Ordú Caomhnaithe Uisce fós i bhfeidhm i gContae Chorcaí, cé nach bhfuil sa chathair, agus mairfidh san go dtí an 16 Meán Fómhair.