Tithíocht
Admhaíonn an tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary gur dúshlán mor atá ann, tithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht do phobal na Gaeltachta.
Beidh cruinniú aige leis na grúpaí Bánú agus Tinteán agus le Príomhfheidhmeannaigh na gComhairlí Contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu amach anseo agus cinnteoidh sé go mbeidh ról ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta.
Dúirt sé nach bhfuil aon eolas aige go fóill ar cén uair a dhéanfar na treorlínte pleanála a fhoilsiú, agus go dtuigeann sé go bhfuil daoine mífhoighneach, ach go gcaithfidh sé staideár a dhéanamh ar na treorlínte sula ndéanfar iad a fhoilsiú mar go bhfuil sé fíorthábhachtach go n-oibreodh na treorlínte nuair a bhéas siad foilsithe.
Maoiniú
Tá €1.1m euro de mhaoiniú ceadaithe inniu ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil do Chomhairle Contae Dhún na nGall chun cóiriú a dhéanamh ar thithe daoine aosta agus chun tithe a chur in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas.
Íocann an Roinn Tithíochta 90% den chostas faoi na scéimeanna seo agus is í an Chomhairle Contae a íocann an 10% eile. Condae Dhún na nGall a fhaigheann an ceathrú allúntas is airde sa tír faoin mhaoiniú agus beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag cur €130,700 ar fáil faoin scéim.
Ag fáiltiú roimh an scéala dúirt an tAire Stáit Charlie McConalogue go rachaidh an mhaoiniú seo go mór chun sochair do dhaoine aosta agus do dhaoine faoi mhíchumas le go mbeidh siad ábalta maireachtáil go neamhspleách ina dtithe fhéin.
Cothabháil
Ba cheart an obair chothabhála atá riachtanach ar thithe sóisialta atá folamh a chur i gcrích i bhfad níos gaiste ná mar atá á dhéanamh faoi láthair, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheal Choilm Mac Giolla Easpaig.
Dúirt sé gur minic go mbíonn tithe ina luí folamh blianta sula ndéantar iad a chóiriú agus a chur ar fáil do thionóntaithe úra.
Dúirt sé nach bhfuil ciall ar bith go nglacann sé chomh fada sin agus géarchéim tithíochta ann.
Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig fosta go nglacann sé blianta ar an Chomhairle Contae tithe a cheannach agus go gcaithfear réitigh a fháil ar na coinníollacha agus rialacha atá ceangailte leis an chóras agus na tithe a chur ar fáil do thionóntaithe níos gaiste.
Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta
Tá síneadh ama curtha ag an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann nó an NSAI leis an chomhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú ar an chaighdeán náisiúnta IS465.Tá caighdeán IS465 in úsáid i Scéim na mBrící Lochtacha ó 2017 leis na roghanna maidir le hobair athchóirithe ar thithe a bhfuil brící lochtacha iontu a mheas.
Tá síneadh ama sé seachtaine eile curtha leis an chomhairliúchán poiblí go dtí an 11 Iúil ar iarratas ó na haturnaetha Coleman Legal atá ag déanamh ionadaíochta ar son úinéirí tí a bhfuil brící lochtacha ina gcuid tithe i gcás Ard-Chúirte faoi láthair.
Deir na haturnaetha go bhfuil níos mó ama ag teastáil le deis a thabhairt do theaghlaigh, d'innealtóirí agus do lucht feachtais scrúdú níos fearr a dhéanamh ar na hathruithe teicniúla san athbhreithniú ar chaighdeán IS465.
Stair Bhunscoileanna
Beidh cainteanna agus taispeántais ar Stair Bhunscoileanna Ghaoth Dobhair ar siúl sa pharóiste ag toiseacht tráthnóna inniu. Tá na taispeántais agus na cainteanna eagraithe ag an Staraí Uinseann Ó Breisleáin as an Bhun Bheag.
Beidh an chéad ócáid ar siúl i Scoil Phádraig Dobhair tráthnóna inniu áit a dtabharfar eolas ar stair scoileanna Dhún Lúiche, An Tor, Dobhar, Cnoc an Stolaire agus Scoil Eaglais na hÉireann ar na Bhun Bheag. De Céadaoin, i Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh beidh eolas á thabhairt ar stair scoileanna Dhoirí Beaga, Ghabhla, Inis Meáin agus an Luinnigh.
Dé Máirt an 17 Meitheamh i Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh beidh eolas ar stair scoileanna Inis Oirthir, Cnoc Fola, Bun an Inbhir agus Mín an Chladaigh.