Múinteoirí-daltaí

Dúirt John Boyle, Rúnaí Ginearálta Chumann Múinteoirí Éireann, go bhfuil rudaí go holc i nDún na nGall i dtaca leis an gcoibhneas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna Dhún na nGall.

Dúirt sé go bhfuil níos mó ná leath de na páistí i ranganna ina bhfuil 25 dalta.

Dúirt John Boyle go bhfuil curaclam úr leagtha amach don scoilbhliain úr atá dírithe ar ranganna ina bhfuil 20 dalta nó níos lú, rud a chiallóidh go mbeidh páistí fágtha ar gcúl.

Dúirt sé fosta go bhfuil achan seans go gcaillfidh scoileanna múinteoirí agus go mbeidh scoileanna beaga i gceantair thuaithe ag streachailt.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach an coibhneas a ísliú.

Dea-scéal é, a dúirt sé, go mbeidh an liúntas do mhúinteoirí i Scoileanna Gaeltachta agus na nOileán le tabhairt ar ais i mí Mheán Fómhair.

Cuireadh deireadh leis an liúntas sin sa bhliain 2012.

Pianbhreith

Gearrfar pianbhreith an tseachtain seo chugainn ar fhear as Gaoth Dobhair a phléadáil ciontach i dtiomáint chontúirteach ba chúis le bás fir eile i mí an Mhárta 2024.

Phléadáil Shaun Curran, fear 32 bliana d'aois as Dobhar Láir, an Bun Beag, ciontach i dtiomáint chontúirteach ba chúis le bás Rían Sheridan.

Maraíodh Rían Sheridan, fear 25 bliana d’aois as Cluain Luáin, Rinn Mhaoile, Contae na Gaillimhe, i dtimpiste bóthair ar an 27 Márta 2024 agus é ar a bhealach abhaile ó thraenáil peile.

Tharla an timpiste ar bhealach an N61 taobh amuigh de bhaile Ros Comáin, thart ar a 10pm an oíche sin, nuair a bhuail an carr a bhí á thiomáint aige in éadan na feithicle earraí troma a bhí á tiomáint ag Shaun Curran.

Dúradh ag éisteacht sa Chúirt i Ros Comáin inné gur chaill Shaun Curran smacht ar an leoraí nuair a phléasc an roth tosaigh. Léirigh fianaise ó imscrúdaitheoirí fóiréinseacha imbhuailtí nach raibh an doimhneacht cheart ar bhonn rotha tosaigh an leoraí a bhí á thiomáint ag Curran chun cloí leis na rialacha maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus gurb é sin ba chúis leis an roth pléascadh.

Dúradh fosta go raibh Curran ag sárú teorainneacha luais sular tharla an timpiste agus d’admhaigh sé chomh maith gur sháraigh sé rialacha maidir le sonraí tacagraif.

Dúirt an Breitheamh Kenneth Connolly nach féidir tréimhse phríosúnachta a sheachaint sa chás seo agus chuir sé an cás siar go dtí an Mháirt seo chugainn nuair a ghearrfar pianbhreith ar Curran.

Tugadh deis do theaghlach Rían Sheridan ráitis tionchair íospartaigh a dhéanamh os comhair na cúirte inné.

Dara Calleary

Buailfidh an tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, le Príomhfheidhmeannaigh na gComhairlí Contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu inniu, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John McLaughlin, ina measc.

Déanfar plé ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus ar threoirlínte pleanála sa Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Calleary gur dúshlán mór atá ann tithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht do mhuintir na Gaeltachta.

Dúirt sé go dtuigeann sé go bhfuil daoine mífhoighneach, ach go bhfuil sé tábhachtach an cheist a phlé go mion sula ndéanfar na treoirlínte pleanála a fhoilsiú.

Tionól Gaeltachta

Beidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl ar an Chlochán Liath ón lá inniu go dtí an Domhnach.

Is iad Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Oifigeach Pleanála Teanga an Chlocháin Léith Gráinne Nic Niallais a chuirfidh fáilte roimh an phobal ag a hocht a chlog anocht nuair a sheolfar an Tionól.

Beidh Taispeántas agus plé Cartlainne Chonradh na Gaeilge i ndiaidh na hoscailte.

Tá clár mór imeachtaí beartaithe as seo go tráthnóna Dé Domhnaigh.

Deir Comhordaitheoir Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge, Eimear Nic Mhuiris, go mbeadh fáilte roimh mhuintir na háite agus roimh phobal na Gaeilge freastal ar chuid de na himeachtaí poiblí a bheidh ar siúl acu.

Cuirfear tús le turas báid go hÁrainn Mhór amárach ar 11:30 agus beidh Seimineár Thionól 2025 ar siúl tráthnóna amárach ar a 8 a chlog in Óstán Mhic Suibhne, áit a bpléifear an rún, "Pleanáil Teanga sa Ghaeltacht, cá bhfuil ár dTriail?"

Talamh coimín

Tá cuireadh á thabhairt ag Cairde na hEaragaile agus ag Wild Atlantic Nature Life do scairshealbhóirí agus d’fheirmeoirí talaimh coimín idir an Mhucais, an Earagail agus Cnoc Fola chuig cruinniú in Óstán Loch Altan, Gort an Choirce, anocht.

Déanfar plé ar Thogra Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpach EIP do thalamh coimín in Iarthuaisceart Dhún na nGall.

Dúirt Josephine Uí Cheallaigh ó Chairde na hEaragaile go dtabharfar deis d’fheirmeoirí tuairimí a thabhairt ar na dóigheanna is fearr leis an talamh a chosaint ach buntáiste a bhaint as an talamh ag an am céanna.

Beidh an cruinniú ar siúl ar a 8 a chlog anocht.