Uisce

Tá ceantracha i gCloich Cheann Fhaola go fóill gan uisce maidin inniu mar gheall ar fhadhb san Ionad Cóireála Uisce ar an Ardaí Bheag.

Ní bheidh uisce ar bith ar an Dún Mór, ar an Fhál Carrach go meán lae ar a luaithe agus tá an baol ann nach mbeidh sé ar ais i gceantracha eile ar an Fhál Carrach go tráthnóna, a thug an Comhairleoir Contae Michael McClafferty le fios.

Tá an t-uisce ar ais i mBaile an Fháil Charraigh ach tá an brú thar a bheith íseal, a dúirt sé.

Brící Lochtacha

Níor cóiríodh ach 7% de thithe daoine a chur isteach ar Scéim na mBrící Lochtacha ó bunaíodh an scéim 5 bhliana ó shin, de réir alt ar nuachtán an Irish Times.

Léiríonn figiúirí úra ón Roinn Tithíochta go deireadh mhí Iúil i mbliana gur 220 teach as 2870 iarratas a cóiríodh faoin scéim.

Tá fógra tugtha ag 977 úinéir tí go bhfuil siad réidh le toiseacht ar an obair.

Dúirt an Roinn Tithíochta i ráiteas a tugadh don nuachtán gur 41% d'iarratais atá i gceist nuair a chuirtear an 220 teach atá críochnaithe agus an 977 teach a bhfuil obair le toiseacht orthu san áireamh.

Dúirt siad gurb í 2024 an chéad bhliain den scéim cúitimh reatha agus gur léir ó líon na bhfógraí tosaithe go bhfuil ráchairt ar an scéim.

Lóistín

Tá díomá ar phobal Árainn Mhór gur chaill siad an deis le comhdháil sláinte as an Eoraip, a reáchtáil ar an oileán siocair easpa lóistín cláraithe oifigiúil.

Bhí grúpa saineolaithe sláinte as dhá thír déag san Eoraip le cuairt a thabhairt ar Árainn Mhór i mí Mheán Fómhair le cúrsaí sláinte ar an oileán a phlé.

Dúirt Bainisteoir Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór, John Mac Eamharcaigh, go bhfuil neart lóistín ar fáil ar an oileán ach go bhfuil na costais i bhfad ró-ard le huasghrádú a dhéanamh ar thithe le go dtig leo clárú le Fáilte Éireann.

Bád Pléisiúir

Tháinig an bád pléisiúir Island Sky i dtír sna Cealla Beaga maidin inniu don tríú huair an séasúr seo.

Beidh an bád sna Cealla Beaga go dtí am lóin amárach.

90 méadar ar fhad atá Island Sky agus tá sí in ann freastal ar 118 paisinéir.