Cuairt

Beidh an tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary i Leitir Ceanainn inniu.

Bhéarfaidh sé cuairt ar Oifigí na Roinne Coimirce Sóisialaí agus Oifigí Intreo agus casfaidh sé le Príomhfhheidhmeannach na Comhairle Contae John Mc Laughlin chomh maith le Toni Forrester, Príomhfheidhmeannach Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn.

Beidh an tAire ina aoichainteoir ag Lón an Uachtaráin atá á eagrú ag ag an gCumann Tráchtála in Óstán an Radisson, áit a mbeidh painéal cainteoirí i láthair agus iad ag plé cúrsaí gnó agus an todhchaí.

Tithíocht

Tá cáineadh déanta ag Teachtaí Dála Shinn Féin sa chontae ar an Rialtas as an laghad airgid atá á chur ar fáil do na húdaráis áitiúla le bail a chur ar thithe dá gcuid.

Léiríonn figiúirí atá faighte ag Sinn Féin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go bhfuil 155 teach de chuid na Comhairle Contae ina luí folamh i nDún na nGall agus go bhfuil 82 teach acu sin folamh le níos mó nó bliain.

Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh gur masla atá ann do dhaoine atá ag fulaingt mar gheall ar ghéarchéim na mbrící lochtacha go bhfuil tithe nach bhfuil a dhath contráilte leo ina luí folamh.

Tá an locht ar an Rialtas a deir sé mar nach bhfuil siad ag cur go leor maoinithe ar fáil don Chomhairle Contae le bail a chur ar thithe dá gcuid le go féidir iad a thabhairt do theaghlaigh sa chontae.

Gaelscoil Adhamhnáin

Dúirt Colm Breathnach Príomhoide Ghaelscoil Adhamhnáin Leitir Ceanainn go raibh pleananna digiteacha leagtha amach acu don bhliain bunaithe ar an liúntas a bhí ar fáil anuraidh ach go bhfuil titim mhór ar an liúntas i mbliana agus go mbeidh orthu deireadh a chur leis na pleananna sin agus pleananna eile a ullmhú mar go bhfuil laghdú €7000 sa chiste airgid.

Dúirt sé go bhfuil an maoiniú ar fáil do theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide.

Dúirt sé go bhfuair an scoil €39.73 euro an dalta anuraidh agus go bhfuil sé sin tite go €25.33 euro an dalta i mbliana.

Dúirt Colm Breathnach nach bhfuil sé ceart go bhfuil oiread éigeantachta ann gach uile bhliain faoin maoiniú atá ar fáil.

Comharthaí

Tá sárú a dhéanamh ag Comhairle Chontae Dhún na nGall arís ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, áit ar cuireadh comharthaí in airde ar na leithris i Machaire Rabhartaigh i mBéarla amháin, a deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla caithfidh comharthaíocht atá á cur in airde ag an Chomhairle Contae nó eagraíocht ar bith eile ar son na Comhairle a bheith i nGaeilge amháin nó i nGaeilge agus i mBéarla.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig nach bhfuil sé ceart nó cóir go bhfuil na comharthaí ar na leithris i mBéarla amháin i lár ceantar Gaeltachta.