Peig Sayers

Beidh puipéad mór Pheig Sayers i gCill Airne an deireadh seachtaine seo.

Beidh an seó le Mothú ar siúl Dé Sathairn ar an tSráid Mhór ar an mbaile le ceiliúradh a dhéanamh roimh dheireadh an tsamhraidh.

Chonacthas puipéad Pheig cheana ar shráideanna an Daingin i rith Fhéile na Bealtaine, agus ceol agus taispeántas rince ina teannta.

Beidh an pharáid ag tosú ar a ceathrú chun a 9 oíche Dé Sathairn ar an tSráid Mhór i gCill Airne, in aice Lána an Mhargaidh.

Pleanáil Teanga

Deir Oifigeach Pleanála Teanga Chathair Saidhbhín, Shane Ó Súilleabháin, go bhfuil an obair leis an óige ar an ngné is tábhachtaí d'obair na nOifigeach, agus go mbeidh na hoifigigh óige atá le ceapadh, ina an-chabhair dóibh.

Deir sé an méid sin in agallamh ar Adhmhaidin inniu agus an spriocdháta do na poist in Uíbh Ráthach agus i gCorca Dhuibhne buailte linn.

Dairbhre

Tá díomá ar an gComhairleoir Tommy Cahill nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ar mhuiríne Dhairbhre.

Chuir an Comhairleoir Cahill rún os comhair cruinniú de Cheantar Bardasach Neidín le déanaí ag moladh go ndéanfaí iarracht tús áite a thabhairt d’fhorbairt mhuiríne Dhairbhre agus achmhainní breise cosúil le huisce úr, seirbhísí leictreachais agus slándála a chuir ar fáil inti.

Mar fhreagra, dúirt an Chomhairle ná raibh aon mhaoiniú breise ar fáil do thogra dá leithéid.

Dúirt an Comhairleoir go raibh iardheisceart Chiarraí á fhágáil ar lár agus réigiúin eile ag baint tairbhe as bonneagar muirí dá leithéid.

Maíonn sé chomh maith go bhfuil an mhoill atá ar an síneadh a chur leis an gCé i gCaladh Uíbh Ráthaigh ag cur slite beatha na ndaoine i mbaol.

Ag an gcruinniú de Cheantar Bardasach Neidín, chuir sé fáilte roimh an scéala go bhfuil glactha ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí le hiarratas na Comhairle Contae ar chead limistéar mara don togra, agus go ndéanfar cinneadh ar an iarratas faoi dheireadh na míosa seo.

Dúirt sé go mbeadh sé féin ag scríobh chuig an Údarás Mara, agus chuig an Aire Mara ag éileamh go ndéanfaí cinneadh tapa ar an iarratas agus go gcuirfí maoiniú ar fáil gan mhoill.

Baile Ghib

Tá sé socraithe ag an bpobal i mBaile Ghib i gContae na Mí, gur an 31 Lúnasa a sheolfar go hoifigiúil balla cuimhneacháin in ómós agus i gcuimhne na ndaoine a bhuail fúthu i ndúiche Tailteann i 1937.

Beidh liosta in ord aibítreach ar an mballa do na teaghlaigh go léir a d’aistrigh chun na dúiche ocht mbliana is cheithre fichead ó shin.

Bhí líon tí is fiche ó Ghaeltacht Chiarraí idir Uíbh Ráthach is Corca Dhuibhne agus dhá líon tí ó Bhéarra ina measc siúd a d’aistrigh agus maireann cúig dhuine dhéag i gcónaí den chéad ghlúin a bhog amach.

Cailleadh duine eile díobh i ndeireadh mhí Iúil, Kathleen Clusker, nó Cáit a Cherr Ní Mhuircheartaigh sular phós sí ó Bhaile an Lochaigh ó dhúchas.

Foilsíodh leabhar, Ceann Scríbe Baile Ghib, anuraidh agus tá buíon an-ghníomhach san áit i gcónaí ag iarraidh a chinntiú nach ligfí oidhreacht a muintire i ndíchuimhne.

Siúl carthanachta

Beifear ag siúl ó Dhún Garbhán go Rinn Ua gCuanach, trasna an Choinnigéir, ar lagtrá Dé Domhnaigh ar mhaithe le carthanacht.

Beifear ag tosú in Ionad Spóirt Dhún Garbhán ar a 12.30 Dé Domhnaigh, agus ag siúl chomh fada le Tigh an Cheoil.

Tá seo á dhéanamh ar mhaithe le hOspidéal Pobail Dhún Garbhán, le Cumann na Leon, agus le Slí Dhéagláin.

Is féidir clárú ar Eventbrite, nó san Ionad Spóirt ón 11.30am Dé Domhnaigh.