Coinníoll teanga
Dea-scéala go bhfuil an chéad scéim tithíochta a bhfuil coinníoll teanga luaite léi ceadaithe ag Comhairle Chontae Dhún na nGall i nGaeltacht Thír Chonaill, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.
Ceadaíodh scéim tithíochta 25 teach ar an Fhál Carrach agus tá sé luaite sa chead pleanála go gcaithfidh 21 teach, nó 85% de na tithe sin a bheith ar fáil do thionóntaí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
Dúirt Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig go bhfuil an Ghaeilge iontach láidir i gCloich Cheann Fhaola, áit ar ceadaíodh an chéad scéim tithíochta seo ach go bhfuil ceantair Ghaeltachta eile sa chontae nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir agus go bhfuil na rialacha céanna i bhfeidhm.
Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh comhoibriú ar siúl idir na Rannóga Stáit uilig agus na hOifigigh Pleanála Teanga le cinntiú go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn le go mbeidh Gaeilge líofa ag daoine atá ag lorg tithe sa Ghaeltacht.
Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh
Dúirt urlabhraí de chuid Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh gur botún a bhí i bhfógra go mbeadh cúrsa oiliúna do mhná Gaeltachta, Gaeltacht Thír Chonaill san áireamh, á reáchtáil i mBéarla amháin, de réir Tuairisc.ie.
Tá an clár Cumasú á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an Eagraíocht Empower le trí bliana anuas.
Cuireadh in iúl san fhógra d'eagrán na bliana seo den chlár gur i mBéarla amháin a bheadh an cúrsa á reáchtáil ach go raibh sé i gceist ag an lucht eagraithe cur leis an méid Gaeilge a bheadh ann sna blianta amach romhainn.
I bhfreagra ar cheist a chuir Tuairisc ar Údarás na Gaeltachta cad chuige a raibh clár a bhí dírithe ar mhuintir na Gaeltachta á reáchtáil i mBéarla amháin, dúirt an tÚdarás nach raibh lámh ag an Údarás i gcur le chéile an chláir féin agus gur ar Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus ar Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan atá an cúram sin.
Tá sé ráite anois ag urlabhraí de chuid Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh gur botún a bhí ann an líne sin a bheith san fhógra agus gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheadh an clár á reáchtáil i 2025.
Bádaí pléisiúir
Tiocfaidh breis agus 2,000 paisinéir i dtír ar thrí bhád pléisiúir ag calafort na gCealla Beaga ón lá inniu go ceann trí lá.
Tháinig 1,218 paisinéir i dtír ar an bhád an Vista, bád 246 méadar ar fhad, nuair a tháinig sí i dtír sna Cealla Beaga ag a 8 ar maidin inniu.
Beidh an bád ansin go dtí a 6.00 tráthnóna inniu, agus beidh paisinéirí á dtabhairt ar thurais ar fud an iarthuaiscirt le linn an lae.
Is í seo an tríú cuairt ag an Vista ar na Cealla Beaga i mbliana.
Amárach, tiocfaidh 700 paisinéir i dtír ar an Seven Seas Grandeur agus Déardaoin tiocfaidh 118 paisinéir i dtír ar an long Island Sky.
Páistí ón Phalaistín
Aistreofar ochtar páistí ón Phalaistín atá go dona tinn ó Bhaile Átha Cliath go Leitir Ceanainn lena dteaghlaigh an tseachtain seo.
Tuairiscíodh an tseachtain a chuaigh thart nach raibh máithreacha na bpáistí sásta bogadh go Dún na nGall mar go raibh imní orthu nach bhfaigheadh a gcuid páistí an cúram ceart a bhí ag teastáil uathu.
Tuigtear go bhfuil socruithe curtha déanta anois i ndiaidh comhráití leis na húdaráis chuí agus go bhfuil na teaghlaigh le haistriú go lóistín úr i Leitir Ceanainn an tseachtain seo.
Oifigeach Pleanála Teanga
Tá post Oifigeach Pleanála Teanga fógartha ag Comharchumann Thoraí Teoranta an athuair agus beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí an chomharchumainn ar Thoraigh.
Tá Comharchumann Oileán Thoraí ag feidhmiú mar cheanneagraíocht agus i gcomhar le Pleanáil Teanga Oileán Thoraí atá freagrach as an phlean teanga don oileán a chur i bhfeidhm.
Clúdóidh Comharchumann Thoraí costas lóistín don té a cheapfar ar feadh bliana.
Tá go dtí an Aoine an 19 Meán Fómhair ag daoine cur isteach ar an phost seo.