Otharlann Leitir Ceanainn
Cruinniú thar a bheith dearfach a bhí sa chruinniú a bhí ag Dochtúirí Dhún na nGall leis an Aire Sláinte Jennifer Carroll Mac Neill ar líne aréir, a dúirt an Dochtúir Áine Keating.
Bhí an cruinniú ar siúl leis an éileamh atá ag dochtúirí go mbunófaí mol máinliachta in Otharlann Leitir Ceanainn á phlé.
Tá an Dochtúir Keating ag obair in Otharlann Leitir Ceanainn agus dúirt sí go bhfuair siad éisteacht mhaith ón Aire agus gur thuig sí na fadhbanna atá acu san Otharlann.
Thug an tAire Sláinte le fios do na dochtúirí go mbeidh an t-eolas agus an taighde a cuireadh os a comhair á scrúdú aici agus go mbeidh cruinniú eile aici leis na dochtúirí i gceann seachtaine nó mar sin.
Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh nach raibh sé féin, baill Oireachtais Dhún na nGall ná Comhairleoirí Contae Dhún na nGall, atá ina mbaill den Fhóram Sláinte Réigiúnach, sásta leis an chruinniú a bhí acu tráthnóna inné le Tony Canavan, Oifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar agus san Iarthuaisceart.
Bhí an cruinniú ar siúl le héileamh na ndochtúirí go lonnófaí mol máinliachta in Otharlann Leitir Ceanainn a phlé.
Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh nach raibh Tony Canavan sásta a intinn a athrú maidir le Mol Máinliachta a lonnú in Otharlann Leitir Ceanainn in áit Otharlann Shligigh.
Lorg Polaiteoirí Dhún na nGall cóip den chás gnó atá curtha le chéile ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte áit a bhfuil sé molta an Mol Máinliachta a lonnú in Otharlann Shligigh in áit Otharlann Leitir Ceanainn.
Otharlanna príobháideacha
Tá méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar an méid airgid a híocadh le hotharlanna príobháideacha le cóir leighis a chur ar fáil d'othair a cuireadh ar aghaidh ó Otharlann Leitir Ceanainn, de réir figiúirí a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn.
Íocadh chóir a bheith €29m le hotharlanna príobháideacha i 2023 agus 2024 faoin Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála le cóir leighis a chur ar othair chónaitheacha agus othair lae a bhí ar liostaí feithimh le haghaidh obráidí in Otharlann Leitir Ceanainn.
I 2024 íocadh níos mó ná €15m le hotharlanna príobháideacha a cuireadh ar aghaidh ó Otharlann Leitir Ceanainn agus go dtí seo i mbliana íocadh thara €5.2m.
In áit infheistíocht a dhéanamh i Mol Máinliachta in Otharlann Leitir Ceanainn tá an Rialtas sásta €29m a íoc le hotharlanna príobháideacha le cóir leighis a chur ar othair Dhún na nGall, cóir leighis a ba chóir a bheith ar fáil ina gcontae fhéin, a dúirt an Teachta Mac Lochlainn.
Cúiteamh 100%
Tá an Teachta Dála Charles Ward ón pháirtí Cúiteamh 100% ag iarraidh ar an Aire Tithíochta James Browne an ghéarchéim tithíochta agus an easpa dídine sa tír, a aithint mar éigeandáil náisiúnta.
Dúirt an Teachta Ward sa Dáil go bhfuil an easpa tithíochta, an t-ardú leanúnach ar chostas cíosa, tithe ag titim as a chéile de bharr brící lochtacha agus an méadú ar easpa dídine ag leanstan ar aghaidh anois le níos mó ná deich mbliana.
Dúirt an Teachta Ward go bhfuil méadú 80% ar líon na ndaoine atá gan dídean sa tír le trí bliana anuas agus go leanfaidh na huimhreacha seo ag méadú go háirithe i nDún na nGall agus an baol ann go bhféadfadh teaghlaigh atá buailte mar gheall ar bhrící lochtacha a bheith fágtha gan dídean.
Is léir ó na figiúirí seo nach bhfuil an Rialtas ag tabhairt aghaidh ar an ghéarchéim a dúirt sé.
Scoil Naomh Eoin Pól
Dhéanfar Seomra Erin i Scoil Naomh Eoin Pól i Loch an Iúir a oscailt go hoifigiúil inniu.
Tá an seomra ainmnithe i gcuimhne ar Erin Logue, buachaill óg 9 mbliana d’aois, a d’fhreastail ar an Scoil agus a fuair bás le hailse sa bhliain 2008.
Is iad tuismitheoiri Erin, Mary agus Michael Logue, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar 5.30 tráthnóna.