Aerfort Phort Láirge

Glacadh le rún a cuireadh faoi bhráid Chomhairle Contae Thiobraid Árann le déanaí inar moladh go scríobhfadh an chomhairle go dtí an tAire Iompair, ag iarraidh air maoiniú a chur ar fáil d'Aerfort Phort Láirge.

Moladh go gcuirfí maoiniú ar fáil chun go bhféadfaí síneadh a chur leis an rúidbhealach san aerfort, ionas go bhféadfadh a thuilleadh eitiltí teacht tríd.

Dúirt an Clr Kieran Bourke, ó Thiobraid Árann, go bhféadfadh aerárthach 737 eitilt isteach tríd aerfort Phort Láirge agus go bhfuil gá an t-aerfort a fhorbairt le fás agus forbairt eacnamaíoch an oirdheiscirt a chur chun cinn.

Luchtú

D'fhéadfadh Hallaí Pobail nó cumainn spóirt Chorca Dhuibhne cúpla pingin a thuilleamh trí phointí luchtaithe a fheistiú agus a chur ar fáil don bpobal, tríd an tionscadal luchtaithe roinnte a fógraíodh an tseachtain seo.

Ann Ní Chíobháin, áisitheoir fuinnimh leis an Dingle Hub a deir an méid sin in agallamh ar Adhmhaidin inniu, agus Corca Dhuibhne i measc 4 cheantar atá páirteach sa scéim phíolótach seo.

Cumann Peile Naomh Abán

Tá breis eolais lorgtha ag Comhairle Chontae Chorcaí maidir le dhá iarratas atá déanta ag Cumann Peile Naomh Abán i mBaile Bhúirne, ceann do pháirc Abán sa Phortach agus ceann do Pháirc Íosagáin ar an Maigh Réidh.

Sa Phortach, tá cead á lorg chun cosáin nua a thógaint, chomh maith le botháin agus bínsí nua, agus soilsiú poiblí.

Ag Páirc Íosagáin, tá cead á lorg chun cosán agus claí nua a thógaint, tuilsoilse nua ar an bpáirc sin, agus ar an bpáirc traenála, agus painéil ghréine ar dhíon an tí.

Tá cead á lorg chomh maith chun dromchla nua a chur ar an gcarrchlós agus soilsiú poiblí a chuir mórthimpeall air.

Tá eolas breise lorgtha faoin tionchar a bheadh ag an fhorbairt, agus ag na soilse ach go háirithe, ar na tithe máguaird, agus sé mhí ag an gcumann é sin a chur ar fáil.

Veaineanna campála

Ag an gcruinniú míosúil is déanaí de cheantar bardasach Dhún Garbhán-An Leasa Mhóir, dúirt an t-innealtóir Gabriel Hynes go bhféachfar arís ar na fodhlíthe maidir le veaineanna campála a bheith ag páirceáil i mbaile Dhún Garbhán.

Is ag freagairt ceiste a bhí sé ón gComhairleoir Joe O’Riordan, a dúirt go raibh os cionn caoga veain champála páirceáilte in aice leis an Ionad Spóirt an deireadh seachtaine saoire bainc agus go raibh cuid acu páirceáilte os comhair tithe i gCois Trá, iad ag cur isteach ar sheandaoine sa cheantar. Tá spás ann do naoi veain, agus é sin go maith, a dúirt sé, ach bhí i bhfad an iomarca ann an deireadh seachtaine úd. Á fhreagairt, dúirt an t-innealtóir Gabriel Hynes go bhféachfar arís ar na fodhlíthe.

Rás Luamh Volvo

Tá an Tuscar bainte amach ag formhór na mbád atá páirteach i Rás Luamh Volvo ó Dhún Laoghaire go dtí an Daingean, agus iad amach ó chósta na nDéise faoi láthair.

Tá an luamh Opal, le Frank Whelan, go mór chun tosaigh ar an gcabhlach, agus í amach ó Sheancheann Chionn tSáile faoi láthair, ag déanamh ar an gCarraig Aonair.

Tá bád agus daichead ag glacadh páirte sa rás i mbliana agus súil leo i gcuan an Daingin in am d’ ócáid bhronnta na duaise in Óstán na Sceilge tráthnóna Dé Sathairn.