Railí
Táthar ag dréim leis na mílte i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo nuair a chuirfear tús inniu le Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall.
Mairfidh an Railí 3 lá agus meastar go dtabharfaidh suas le 100,000 duine cuairt ar an chontae le linn an deireadh seachtaine agus go mbeidh níos mó ná 400,000 duine ag coinneáil súil ar an Railí ar líne agus ar an teilifís.
200 carr ar fad a bheidh páirteach sa Railí 20 staid a chlúdóidh 270 ciliméadar i dTuaisceart agus lár na contae.
Is fiú €25 milliún an Railí d'eacnamaíocht na contae.
Is é an comhlacht Wilton Recycling as Contae an Chabháin príomhurraí Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall arís i mbliana.
Gardaí
Dúirt Príomhcheannfort na nGardaí i nDún na nGall, Goretti Sheridan, go mbeidh na Gardaí iontach feiceálach an deireadh seachtaine seo le linn an Railí.
Beidh na Gardaí ag obair i gcomhar le Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann le sábháilteacht bóthair a chur chun cinn ar dhá thaobh na teorann le linn an deireadh seachtaine a dúirt sí.
Beidh acmhainní breise ag na Gardaí a dúirt an Príomhcheannfort Sheridan le cinntiú go mbeidh na bóithre sábháilte agus d’iarr sí ar an phobal a bheith cúramach ar na bóithre.
Beidh go leor bóithre druidte i Leitir Ceanainn an deireadh seachtaine seo chomh maith le Bóithre i bhFánaid agus in Inis Eoghain.
Eitiltí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Iompair, Darragh O’Brien, go gcuirfear tús arís leis an tseirbhís aeir PSO idir Aerfort Dhoire agus Aerfort Bhaile Átha Cliath faoin tríú ráithe den bhliain seo chugainn.
Chuir an tAire Stáit Charlie McConalogue fáilte roimh an fhógra agus dúirt sé go gcuirfidh an tseirbhís go mór le cúrsaí turasóireachta agus fostaíochta san Iarthuaisceart.
Thug an tAire Stáit McConalogue le fios go raibh iarrachtaí ar bun le míonna anuas le tús a chur arís leis an tseirbhís aeir idir Doire agus Baile Átha Cliath.
Cuireadh deireadh leis na heitiltí idir Doire agus Baile Átha Cliath i 2011.
Tionól Gaeltachta
Chuir Oifigeach Pleanála Teanga an Chlocháin Léith, Gráinne Nic Niallais, fáilte roimh an phobal chuig Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge aréir ar an Chlochán Liath agus sheol Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, an Tionól Gaeltachta go hoifigiúil.
Bhí taispeántas agus plé cartlainne Chonradh na Gaeilge i ndiaidh na hoscailte.
Tá clár leathan d’imeachtaí socruithe go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh.
Beidh Turas Báid go hÁrainn Mhór inniu agus tráthnóna inniu ar 8 a chlog; beidh Seimineár an Tionóil 2025 ar siúl in Óstán Mhic Suibhne, ina mbeidh Siobhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, Dónal Ó Cnáimhsí Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus Gráinne Nic Niallais, Oifigeach Pleanála Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith páirteach.
Pléifidh siad cúrsaí pleanála teanga agus scrúdóidh siad na príomhdhúshláin atá le sárú agus an tábhacht a bhaineann leis an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail.