Uisce
Tá sé tábhachtach na deacrachtaí uisce atá i gCeantar Bardais na nGleanntach a phlé le hUisce Éireann chomh luath agus is féidir, a dúirt an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
Níl lá sa tseachtain nach mbíonn deacrachtaí sa Cheantar Bardais leis an tsoláthar uisce, rud atá ag cur isteach go mór ar an phobal agus ar thurasóirí, a deir sé.
Tá ceardlanna socruithe ag an Chomhairle Contae le hUisce Éireann ar an mhí seo chugainn agus dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh go mbeidh sé ag lorg eolais ar na pleananna atá beartaithe ag Uisce Éireann don Cheantar Bardais.
Dúirt sé go bhfuil seanphíopa ag pléascadh go rialta agus go bhfuil píopaí úra de dhíth, agus fosta go bhfuil sé tábhachtach tascumair uisce níos mó a chur ar fáil le níos mó uisce a stóráil.
Teocht
Bhí an teocht ab airde le 70 bliain do mhí Iúil ag Stáisiún Aimsire Met Éireann ag Ceann Mhálanna i mí Iúil i mbliana.
Cláraíodh teocht 28.7 céim Celsius ag stáisiún aimsire Cheann Mhálanna ar an Satharn an 12 Iúil i mbliana.
Lena chois sin bhí an teocht ab airde riamh d'aon mhí ag Stáisiún Aimsire Met Éireann ag Fionnúir i mBun Dobhráin ar an lá céanna, áit a raibh teocht 29.6 céim Celsius.
Rinneadh taifeadadh ar an líon is mó uaireanta gréine sa tír ar an mhí s’chuaigh thart ag Stáisiún Aimsire Cheann Mhálanna, áit a raibh 15.7 uair a chloig gréine ar an 12 Iúil.
Iascach
D’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag moltaí athrú a dhéanamh ar chóras maoinithe an Aontais Eorpaigh ar earnáil iascaireachta Dhún na nGall, dar le Cumann Iascairí na gCealla Beaga.
Tá imní ann go mbeidh na mílte post i mbaol má chuirtear deireadh leis an chiste Eorpach atá dírithe ar bhia mara, EMFAF, agus ciste úr nua a chur ina áit, mar nach mbeidh ach 1% den chiste sin ag dul i dtreo earnáil na mara.
Deir Príomhfheidhmeannach Chumann Iascairí na gCealla Beaga, Dominic Rihan, go dteipfidh go hiomlán ar an earnáil má tharlaíonn sé seo, agus d’iarr sé ar Fheisirí Eorpacha na hÉireann margadh níos fearr a fháil.
Líonra Rannpháirtíochta
Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Paul Canning, ag moladh do Choistí Bailte Slachtmhara sa chontae clárú le Líonra Rannpháirtíochta Dhún na nGall.
Dúirt sé go bhfuil clúdach aráchais ag Coistí atá cláraithe leis an Líonra ach nach bhfuil an t-eolas seo ag cuid mhór de na coistí.
Is buntáiste mór atá ina leithéidí a dúirt an Comhairleoir Canning do choistí deonacha a bhíonn i mbun feachtais ghlantacháin ina gceantar féin agus dóigh mhaith atá ann le hairgead a shábháil nuair is féidir úsáid a bhaint as árachas an Líonra.
Deontais
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais faoi láthair ar dhá dheontas le foirgnimh agus suíomhanna a chaomhnú agus a chosaint.
Tá na deontais ar fáil faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus faoin Chiste um Struchtúir Stairiúla.
Tá deontas idir €2,500 agus €50,000 ar fáil.
Glacfar le hiarratais go dtí’n 4.00 Dé hAoine an 26 Meán Fómhair.
Tá an scéim á maoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis an Chomhairle Oidhreachta.
Bealach druidte
Beidh an bealach idir Carraig Airt agus an Craoslach druidte inniu agus amárach ón 8.00 ar maidin go dtí’n 5.30 tráthnóna.
Beidh dromchla úr á chur ar an bhealach agus iarrtar ar thiománaithe bealach eile a úsáid idir na huaireanta sin.