Scrúduithe

Tá chóir a bheith 5,000 dalta meánscoile i gContae Dhún na nGall ag cur tús le scrúduithe stáit inniu.

2,652 dhalta atá ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach i nDún na nGall, agus 2,072 dalta atá ag tabhairt faoi scrúduithe na hArdteiste. 223 mac léinn atá ag déanamh na hArdteiste Feidhmí sa chontae.

John Sweeney

Gearradh téarma príosúnachta ocht mí dhéag ar fionraí, ar fhear as Dobhar, i nGaoth Dobhair as pornagrafaíocht leanaí a bheith ina sheilbh aige.

Phléadáil John Sweeney, atá trí scór bliain d'aois, as Dobhar, Gaoth Dobhair, ciontach i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn sa chúis a cuireadh ina leith.

Chuardaigh na Gardaí a theach i nDobhar ar an cheathrú lá fichead de mhí Iúil 2019 i ndiaidh eolas a cuireadh ar aghaidh chuig Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta gur cuireadh pornagrafaíocht leanaí in airde ar an idirlíon ó ríomhaire ag an seoladh sin.

Ghlac na Gardaí seilbh ar thrí fhón póca agus ríomhaire sa chuardach. Gabhadh John Sweeney agus tugadh chuig Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach é.

Fuarthas 139 n-íomhá pornagrafaíochta leanaí agus 94 fhíseán ar a ríomhaire agus d’admhaigh sé an méid a bhí ar bun aige.

Dúirt an Breitheamh John Aylmer gur ghlac sé san áireamh gur admhaigh John Sweeney an méid a bhí ar bun aige ó thús agus an líon íomhánna a bhí i gceist sa chás nuair a ghearr sé pianbhreith ar fionraí air.

Denis Donaldson

Deir teaghlach Denis Donaldson, go bhfuil teip iomlán ar an stát ina iarrachtaí a dhúnmharú a fhiosrú mar is ceart agus deir siad go bhfuil siad ag iarraidh go gcuirfí fiosrúchán reachtúil ar bun faoina bhás.

Maraíodh Denis Donaldson ag a theach i gClochar Corr sna Gleanntaí ar an cheathrú lá de mhí Aibreáin 2006 míonna i ndiaidh dó a admháil gur brathadóir de chuid na Breataine a bhí ann le fiche bliain.

Dúirt an dlíodóir Enda McGarrity atá ag feidhmiú thar ceann theaghlach Denis Donaldson go bhfuil a theaghlach ag iarraidh go gcuirfí fiosrúchán reachtúil ar bun ar dhá thaobh na teorann lena fháil amach, ní hamháin cé ba chúis lena dhúnmharú, ach an t-údar nach ndearnadh a é a chosaint níos fearr ag an am go háirithe nuair a fuarthas amach gurbh brathadóir de chuid na Breataine a bhí ann.

D'éirigh le hiarCheannaire Shinn Féin Gerry Adams ar an tseachtain is chuaigh thart sa chás clúmhillte a thug sé in éadan an BBC a mhaígh gur cheadaigh Gerry Adams Denis Donaldson a dhúnmharú.

Deir Gardaí i nDún na nGall go bhfuil an fiosrúchán faoi dhúnmharú Denis Donaldson ag leanúint ar aghaidh agus d’iarr siad ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin chás teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí na nGleanntach.

Ollscoil Teicneolaíochta

Tá cúrsa úr á chur ar fáil ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn le súil aghaidh a thabhairt ar na fadbhanna alcóil atá sa phobal.

Beidh an cúrsa á sheoladh i mBaile Átha Cliath mar chuid den fheachtas náisiúnta atá ar siúl inniu agus amárach le súil an dochar a bhaineann le halcól sa phobal a mhaolú.

Tá dhá cheantar déag páirteach san fheachtas agus tá Leitir Ceanainn i measc na gceantar atá buailte le fadhbanna alcóil, a dúirt an Dochtúir Gráinne Ketelaar atá ina léachtóir in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn agus atá i mbun an chúrsa.

Bunscoil an Bhun Bhig

Tá €65,000 ceadaithe do Bhunscoil an Bhun Bhig i nGaoth Dobhair le bearta sábháilteachta a chur ar fáil ag an scoil, a tugadh le fios don Chomhairleoir Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

Bhí pobal na scoile míshásta nach raibh spás páirceála fóirsteanach ag an scoil agus go raibh sé contúirteach do pháistí agus iad ar a mbealach go dtí an scoil agus ag teacht ón scoil.

Thug Innealtóir na Comhairle Contae, Brenden Mc Fadden le fios gur cheadaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an maoiniú le cuidiú pobal na scoile ag an Bhun Bheag, a choinneáil sábháilte.

Dúradh go ndéanfaí na bearta sábháilteachta a phlé ag an chéad chruinniú eile de cheantar Bardais na nGleanntach.