Sceilg Mhichíl

Beidh cás bhádóirí na Sceilge faoi bhráid na hArd-Chúirte i mBaile Átha Cliath ar maidin agus iarrachtaí fuascailte ag leanúint ar aghaidh san aighneas idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus na bádóirí a fhágann nach bhfuil cead paisinéirí a thabhairt i dtír ar an gcarraig ó thús na biaiste breis is trí seachtaine ó shin.

Deir bainisteoir Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Áine Uí Bheoláin, nach bhfuil aon ní cloiste ó Oifig na nOibreacha Poiblí acu agus go mbeidh toscaireacht ó thionscal na turasóireachta san Ard-Chúirt níos déanaí ar maidin.

Deir Áine Uí Bheoláin go bhfuil díobháil á dhéanamh ag an aighneas lá i ndiaidh lae do thionscal na turasóireachta in Uibh Ráthach agus go bhfuil drochbhlas fágtha ag an scéal ar fad.

Tránna

Tá foláireamh eisithe ag Comhairle Chontae Chiarraí ag rá go bhféadfadh go bhfuil méadú i líon na bhfrídíní sa sáile ar thránna an chontae, na tránna sa Ghaeltacht san áireamh, de dheasca na báistí troime a thit inné.

Moltar do mhná atá ag iompar clainne, do dhaoine a bhfuil córas imdhíonachta lag acu, nó a bhfuil an craiceann briste acu, an snámh a sheachaint inniu.

Moltar do dhaoine a théann ag snámh, gan an t-uisce a shlogadh, agus a lámha a ní sula mbeidh bia á láimhseáil acu.

Trálaeir

Tá feachtas ar bun i mBeanntraí agus i Neidín ag éileamh go gcuirfí cosc ar trálaeireacht na mbád mór i bpéirí i ngiorracht 6 mhuirmhíle ón gcósta.

Bhí breis agus céad duine ag máirseáil agus ag agóid i lár bhaile Bheanntraí ag an deireadh seachtaine.

Deir lucht na hagóide go bhfuil slad á dhéanamh ag an modh iascaireachta san ar stoc na salán, iasc atá riachtanach mar ábhar bia d'éisc agus d’ainmhithe mara.

Deir siad go mbíonn ceithre phéire bád i mbun an iascaigh anois in Inbhear Scéine agus i mBá Bheanntraí, san áit nach mbíodh ach péire amháin.

Cuireadh cosc in 2018 ar thrálaeireacht na mbád níos mó ná 18 méadar i ngiorracht sé mhuirmhíle den chósta, ach cuireadh an bac ar ceal i 2023, i gcás Ard-Chúirte a thóg na hiascairí Tom Kennedy ón nDaingean agus Neil Minihane ó Bhaile Chaisleáin Bhéarra.

Chuir an rialtas próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun anuraidh ar an gceist agus fuair siad breis agus sé mhíle aighneacht ón bpobal.

I ráiteas deir Roinn na Mara go bhfuil an cás á mheas go cúramach sula ndéanfar cinneadh faoi aon bhac nua.

Supervalu

Tá iarratas ar chead pleanála déanta ag Ollmhargadh Supervalu Uí Ghairbhí sa Daingean chun síneadh a chur leis an siopa.

Tá siad ag lorg cead ar an gComhairle chun foirgneamh ar Ionad na bPoll sa Daingean a leagan, síneadh a chur leis an siopa ar an mbunúrlar agus síneadh a chur leis an gcéad urlár chun árasán agus spás oifige a fhorbairt ann.

Teastaíonn uathu chomh maith leibhéal an dín a athrú agus athruithe uasghrádaithe a dhéanamh taobh amuigh d’fhoirgneamh Uí Ghairbhí sa Daingean.

Leathanbhanda

Tá cead pleanála á lorg ag an gcomhlacht Náisiúnta Leathanbhanda, chun crann cumarsáide nua a fheistiú i gCléire.

Tá NBI meáite ar chrann 12 mhéadar ar airde a chur ina sheasamh sa Chomalán, agus miasa raidió socruithe air, chun nasc a chruthú idir líonra leathanbhanda an oileáin agus an líonra snáithín optaigh ar an míntír.

Tá an obair seo beartaithe faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, agus tá go dtí tráthnóna Dé Máirt seo chugainn ag an bpobal a dtuairimí féin a chur in iúl do Chomhairle Chontae Chorcaí.

Séarachas

Tá turasóirí ag fiafraí de ghnónna ar Shráid an Dhoirín agus ar Shráid na Trá sa Daingean an bhfuil fadhbanna acu lena gcóras séarachais, mar go mbíonn droch-bholadh sna bolaí úd.

An Clr Roibeard Ó Brosnacháin a dúirt an méid sin ag cruinniú den cheantar bardasach le déanaí, agus é ag éileamh go scríobhfaí ag Uisce Éireann ar lorg míniú faoi fhadhbanna leis an gcóras fuíolluisce sa Daingean, fadhbanna a tharlaíonn ró-mhinic ar fad a dúirt sé.

Tá an Chomhairle chun an scéal a fhiosrú le hUisce Éireann.