Iascaireacht
Tá barraíocht de chuóta éisc na tíre seo a thabhairt i dtír i dtíortha eile, agus dá bharr tá ganntanas mór éisc sna monarcha próiseála éisc sna Cealla Beaga agus ar fud na tíre, a deir Cumann Próiseálaithe agus Táirgeoirí Éisc na hÉireann. Tá an Cumann ag iarraidh ar an Aire Mara Timmy Dooley scrúdú a dhéanamh ar an gcúis a bhfuil oiread de chuóta éisc na hÉireann á thabhairt i dtír thar lear, am a bhfuil géarchéim san earnáil próiseála éisc sa tír seo. De réir an eolais is deireanaí don bhliain 2024, tugadh 38,904 tonna éisc de chuóta éisc na hÉireann i dtír i dtíortha eile.
An Phortaingéil
Tá fear as Baile Dhún na nGall ar iarraidh in Albufeira sa Phortaingéil.Chonacthas Mark Keily go deireanach i dtrátha an 2 a chlog maidin Dé Sathairn i gceantar an tSeanbhaile in Albufeira sa Phortaingéil. Tá a theaghlach agus a chairde ag lorg eolais faoi agus tá achainí ar bun acu ar na meáin shóisialta. Tuigtear go raibh brístí gairide agus léine de dhath éadrom glas air nuair a chonacthas go deireanach é.
Tinte
D'fhreastail na seirbhísí dóiteáin i nDún na nGall ar 308 tine sa Chontae agus ar dheich dtine i gceantracha eile taobh amuigh den Chontae anuraidh, de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá foilsithe ag an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála.
Bhain 58 de na glaonna sin le tinte simléir, luaith the agus súiche, bhain ceithre ghlaoch is fiche le dó bruscar agus bhain aon ghlaoch déag le hábhair toite eile.Ba chócaireacht agus teas ba chúis le naonúr de na tinte, bhain ochtar le trealamh leictreach agus ba sreanga leictreacha ba chúis le ceathrar de na tinte.Meastar gur lasadh ochtar de na tinte seo go mailíseach agus ní fios caide ba chúis le 177 de na tinte seo.Duine amháin a fuair bás mar thoradh ar thine i nDún na nGall anuraidh, de réir na bhfigiúiri.
Tarrtháil
B’éigean do Chumann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall tarrtháil a thabhairt ar shiúlóir a ghortaigh a chos le linn dó a bheith ag dreapadóireacht ar an Earagail ar an deireadh seachtaine.Tharla an eachtra roimh an cúig a chlog tráthnóna Dé Sathairn agus bhain an Cumann Tarrthála úsáid as córas fóin póca leis an té a gortaíodh a aimsiú.Thug foireann an Chumainn an té a gortaíodh anuas den Earagail go dtí an carrchlós ag bun na hEaragaile agus d’aistrigh an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna go hOtharlann Leitir Ceanainn é, le haghaidh cóir leighis.
Taraifí
Tá Comhlachtaí buartha faoin éiginnteacht atá ar domhan maidir le taraifí agus costais agus beag uchtach ar go leor acu a ngnó a mhéadú nó gnó úr a bhunú dar le Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill Micheal Mac Giolla Easpaig. Dúirt sé go bhfuil na trioblóidi atá ar fud an domhain ag cur le costais agus go dtí go socrófar ceist na dtaraifí go mairfidh an éiginnteacht sin. Dúirt Micheal Mac Giolla Easpaig go bhfuil sé dúshlánach ag Comhlachtaí foirne a earcú go háirithe in earnáil na deantúsaíochta agus na hinnealtóireachta de.
Tithíocht
Tá scéim tithíochta 25 teach le tógáil ar an Fhál Carrach agus beidh 21 teach acu seo ar fáil do thionóntaí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Tá cead faighte ag Michael agus Linda Whoriskey 25 teach a thógail ag Stáisiún na Cúirte ar an Fhál Carrach. San fhorbairt seo, beidh 11 teach 2 sheomra leaba, 6 theach 3 sheomra leaba agus dhá bhloc árasán ina mbeidh 4 árasán 2 sheomra leaba i ngach bloc. Tá 23 choinníoll leis an chead pleanála. Faoin choinníoll teanga, caithfear 85% de na tithe úra a thabhairt do thionóntaí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
Tá na rialacha a bhaineann leis an choinníoll teanga a ndréachtú ag Rannóg Pleanála na Comhairle Contae faoi láthair.