CLG
Níl sé inmharthana ag Boird Contae CLG a bheith ag caitheamh €40m sa bhliain ar ullmhú foirne contae, mar atá faoi láthair, a deir Cathaoirleach Choiste Contae CLG Dhún na nGall, Máire Ní Chochlainn.
Chuir sí fáilte roimh an suirbhé atá curtha ar bun ag an CLG an tseachtain seo, dírithe ar bhaill an Chumainn, maidir le stádas amaitéarach Chumann Lúthchleas Gael.
Dúirt sí go gcaithfear stádas amaitéarach na heagraíochta a chosaint, agus measann sí gurb in an tuairim láidir atá ag cosmhuintir CLG ar fud na tíre. D'iarr sí ar bhaill na heagraíochta páirt a ghlacadh sa suirbhé atá curtha ar bun ag an CLG agus a dtuairimí a nochta faoin cheist.
Bád farantóireachta
Rachaidh bád úr farantóireachta, an Arranmore Blu i mbun seirbhíse inniu den chéad uair idir Ailt an Chorráin agus Árainn Mhór.
Is le comhlacht farantóireachta Réalt na Maidine an bád úr farantóireachta. Tiocfaidh an Arranmore Blu in áit an Movern, bád a tógadh i 1972 agus a cheannaigh an comhlacht Réalt na Maidine sa bhliain 2009.
Dúirt Louise Uí Bhaoill ó chomhlacht farantóireachta Réalt na Maidine gur thug siad faoi deara go raibh éileamh ar sheirbhís farantóireachta nua aimseartha agus ar bháid níos mó. Beidh searmanas oifigiúil chun an bád a ainmniú ar chéibh Árainn Mhór ar an Aoine an 27ú lá den mhí seo.
Feirmeoirí
Tá breis agus 1,000 feirmeoir a rinne iarratas ar scéim ACRES i mí na Samhna 2022 ag fanacht le híocaíochtaí faoin scéim go fóill, a dúirt Phelim Molloy as Gleann Súilí, Uachtarán Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann.
Tá brú mór airgid ar go leor feirmeoirí de bharr easpa cinnteachta faoi na híocaíochtaí agus cén uair a bheas fuílleach na n-íocaíochtaí á íoc leo, a dúirt an Phelim Molloy. Lena chois sin, dúirt sé go bhfuil 5,400 feirmeoir ag fanacht leis an gcéad íocaíocht i leith 2024 go fóill.
Cúramóirí
Íocfar Deontas Tacaíochta le 5,664 cúramóir i nDún na nGall inniu.
Tá méadú ar ráta an Deontais Tacaíochta Cúramóra i mbliana, ó €1,850 go €2,000.
Tá an deontas seo á chur ar fáil do gach aon chúramóir a chuireann cúram lánaimseartha ar fáil do dhuine aosta nó do dhuine faoi mhíchumas. Go náisiúnta, beidh an deontas seo á fháil ag thart ar 138,000 cúramóir inniu.
Bóithre
Ar mholadh ar rún ón Chomhairleoir Contae Fionán Bradley, tá an Chomhairle Contae chun scríobh chuig an Roinn Tuaithe agus Forbartha Pobail le méadú a lorg ar an liúntas maoinithe a cheadaítear do Dhún na nGall faoi scéim bóithre LIS.
Dúirt an Comhairleoir Bradley go nglacfadh sé dhá bhliain déag an líon bóithre atá ar an liosta feithimh a ghlanadh agus nach bhfuil ciall ar bith leis seo.
Dúirt sé nach gcóirítear ach 6 bhealach in i ngach aon cheantar bardais sa bhliain agus go bhfuil sé tábhachtach seo a réiteach. Dúirt sé go bhfuil 6,270 ciliméadar de bhóithre sa Chontae, 5,000 ciliméadar acu sin ar bóithre áitiúla iad.
Barrscéalta
Bhain an clár irise Barrscéalta Gradam Siamsaíochta ag Féile na Meán Ceilteach, i Newquay i gCorn na Breataine, tráthnóna inné. Bhí Barrscéalta i measc seacht gclár a bhí ar an ghearrliosta do Ghradam Siamsaíochta ag Féile na Meán Ceilteach.
Ba é an clár a craoladh ó Árainn Mhór le linn Fhéile Róise Rua i mí Bealtaine anuraidh, an clár a cuireadh chun tosaigh agus a roghnaigh na moltóirí don ghradam tráthnóna inniu. Ba í Michelle Nic Grianna a láithrigh an clár agus ba é Dónall Mac Ruairí a léirigh an clár.