Otharlann Leitir Ceanainn
Tá a n-ainm curtha ag 171 dhochtúir sa chontae le litir atá seolta chuig an Aire Sláinte Jennifer Carroll McNeill agus cruinniú práinneach á lorg acu faoin mholadh atá déanta ag bainistíocht shinsearach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar agus san Iarthuaisceart mol máinliachta úr a lonnú in Otharlann Shligigh in áit Otharlann Leitir Ceanainn.
Deir na dochtúirí go bhfuil an cinneadh gan mol máinliachta a lonnú i Leitir Ceanainn lochtach agus gan bhunús agus go ndéanfar dochar ollmhór dá bharr.
Tá na dochtúirí ag iarraidh ar an Aire gan cinneadh ar bith a dhéanamh go dtí go ndéanfar scrúdú bunaithe ar fhianaise ar gach rogha agus tá athbhreithniú neamhspleách á lorg acu maidir leis an bhunús a bhí le moladh na Feidhmeannachta Sligeach a roghnú in áit Leitir Ceanainn.
Teachtaí Dála
Thug an Teachta Dála Charles Ward le fios gur chas Teachtaí Dála an chontae le foireann máinliachta Otharlann Leitir Ceanainn tráthnóna inné lena dtacaíocht a chur in iúl dóibh.
Dúirt sé go bhfuil an scéal thar a bheith tromchúiseach agus go gcaithfear mol máinliachta a chinntiú don Otharlann le híosghrádú na hotharlainne a sheachaint.
Tá a dtacaíocht curtha in iúl fosta ag na Teachtaí Dála Pádraig Mac Lochlainn agus Piaras Ó Dochartaigh do dhochtúirí an chontae.
Thug an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh le fios go mbeadh cumas Otharlann Leitir Ceanainn Aonad Éigeandála a reáchtáil agus seirbhísí máinliachta a chur ar fáil amach anseo i mbaol.
Beidh sé tubaisteach d'Otharlann Leitir Ceanainn má lonnaítear an mol máinliachta in Otharlann Shligigh, a dúirt sé.
Cúram Leanaí
Dúirt an Comhairleor Condae Dakota Nic Mheanman go bhfuil géarchéim sa chontae maidir le háiteacha cúraim leanaí.
Dúirt sí ag cruinniú den Chomhairle Contae an tseachtain seo go bhfuil tuismitheoiri ag streachailt áit a fháil dá bpáistí in ionaid cúraim leanaí agus go bhfuil na costais a bhaineann leis na háiteanna seo scannalach.
Dúirt sí fosta go bhfuil deacrachtaí sa chontae mar go bhfuil brící lochtacha i gcuid mhór foirgneamh cúraim leanaí.
Ar mholadh ón Chomhairleoir Nic Mheanman, socraíodh teagmháil a dhéanamh leis an Rialtas agus brú a chur orthu infheistíocht a chur ar fáil in earnáil an chúraim leanaí.
Teach Pobail Mhuire
Tá feachtas bailiúcháin airgid á eagrú ag Cumann Dhún na nGall i Nua Eabhrac le cuidiú Teach Pobail Mhuire i nDoirí Beaga a atógáil.
Dódh Teach Pobail Mhuire go talamh Luan Cásca agus bunaíodh ciste tacaíochta faoi stiúir Ionad Naomh Pádraig i nDobhair.
Tá Cumann Dhún na nGall i Nua Eabhrac ag eagrú lá siamsaíochta i dTeach Tábhairne an Táilliúra in Manhattan ar an Domhnach an dara lá is fiche de Mheitheamh le hairgead a chruinniú do chiste tacaíochta Theach Pobail Mhuire.