Mol Máinliachta
Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go raibh cruinniú dearfach ag baill Oireachtais Dhún na nGall leis an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill i dTeach Laighean aréir, áit ar pléadh a n-éilimh mol máinliachta a lonnú in Otharlann Leitir Ceanainn.
Thug an Teachta Ó Dochartaigh le fios gur chuir siad ina luí ar an Aire go raibh an baol ann go ndruidfí an tAonad Éigeandála in Otharlann Leitir Ceanainn agus go gcuirfí deireadh le seirbhísí máithreachais san otharlann mura mbunófaí an mol máinliachta ansin.
Dúirt sé gur thug an tAire le fios dóibh gur thuig sí tíreolaíocht an cheantair agus an gá atá le tuilleadh seirbhísí i Leitir Ceanainn agus gur fúithi féin a bheas an cinneadh faoi láthair an mhoil máinliachta agus go mbeadh sé tamall eile sula ndéanfadh sí é.
Thug an tAire le fios do na baill oireachtais go bpléifeadh sí an cheist le dochtúirí Dhún na nGall ag cruinniú a bheas aici leo go luath.
Grúpa Chéad Fhreagróirí
Beidh cruinniú poiblí ar siúl i gCill Charthaigh anocht le hiarracht Grúpa Chéad Fhreagróirí a bhunadh sa pharóiste.
Beidh Ionadaithe ón tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna agus ó Ghrúpa Chéad Fhreagróirí Ghleann Cholmcille i láthair ag cruinniú na hoíche anocht le heolas a thabhairt ar cad go díreach atá i gceist le seirbhís dá macasamhail sa cheantar.
Iarrtar ar oiread daoine agus is féidir freastal ar chruinniú na hoíche anocht a bhéas ar siúl i Halla na Paróiste i gCill Charthaigh ag 7:30.
Athchóiriú
Tá 196 teach de chuid na Comhairle Contae le hathchóiriú sa bhliain 2025 a tugadh le fios ag cruinniú Pleanála na Comhairle le gairid.
Ceadaíodh maoiniú €5.6 mhilliún don chomhairle le 166 teach a athchóiriú i mbliana le héifeachtacht fuinnimh sna tithe a mhéadú.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag lorg tuilleadh maoinithe ón Roinn Tithíochta le 196 theach ar fad a chóiriú.
I measc na dtithe atá le huasghrádú, tá 38 dteach le hathchóiriú i gceantar bardais na nGleanntach, 10 dteach i nGort a Choirce, 23 theach i nDoirí Beaga agus 5 theach ar an Fhál Carrach.
Katie-George Dunleavy
Beidh ócáid fáiltithe ar siúl inniu i mBaile Dhún na nGall do Katie-George Dunleavy, de bhunadh Thamhnach an tSalainn.
Is é Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall an Comhairleoir Noel Jordan agus na Comhairleoirí Contae áitiúla atá ag eagrú na hócáide.
Tá an ócáid fáiltithe mar aitheantas ar na héachtaí atá bainte amach ag Katie-George Dunleavy sna cluichí parailimpeacha agus sna Craobhchomórtais Dhomhanda Para-Rothaíochta.
Bhain Katie-George Dunleavy bonn óir trí huaire ag na cluichí parailimpeacha, i Rio de Janeiro, i dTóiceo agus i bPáras.
Ina measc siúd a bhéas i láthair ag ócáid an lae inniu beidh Comhairleoirí Contae Cheantar Bardais Dhún na nGall, Feidhmeannaigh Shinsearacha de chuid na Comhairle Contae chomh maith le teaghlach agus cairde le Katie-George Dunleavy.
Beidh an ócáid fáiltithe ar siúl i Seomra Peter Kennedy in Ionad Seirbhísí Poiblí, Dhroim Lonachair, Baile Dhún na nGall inniu ag an 2 a chlog.