Srianta Uisce

Tá srianta oíche le cur ar an soláthar uisce ó Ionad Cóireála Uisce na nDúnaibh, a deir Uisce Éireann.

Beidh na srianta i bhfeidhm ó 10.30 san oíche go dtí an 7 a chlog ar maidin inniu agus amárach.

Deir Uisce Éireann go bhfuil na srianta a dhíth le cinntiú go mbeidh go leor uisce ag gnónna agus ag tithe le linn an lae.

Tá ráchairt mhór ar uisce faoi láthair, a deir siad, agus bhéarfaidh na srianta deis do leibhéal na dtaiscumar theacht chucu féin.

Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar chustaiméirí i gceantar na nDúnaibh uisce a chaomhnú más féidir.

Cumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann

Tá sé fógartha ag Cumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann gurb é Pheilim Molloy as Dún na nGall a bheas ina Uachtarán úr ar an chumann.

Tiocfaidh sé i gcomharba ar Vincent Roddy agus dhéanfar é a insealbhú ag cruinniú cinn bhliana an chumainn a bheas ar siúl i gCo. Ros Comáin an t-aonú lá déag de mhí Mheán Fómhair.

Dhá bhliain a mhairfidh a thréimhse uachtaránachta.

Dúradh i ráiteas ó Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann go raibh próiseas ainmniúcháin ar bun le roinnt seachtainí agus gur ghlac Pheilim Molloy le hainmniúchán an uachtaráin ag cruinniú den Chomhairle Náisiúnta Dé Luain.

Bhí Pheilim Molloy ina Leas-Uachtarán agus ina Chathaoireach ar an chumann náisiúnta roimhe seo agus bhí sé lárnach sa chumann i nDún na nGall fosta nuair a bhí sé ina chathaoirleach contae.

Inis Bó Finne

Bhéarfar 7 gcinn d'eallaí isteach go hInis Bó Finne inniu, an chéad tréad le dhá scór bliain a tugadh chun an oileáin ar féarach.

Is é an feirmeoir John Jacob as Dún Fionnchaidh a thabharfaidh an t-eallach isteach.

Tá pobal an oileáin agus an eagraíocht Traonach Life, atá ag tacú leis an togra, ag súil go dtiocfaidh méadú ar líon na dtraonach ar an oileán dá bharr.

Plean Teanga

Dúirt an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta go bhfuil siad ag súil go bhfoilseofar an t-athbhreithniú ar an chéad 10 bplean teanga atá ar bun faoi láthair, i mí Mheán Fómhair.

San áireamh anseo tá Plean Teanga Chloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, an Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, agus Árainn Mhór.

Léirigh Oifigigh Pleanála Teanga míshásamh mór leis an mhoill fhada an t-athbhreithniú seo a fhoilsiú, mar gur dúradh i dtús ama go mbeadh an tuarascáil seo foilsithe i mí Dheireadh Fómhair 2023

Tá 36 phlean teanga ceadaithe ag an Stát idir 26 limistéar pleanála teanga, seacht mbaile seirbhíse Gaeltachta agus trí líonra Gaeilge.

Cosán na nDúnaibh

Tá tús curtha an tseachtain seo, leis an chéad chéim den Bhealach Glas ó na Dúnaibh go Carraig Airt.

Ceadaíodh leath mhilliún euro do Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 2022 le tabhairt faoin chéad chéim den chosán in aice le Gailf Chúrsa Rós na Binne ar bhealach an R248 a fhad le bealach an L1042, atá ciliméadair ó Charraig Airt.

Tugadh le fios do Choiste Bardais Bhaile na nGallóglach agus Leitir Ceanainn go gcaithfidh an obair ar an chéad céim den chosán a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana.

Dúradh go bhfuil iarratas déanta ag an Chomhairle Contae ar leath mhilliún euro eile don dara céim leis an Bhealach Glas a chríochnú a fhad le Carraig Airt agus go bhfuil cainteanna ar siúl leis na húinéirí talún ar an phíosa seo don chosán faoi láthair.