Féilte ceoil
Tá géarghá go gcuirfí maoiniú ar fáil d'fhéilte ceoil atá ag strachailt i láthar na huaire mar gheall ar chostais arda, dar le Teachta Dála Shinn Féin Piaras Ó Dochartaigh. D'fhógair lucht eagraithe Fhéile Cheoil Sea Sessions a bhíonn ar siúl gach uile bhliain i nBun Dobhráin ar an tseachtain is chuaigh thart go bhfuil cinneadh déanta féile na bliana seo a chur ar ceal.
Sa Dáil le gairid dúirt an Teachta Ó Dochartaigh atá ina Stiúrthóir agus ina Chathaoirleach ar Fhéile Cheoil Sult a bhíonn ar siúl i nGaoth Dobhair gach bliain go bhfuil féilte ceoil fíorthábhachtach ní hamháin d'eacnamaíocht na tíre ach don eacnamaíocht áitiúil chomh maith.
Dúirt sé gur cuireadh deireadh le suas le fiche féile cheoil sa tír, le blianta beaga anuas mar gheall ar chostais arda agus tá sé ag iarraidh ar an Rialtas idirghabháil a dhéanamh agus níos mo tacaíochta a chur ar fáil d’earnáil na bhféilte ceoil.
Fine Gael
Bhí scaifte mór i láthair ag cruinniú cinn bliana Pháirtí Fhine Gaeil i dToghcheantar Dhún na nGall a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn aréir.
Ainmníodh Séamus Langan ina Chathaoirleach ar an bpáirtí ag cruinniú na hoíche aréir agus Jason Harley ina Leas-Chathaoirleach. Roghnaíodh John Curran ina Rúnaí, Pat Finneran ina Chisteoir agus Oisín Cannon ina Leas-Chisteoir.
Ghabh an Seanadóir Manus Boyle buíochas leis an choiste a bhí ann roimhe seo agus dúirt sé gur tús maith é seo agus go bhfuil sé tábhachtach anois go ndíreofaí ar athbheochan an pháirtí.
Clár úr trasphobail
Rinneadh clár úr trasphobail a sheoladh i Leitir Ceanainn an tseachtain seo dírithe ar thacaíochtaí a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gcuid de na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste i Leitir Ceanainn.Is é an aidhm atá leis an togra úr seo tuiscint agus dea-chaidreamh a chothú i measc an phobail agus aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna ar nós na bochtaineachta, eisiamh, agus deighilt shóisialta.
Beifear ag díriú ar thrí cheantar ar leith faoi mhíbhuntáiste i Leitir Ceanainn agus ar chónaitheoirí in ocht n-eastát tithíochta ar an bhaile mar chuid den togra.
Cuirfear béim faoi leith ar ghuth a thabhairt do ghrúpaí ar nós daoine óga i mbaol, daoine atá ina gcónaí leo fhéin, iar-phríosúnaigh pholaitíochta agus baill de ghrúpaí mionlaigh eitneacha le súil níos mó measa a bheith acu ar a chéile, cibé bith pobal ar as dóibh. Beidh Coiste Forbartha Pobail Leitir Ceanainn i gceannas ar stiúradh an togra.
Forbairt Fhánada
Tá léas 20 bliain sínithe ag Forbairt Fhánada le Coimisinéirí Soilse na hÉireann le leanúint leis an fhorbairt leanúnach atá ar siúl ag Teach Solais Fhánada Tá Teach Solais Fhánada ar cheann de na Tithe Solais is aitheanta sa tír.
Os rud é go bhfuil athnuachan ar an léas, dúirt Eimear Ní Mhathúna, Bainisteoir Theach Solais Fhánada, go gciallaíonn sé sin go mbeidh siad in ann leanúint le pleananna forbartha atá ullmhuithe acu ag suíomh an tí solais. Dúirt sí go bhfuil ganntanas mor spáis ansin agus go bhfuil sé beartaithe ag Forbairt Fhánada sean Stáisún an Gharda Cósta a cheannach agus a fhorbairt.
Tearmann Asal
Tá cead pleanála á lorg ag Tearmann Asal Dhún na nGall i Rath Bhotha le foirgneamh úr stór go leith a thógáil.Tá sé i gceist Ionad Cuairteoirí a fhorbairt ag an Tearmann, áit a mbeadh bialann, siopa bronntanais, seomra ranga agus áit stórála. Tá cead á lorg fosta le scioból féir a thógáil ar an suíomh.Cuireadh Tearmann Asal Dhún na nGall ar bun cúig bliana déag ó shin agus tá 97 n-asal faoina gcúram faoi láthair.
Is í Sandra Parker a rinne an t-iarratas ar chead pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall. Tá an Chomhairle le cinneadh a dhéanamh faoin iarratas roimh an 29 Iúil.Má bhronntar cead pleanála ar an fhorbairt úr, deir Tearmann Asal Dhún na nGall go ndéanfaidh siad iarratas ar mhaoiniú Leader agus go gcuirfidh siad feachtas bailiúcháin airgid ar bun le tabhairt faoin togra.
Mark English
Tá curiarracht phearsanta úr bainte amach ag an Lúthchleasaí as Leitir Ceanainn, Mark English, don dara iarraidh le deich lá anuas.
Tháinig sé sa chéad áit sa rás 800 méadar san Ísiltír inné agus é .42 soicind níos gaiste ná an churiarracht a bhí aige roimhe seo.Chríochnaigh sé an rása i mbomaite, 43 soicind agus is é an t-aon fhear as Éirinn é ar éirigh leis rás 800 méadar a chríochnú faoi bhomaite agus 44 soicind.Beidh sé ag ullmhú anois do na Craobhacha Domhanda atá ar siúl i mí Mheán an Fhómhair agus beidh sé san iomaíocht arís i rás san Iorua Déardaoin.