Fiosrúchán na hÓmaí.
Cuirfear tús inniu arís le fiosrúchán poiblí ar Bhuamáil na hÓmaí. (11 a chlog).
Maraíodh 29 duine sa bhuamáil a tharlaigh i mí Lúnasa 1998, ina measc triúr buachaillí scoile as Inis Eoghain.
Sé'n aidhm atá leis an fhiosrúchán ná a fháil amach an bhféadfadh na fórsaí slándála an t-ionsaí a chosc.
Beidh ráitis inniu ó dhlíodóirí atá ag feidhmiú thar ceann na bPóilíní, Rialtas na Breataine agus teaghlaigh na ndaoine a chaill baill teaghlaigh sa bhuama.
Beidh an fiosrúchán ar siúl in Óstán an Silverbirch ar an Ómaigh inniu agus amárach.
Bóthar an A5
Dhéanfar cinneadh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste maidin inniu maidir leis an achomharc atá déanta ag an ghrúpa atá in éadan na forbartha atá beartaithe dhéanamh ar bhealach an A5.
Tá tús curtha leis an obair ullmhúcháin ag roinnt láithreacha don chéad chéim den togra agus tá an dream atá in éadan na forbartha ag iarraidh stop a chur leis an chéad chéim den fhorbairt.
Beidh daoine a chaill baill teaghlaigh ar bhealach an A5 i láthair sa chúirt inniu.
Cheadaigh Feidhmeannas Stormont togra uasghrádaithe bóthair an A5 anuraidh.
Tá bealach an A5 fíorthábhachtach do Chontae Dhún na nGall agus meastar go gcosnóidh an obair ar 94 ciliméadar don bhealach £1.2 billiún.
Praghas tithe
Tháinig ardú 8% ar luach tithe cónaithe i nDún na nGall le bliain anuas, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó shuíomh tithíochta DAFT.ie inniu.
€243,000 an meánchostas atá ar theach cónaithe sa Chontae faoi láthair.
Léirítear sa tuairisc go bhfuil ardú 63% ar luach tithe cónaithe sa Chontae ó thús na géarchéime sláinte.
Saoránaigh Nua
Bronnfar Saoránacht Éireann ar 115 duine a bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall ag searmanais a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu agus amárach.
Dhéanfar Saoránacht Éireann a bhronnadh ar 7,500 iarratasóir ó 143 tír ar fud an domhain atá ina gcónaí i 32 contae ar Oileán na hÉireann ag níos mó ná seacht searmanas i mBaile Átha Cliath inniu agus amárach.
Railí Dhún na nGall
Deir Gardaí na Contae go bhfuil siad thar a bheith sásta le Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall a bhí ar siúl sa Chontae ag an deireadh seachtaine agus ghabh siad buíochas le lucht leanta an railí as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú.
Deir Gardaí, in ainneoin gur chloígh formhór na ndaoine a d’fhreastail ar an Railí leis na rialacha bóthair, gur tharla roinnt eachtraí le linn an deireadh seachtaine.
Gabhadh roinnt tiománaithe as bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil agus drugaí, as bheith ag sárú teorainneacha luais agus as bheith ag tiomáint gan árachas.
Ghlac Gardaí seilbh ar roinnt fheithiclí le linn an deireadh seachtaine chomh maith
Suíomhanna Campála
Tá sé tábhachtach uasghrádú a dhéanamh ar na suíomhanna campála atá faoi chúram na Comhairle Contae, a dúirt an Comhairleoir Contae Albert Doherty.
Dúirt sé go bhfuil 5 shuíomh a chuireann seirbhísí campála ar fáil faoi chúram na Comhairle Contae – siad sin Machaire Rabhartaigh, An Fál Carrach, An Mhachaire, Bun Cranncha agus Carn Domhnach - agus go bhfuil sé tábhachtach obair uasghrádaithe riachtanach á dhéanamh orthu.
Dúirt sé fosta go bhfuil 20 suíomh campála eile sa Chontae ach go bhfuil gá le tuilleadh.
Tá sé tábhachtach na háiseanna agus seirbhísí cuí a chur ar fáil le turasoírí a mhealladh na contae a dúirt an Comhairleoir Doherty.
Dea-scéal Scoile
Dúirt Mairead Nic Suibhne, Príomhoide Scoil Eoin Pól i Loch an Iúir, gur deascéal é go bhfuil seomra úr foscailte sa scoil do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu chomh maith le seomra céadfaí.
Áis thar a bheith luachmhar a bheidh sa seomra don scoil a dúirt sí agus mhol sí do scoltacha eile iarratas a dheanamh ar a leithéid mar go bhfuil líon na ndaltaí a bhfuil uathachas orthu ag ardú.
Is i gcuimhne Erin Logue as Loch an Iúir atá an seomra úr a fosclaíodh.
Bhásaigh Erin, a bhí 8 mbliana d’aois, de bharr ailse sa bhliain 2008.