Bád Tarrthála
Tá súil ag criú Bhád Tarrthála Árainn Mhór go mbeidh a mBád Tarrthála, an Myrtle Maude, ar ais acu ar an oileán roimh dheireadh na míosa seo.
Rinneadh obair chóirithe agus uasghrádaithe ar an bhád in Poole Shasana, Ceanncheathrú an RNLI.
Tháinig an Myrtle Maude go hÁrainn Mhór sa bhliain 2000 agus dúirt Oifigeach Caidrimh Phoiblí an Bháid Tarrthála, Nóra Flanagan, go bhfuil siad dóchasach go mairfidh an bád blianta fada eile.
Tá trialacha farraige á ndéanamh ar an bhád faoi láthair agus rachaidh cúigear ó Bhád Tarrthála Árainn Mhór go Poole leis an Myrtle Maude a thabhairt na bhaile.
Tá Cumann na mBadaí Tarrthála ag brath go mór ar an phobal le maoiniú a chur ar fáil daofa, a dúirt Nora Flanagan.
Dúirt sí gur eagraíocht charthanachta atá san RNLI le hoibrithe deonacha agus go bhfuil siad ag brath i gcónaí ar an phobal feachtais bailithe airgid a reáchtáil daofa agus a bheith flaithiúil.
Tá 21 duine ina mbaill de Bhád Tarrthála Árainn Mhór faoi láthair, agus dúirt Nóra Flanagan gur chláraigh beirt úra leis an Chumann ar na mallaibh ach go bhfuil siad i gcónaí ag lorg tuilleadh cuidithe.
Dúirt sí go raibh an Bád Tarrthála iontach gnóthach an Samhradh seo, go háirithe i rith mhí Iúil.
Scrúdú tiomána
Tá laghdú suntasach tagtha ar thréimhsí feithimh don scrúdú tiomána i nDún na nGall, de réir tuairisce a d'fhoilsigh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre le gairid.
15.7 seachtainí an mheántréimhse feithimh do scrúdú tiomána sa chontae faoi láthair i gcomparáid le 19.7 seachtainí ar an mhí is chuaigh thart.
Léirítear sna figiúirí gur in ionad tástála Bhun Cranncha atá an liosta feithimh is faide sa Chondae don scrúdú tiomána, áit a mbítear 21 seachtain ar an mheán ag feitheamh.
14 seachtain ar an mheán atá i gceist in ionad tástála Leitir Ceanainn, agus tá 12 seachtain de thréimhse feithimh i gceist in ionad tástála Bhaile Dhún na nGall.
Deir an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre gur mar thoradh ar na bearta atá a gcur i bhfeidhm acu le dhul i ngleic le fadhb leanúnach na liostaí feithimh tiomána i gContae Dhún na nGall, agus sa tír ina hiomláine, go bhfuil an laghdú leanúnach tagtha ar thréimhsí feithimh don scrúdú tiomána.
Beidh siad ag leanstan lena n-iarrachtaí, a dúradh, leis an ghealltanas a tugadh go ndéanfaí an tréimhse feithimh don scrúdú tiomána a laghdú go dtí 10 seachtainí ar a mhéid roimh Mhí Mheán Fómhair na bliana seo, a chomhlíonadh.
Camscéimeanna
Tá Gardaí i nDún na nGall ag moladh do mhic léinn tríú leibhéal a bheith airdeallach maidir le camscéimeanna atá bainteach le tithe a ligean ar cíos do mhic léinn.
Ba cheart taighde a dhéanamh ar chostais chíosa sna ceantair a bhfuil teach uathu, agus níor cheart aon mhargadh a dhéanamh riamh gan an teach a fheiceáil, a deir siad.
Níor cheart úsáid a bhaint as airgead tirim chun éarlais a íoc ar theach ach oiread agus níor cheart aon íocaíocht a dhéanamh go mbeidh léas nó conradh sínithe, a dúirt siad.
Lucht Siúil
Sheol Togra Lucht Siúil Dhún na nGall togra úr "Bród, Ní Dochar" le maoiniú ó chiste PeacePlus le gairid, togra ar fiú €80,000 é.
Togra trasphobal agus trasteorann é seo, atá dírithe ar chaidrimh a láidriú agus a fheabhsú idir pobail mhionlaigh.
Beidh cúrsaí traenalá á reáchtáil le déileáil le ciníochas, leatrom agus imeallú, agus beidh deis ag 110 rannpháirtí freastal ar na cúrsaí faoin togra seo.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Paul Canning, gur togra ceannródaíoch an togra seo, a chuideoidh go mór le pobail imeallacha sa chontae.
Cuirfear tús leis an togra seo i mbliana agus beidh sé á reáchtáil go dtí 2027.
Togra síochána
Rinneadh togra úr nua Peace Plus, a bhfuil €80,000 luaite leis thar trí bliana, a sheoladh i gCeantar Bardais Dhún na nGall le gairid.
Togra é seo atá ag díriú ar thonnmharcaíocht, chun daoine óga ó chúlraí éagsúla a thabhairt le chéile, agus béim faoi leith a leagan ar chúrsaí folláine.
Beidh an cúrsa seo á sholáthar ag an ghrúpa Liquid Therapy, agus beifear ábalta 110 rannpháirtí a ghlacadh.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Liquid Therapy, Tom Losey, gur modh nuálaíoch é seo chun díriú ar chúrsaí folláine agus úsáid a bhaint as an fharraige le daoine a tharraingt le chéile agus le béim a chur ar shláinte, folláine, meabhairshláinte agus ar phobail a thabhairt le chéile.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Paul Canning, go bhfágfaidh an togra speisialta seo lorg fiúntach go cinnte ar an phobal.
Sábháilteacht
Beidh caint ar shábháilteacht san uisce ar siúl in Áislann Chill Chartha inniu ón 11.00am-1pm.
Tá an ócáid á heagrú ag Comhlacht Forbairt Áitiúil Dhún na nGall.
I bhfianaise na tragóide a tharla sa cheantar ag an deireadh seachtaine s’chuaigh thart nuair a bádh Máire Murray as Baile Átha Cliath agus Ros Comáin i nGleann Cholm Cille, deir an lucht eagraithe go mbeidh eolas tábhachtach á thabhairt inniu, go háirithe do dhaoine nach as an cheantar daofa, agus atá ag cur fúthu sa pharóiste.