Teach Pobail

Reáchtálfar comhairliúchán poiblí paróiste ar an mhí seo chugainn faoi Theach Pobail úr a thógáil i nDoirí Beaga, a thug Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh le fios i ráiteas aréir.

Dódh Teach Pobail Mhuire go talamh Luan Cásca.

Beidh an comhairliúchán poiblí, faoi stiúir an chomhairleora Macdara Hosty, ar siúl an 15 Meán Fómhair in Ionad an Acadaimh i nGaoth Dobhair.

Deir an tAthair Ó Fearraigh go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh guth an phobail le cluinstin sa chomhairliúchán poiblí paróiste.

Cuirfear an t-aiseolas uilig ón chomhairliúchán poiblí le chéile i dtuarascáil fhoirmiúil a chuirfear faoi bhráid na foirne ailtireachta a roghnófar, rud a chinnteoidh go mbeidh tionchar díreach ag taithí, luachanna agus mianta phobal Ghaoth Dobhair ar dhearadh agus ar fhís a dTí Pobail úr a dúirt sé.

Thug an tAire Ó Fearraigh le fios gur dearnadh teagmháil le breis agus scór gnólacht ailtireachta a bhfuil taithí acu ar athchóiriú tithe pobail agus go bhfuil roinnt mhaith ailtirí i ndiaidh cuairt suímh a dhéanamh cheana féin.

Tá go dtí an 15 Lúnasa ag na gnólachtaí ailtireachta, tograí réamhchéime a sheoladh isteach, agus dúirt an tAthair Ó Fearraigh go bhfuil sé thar a bheith sásta leis an aird agus an cúram atá á thaispeáint go dtí seo.

Clár Aoisbhá

Tá éileamh mór ar an Chlár Aoisbhá i nDún na nGall, clár saor in aisce atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil do dhaoine thar 65 bliain d'aois le cur ar a gcumas fanacht ina gcuid tithe féin chomh fada agus is féidir agus cúram cónaithe fadtéarmach a sheachaint.

Tá dhá chomhordaitheoir ceaptha sa Chontae, duine ar an Chlochán Liath a chlúdaíonn Iarthar agus Deisceart na Contae agus an dara duine atá lonnaithe i gCarn Domhnach agus a chlúdaíonn Tuaisceart agus Oirthear na Contae.

Thug na Comhordaitheoirí eolas ar an obair atá idir lámha acu ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach ar na mallaibh.

Thug na Comhordaitheoirí le fios go ndearna 400 duine as an Chontae teagmháil leis an tSeirbhís ó cuireadh tús leis an chlár agus gur tugadh tacaíocht do dhaoine ar cheisteanna bainteach le cúrsaí tithíochta, sláinte, airgeadais, teicneolaíochta, pobail agus fuinnimh.

Is comhaontú atá sa chlár idir an Roinn Sláinte, an Roinn Tithíochta agus Aoisbhá Éireann.

Athlonnú

Deir máithreacha ochtar bpáistí ón Phalaistín atá go dona tinn nach bhfágfaidh siad a lóistín i mBaile Átha Cliath le dul go lóistín úr atá á chur ar fáil daofa i gCo. Dhún na nGall mar gheall go bhfuil imní orthu nach bhfaighidh a cuid páistí an cúram cuí ansin, de réir ailt ar an Irish Times inniu.

Tá ullmhúcháin á ndéanamh ag Cumann na Croise Deirge le 6 theaghlach a aistriú ó lóistín príobháideach i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil siad ina gcónaí ó tháinig siad go hÉirinn ag an Nollaig, go hárasáin i Leitir Ceanainn mar nach mbeidh fáil ar an lóistín a bhfuil siad ann faoi láthair ó Mheán Fómhair ar aghaidh.

Tá na teaghlaigh ag iarraidh go gcuirfí lóistín eile ar fáil daofa taobh istigh de limistéar dhá uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath.

Easpa Tithíochta

Caithfear níos mó a dhéanamh leis an ghéarchéim Tithíochta atá i gCeantar Bardais na nGleanntach a réiteach, a deir an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig.

Dúirt sé go bhfuil daoine ina gcónaí i gcarranna agus i mbóithigh agus go bhfuil sé ag plé le máthair a bhfuil beirt pháistí aici agus atá ag iompar agus í ina luí ar thoilg éagsúla achan oíche, rud atá scannalach a dúirt sé.

Dúirt sé go gcaithfear na fadhbanna tithíochta atá sa Cheantar Bardais a scrúdú go práinneach agus a réiteach agus níos mo iarrachtaí a dhéanamh cur le líon na dtithe.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig i gcomhfhreagras a chur sé chuig Michael Rowsome, Bainisteoir Ceantair sa Chomhairle Contae, go bhfuil cuid de na daoine seo ag cailleadh uchtaigh agus in ísle brí agus nach bhfuil sé seo maith go leor.