Ospidéal

Ní raibh ospidéal na hOllscoile Ciarraí ag cloí go hiomlán ach le dhá chaighdeán naisiúnta as aon cheann déag, nuair a thug cigirí an Údaráis um Cháilíocht agus Faisnéis Sláinte, HIQA, cuairt ar an ospidéal i mí Eanáir na bliana so.

Léirítear i dtuarascáil atá foilsithe ag an Údarás gur comhlíonadh go hiomlán dhá chaighdeán náisiúnta, go raibh comhlíonadh substaintiúil ar thrí chinn eile, comhlíonadh i bpáirt ar chúig chaighdeán eile agus nach raibh aon chomhlíonadh ar chaighdeán amháin a bhain le cúrsaí sabháilteachta.

Cé go raibh córais i bhfeidhm san ospidéal chun monatóireacht a dhéanamh agus eolas a láimhseáil a bhaineann le seirbhísí sláinte a chur ar fáil go sábháilte, mheas na cigirí na raibh na córais seo chomh héifeachtach agus a d'fhéadfaidís a bheith.

Moladh bearta don ospidéal chun feabhas a chur ar an scéal agus d’aontaigh an t-ospidéal clár ama chun iad a chur i gcrí.

Bhí a bhformhór ceartaithe cheana acu roimh dhara ráithe na bliana seo.

Tá tuarascálacha foilsithe chomh maith ag HIQA ar Ospidéal Pobail Chill Airne agus ar an Otharlann Theas i gCorcaigh inar fuarthas go raibh na hospidéil sin ag cloí go hiomlán, nó go substaintiúil leis na caighdeáin go léir.

Tithíocht

Deir an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an Rialtas diongbháilte fé leigheas a fháil ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, ar na hoileáin, agus féin dtuath trí chéile.

Ag ócáid chomórtha Dhónaill Uí Chonaill i nDoire Fhíonáin inné, dúirt an Taoiseach go bhfuil breis cumhachtaí á dtabhairt d’Údaráis Áitiúla, faoin Acht Pleanála nua, chun cead pleanála a thabhairt do dhaoine.

An Conallach

Cuirfear clabhsúr le comóradh an Chonallaigh i gCathair Saidhbhín tráthnóna le cabhlach bád ar abhainn na Feartan.

Beifear ag bailiú óna 5.45pm tráthnóna ag muiríne Chathair Saidhbhín.

Múscraí

Deir Oifigeach Pleanála Teangan Cheantar Gaeltachta Mhúscraí, Eibhlín Ní Lionáird, go bhfuil ard-éileamh ar theagasc na Gaelainne sa cheantar don bhFómhar agus go bhfuil teagascóirí á lorg chun ranganna de gach aon tsaghas a mhúineadh.

Ní gá go mbeadh na teagascóirí ina múinteoirí cáilithe, a deir sí, ach theastódh go mbeadh Gaelainn mhaith dhúchasach acu le blas na háite.

Ní amháin go mbeidh ranganna teangan á múineadh, ach beidh ranganna ceardaíochta agus a leithéidí, ar nós na hadhmadóireachta agus na fuála á múineadh tré mheán na Gaelainne chomh maith.

Níl le déanamh ag éinne go mba mhaith leo a bheith ina dteagascóirí ach dul chun cainte le hEibhlín Ní Lionáird ag an seoladh opt@muscrai.org nó 0830914719.

Fisiteiripe

Ní féidir glacadh leis, a deir an Teachta Dála Pa Daly, go bhfuil 3,500 leanbh agus duine fásta ar an liosta feithimh don bhfisiteiripe i gContae Chiarraí, agus geall le trian díobh san ag fanacht le breis agus bliain.

Bhí sé ag trácht ar fhigiúirí a fuair sé ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar fhreagra ar cheist Dála.

Is cosúil gur measa an scéal i réigiún cúraim pobail a 3 i nDeisceart an chontae, a dúirt sé, mar a bhfuil cónaí ar bhreis agus leath na ndaoine atá ar liosta feithimh an chontae, agus geall le 70% des na daoine atá ag fanacht le bliain nó níos faide.

Féile Lios Póil

Cuirfear clabhsúr inniu le Féile Lios Póil.

Beidh comhluadar agus ceol sa ghairdín cuimhneacháin in aice an tsáipéil ar a 6pm.

Beidh biongó sa Halla agus comórtas caitheamh saighead i dTábhairne Uí Shúilleabháin i nGarraí na dTor.