Seán Rooney

Tá tús oifigiúil curtha ag ionchúisitheoirí sa Liobáin le próisis achomhairc i gcoinne na bpionós a gearradh orthu siúd a ciontaíodh i ndúnmharú an tSaighdiúra Seán Rooney.

Maraíodh an Saighdiúir Seán Rooney, 24 bliain d'aois, as Baile Úr Uí Chuinneagáin, i mBéiriút an 14 Nollaig 2022, nuair a scaoileadh urchair leis an fheithicil a bhí á tiomáint aige.

Dheimhnigh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Harris fosta go mbeidh Príomh-Ionchúisitheoir Míleata úr i gceannas ar an chás.

Cháin máthair an tSaighdiúra Rooney, Natasha Rooney, an dóigh a reáchtáladh an triail i ndúnmharú a mic sa Liobáin agus na pionóis a gearradh ar na fir a cúisíodh ina dhúnmharú.

Ní raibh Mohammad Ayyad, an príomhchosantóir, sa chúirt nuair a fógraíodh breith na Cúirte Míleata ar an mhí is chuaigh thart.

Dheimhnigh an Tánaiste Simon Harris gur labhair sé le hAire Dlí agus Cirt agus Cosanta na Liobáine tráthnóna inné agus go ndéanfar achomharc i gcoinne na bpionós.

Páistí ón Phalaistín

Tá an cinneadh a rinneadh ochtar páistí ón Phalaistín atá go dona tinn a aistriú ó lóistín i mBaile Átha Cliath go lóistín i gCo. Dhún na nGall, a chur siar, de réir ailt i nuachtán an Irish Times inniu.

Tá socruithe déanta ag Cumann na Croise Deirge na teaghlaigh a aistriú ó lóistín príobháideach i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil siad ina gcónaí ó tháinig siad go hÉirinn ag an Nollaig, go hárasáin i Leitir Ceanainn mar nach mbeidh fáil ar an lóistín a bhfuil siad ann faoi láthair ó Mheán Fómhair ar aghaidh.

Léirigh máithreacha na bpáistí imní nach bhfaigheadh a gcuid páistí an cúram cuí i Leitir Ceanainn agus tuigtear anois go bhfuil an cinneadh seo á chur siar chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá ag na máithreacha sula ndéanfar na páistí a aistriú.

Níl dáta úr ar bith socraithe go fóill ach tuigtear go bhfuil Cumann na Croise Deirge i bhfách go mór na teaghlaigh a bheith sa lóistín úr roimh an scoilbhliain úr.

Tánaiste

Beidh an Tánaiste Simon Harris i nDún na nGall inniu agus amárach.

Tabharfaidh sé cuairt ar theach ina bhfuil brící lochtacha i mBun Cranncha inniu ag a 12.20.

Beidh cruinnithe aige le baill de pháirtí Fhine Gael i Leitir Ceanainn ina dhiaidh sin, agus beidh cruinnithe aige sna Cealla Beaga tráthnóna.

Rachaidh sé ar bord an trálaeir iascaireachta The Chieftain ag céibh na gCealla Beaga ag 3.30 tráthnóna agus casfaidh sé le hEagraíochtaí Iascaireachta ansin.

Beidh cruinniú aige le baill de pháirtí Fhine Gael i mBéalach Féich ón 7.00 tráthnóna.

Amárach, casfaidh sé leis an Seanadóir Nikki Bradley i Leitir Ceanainn ar maidin agus dhéanfaidh sé an Earagail a dhreapadh le baill d’Ógra Fhine Gael agus an Seanadóir Nikki Bradley ag a 11.30 amárach.

Oileáin bheaga

Tá Bridget Nic Gairbheith, Bainisteoir Chomharchumann na nOileán, beag dóchasach go gcuirfear tús leis an chéad seirbhís lastais throm go dtí na hoileáin bheaga amach ó chósta Dhún na nGall ar an mhí seo chugainn.

Chuir sí fáilte mhór roimh an mhaoiniú a cheadaigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary do Chomharchumann na nOileán Beag le seirbhís úr lastais throm a chur ar fáil do shé oileán amach ó Chósta Dhún na nGall.

Dúirt sí go bhfuil go leor tithe á dtógáil agus á gcóiriú ar an hOileáin agus dea scéal é go mbeidh a leithéid de sheirbhís ar fáil den chéad uair riamh, a dúirt sí.

Bádaí Pléisiúir

Buntáiste ollmhór na Bádaí Pléisiúir a thig isteach go dtí na Cealla Beaga do go leor bailte i nDún na nGall, a dúirt Margaret Ní Chuinneagáin, Bainisteoir Daonbhaile Ghleann Cholm Cille.

Dúirt sí gur turasóirí ó na Bádaí Pléisiúir a bhí i 50% de na busanna a bheir cuairt ar an Daonbhaile, rud atá ina chuidiú mór don Chontae.

24 Bád pléisiúr a thiocfaidh isteach go dtí na Cealla Beaga i mbliana, an ceann deireanach acu i mbliana i lár na míosa seo chugainn.

Is deis a bhíonn ann, a dúirt Margaret Ní Chuinneagáin, blas de chultúr agus stair Dhún na nGall a chur i láthair na gcuairteoirí.