Mol Máinliachta

Beidh cruinniú ar líne ag dochtúirí as Dún na nGall leis an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill tráthnóna inniu leis an éileamh atá acu go mbunófaí mol máinliachta in Otharlann Leitir Ceanainn a phlé.

Sheol 171 dochtúir as an chontae litir chuig an Aire Sláinte ag tús na míosa lena n-imní a chur in iúl faoi mholadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar agus san Iarthuaisceart go mbunófaí an mol máinliachta i Sligeach in áit Leitir Ceanainn agus lorg siad cruinniú práinneach léi faoi láthair an mhoil máinliachta.

Tá baill Oireachtais Dhún na nGall agus Comhairleoirí Contae Dhún na nGall, atá ina mbaill den Fhóram Sláinte Réigiúnach, le dhul i mbun cruinnithe le Tony Canavan, Oifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar agus san Iarthuaisceart, inniu fosta leis an cheist a phlé.

Seanteach Pobail

Cuirfear na pleananna forbartha atá beartaithe ag Seanteach Pobail Dhoirí Beaga os comhair an phobail tráthnóna inniu.

Reáchtáladh cruinnithe sa pharóiste le tuairimí a fháil ón phobal agus le eolas a fháil ar an fhís agus na pleananna a bheadh fóirsteanach don fhoirgneamh.

Bhéarfaidh an t-ailtire Mary Kerrigan eolas ar an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as an Seanteach Pobail tráthnóna in Ionad Pádraig Dobhar ón 5.00pm go dtí 7.00pm tráthnóna inniu agus tá cuireadh á thabairt don phobal freastal ar an ócáid.

Cuirfidh sí taispeántas i láthair do dhaltaí Scoil Mhuire i nDoirí Beaga níos luaithe sa lá.

Teach Pobail Mhuire

Dúirt Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh, go bhfuil grúpa oibre curtha le chéile leis na pleananna do Theach Pobail úr Mhuire i nDoirí Beaga a phlé.

Dódh an Teach Pobail go talamh Luan Cásca agus dúirt sé go bhfuil an grúpa ag obair go dlúth leis an chomhlacht aráchais agus costas na hoibre á mheas acu faoi láthair.

Dúirt sé go mbeidh an grúpa oibre ag éisteacht leis an phobal agus ag lorg tuairimí faoi dhearadh theach an phobail.

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh fosta go bhfuil siad ag lorg léirithe spéise faoi láthair ó ailtirí a bhfuil saineolas acu ar thógáil tithe pobail.

Go dtí seo, tá níos mo nó €380,000 sa chiste bailithe airgid a cuireadh ar bun do Theach Pobail Mhuire.

Scoltacha

Bhéarfaidh an Staraí agus an Taighdeoir Uinseann Ó Breisleáin as an Bhun Beag eolas tráthnóna inniu ar stair scoltacha cheantar Mhín an Chladaigh i bParóiste Ghaoth Dobhair.

Dhéanfaidh sé cur síos ar stair scoltacha Inis Oirthir, Chnoc Fola, Bhun an Inbhir agus Mhín an Chladaigh i Scoil Mhín an Chladaigh ar a 7 a chlog.

Bhí taispeántais agus cainteanna aige cheana féin i Scoil Phádraig Dobhar agus Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh, áit ar tugadh eolas ar stair scoltacha eile a bhí sa pharóiste nó atá sa pharóiste go fóill.